Seans go ndéanfaidh Jo Malone coinneal chumhra le boladh na móna lá éigin

Níl pioc cumha ormsa i ndiaidh ‘laethanta órga’ ar an bportach – tá an mhóin ar an ábhar tine is nimhiúla ar fad ó thaobh gráinníní de

Seans go ndéanfaidh Jo Malone coinneal chumhra le boladh na móna lá éigin

Ní bheidh an t-eagarthóir in ann ‘Ag Seasamh an Fhóid’ a chur mar cheannteideal ar an bpíosa seo toisc nach bhfuilim á dhéanamh sin. Aithnímse go bhfuil deireadh ré ann.

Níl pioc cumha ormsa i ndiaidh na ‘laethanta órga’ ar an bportach – an buidéal tae fuar sa chiseán, na míoltóga, an obair chrua, an argóint faoi chaighdeán na móna. Tá an ré sin caite, ar nós go leor eile.

Rinne mise mo phrintíseacht ar phortaigh Bhealach an Doirín agus ina dhiaidh sin, nuair a bhog mé go Gaillimh agus mé im’ chónaí i nDoire Locháin Thoir, bhí mé fós ag plé le móin. Ar dtús, bhí cúlchoire nó ‘back boiler’ againn. Más buan mo chuimhne, thug an Rialtas deontas, nó b’fhéidir gur chruthaigh siad reachtaíocht faoina gcaithfeadh gach teach nua ceann acu sin a bheith acu. Bhíodar ag iarraidh an riachtanas ola a laghdú ag an am.

Ansin, tamall ina dhiaidh sin, nuair a bhíomar ag éirí an-nua-aimseartha ar fad, thosaigh daoine ag ceannach sorn a mbeadh teas, gléas cócaireachta agus teas lárnach as. Nach mé a bhí bródúil as mo ‘Super Stanley’ a raibh sé cinn de radaitheoirí ag oibriú as. Ach teas lag, nár sheas i bhfad, a bhí sa teas ‘lárnach’ céanna. Agus ná ceap go raibh uisce te agus teas lárnach agat –  bhí ceann nó an ceann eile ar fáil ón tine mhóna.

Is cuimhin liom leoraí móna a cheannach gach Meán Fómhair. Thart ar cheithre chéad punt (€520.00) a bhíodh sé. Agus ansin bheadh ort fear le leoraí a híreáil a thabharfadh an mhóin ag do theach.

Thugadh fear as an gCoilleach, Larry Ó Curraoin, an-chúnamh agus comhairle dom san obair seo. Bhíodh sé an-phointeáilte faoi cén méid ‘róití’ [rónna] a bhíodh mé a fháil. Anois, b’in téarma nach raibh ar eolas agam roimhe sin. Ach chiallaigh sé cé mhéid ró nó sraith móna a chuirtí ar bharr an leoraí nuair a bhí sé luchtaithe.

Ní raibh an obair ach tosaithe ansin. Ní raibh aon ghá le ióga ná ‘pilates’ na laethanta sin, má bhí lán leoraí móna le cur sa tseid agat.

Caithfidh mé a admháil go raibh buntáistí áirithe le baint as an taithí sin ar fad. Nuair a thosaigh mé ag obair sa teilifís, thug sé an-ábhar cainte dom nuair a bhíodh mé ag iarraidh daoine a chur ar a suaimhneas roimh agallamh nó a leithéid. ‘Tugaim faoi deara go bhfuil an Stanley Nine agaibh – an bhfuil sé chomh maith leis an Super Stanley, an gceapfá?’

Anois táim im’ chónaí i mBaile Átha Cliath le hos cionn 20 bliain. Ní airím uaim an mhóin, an súiche, an luaithreach, an síor-iompar ciseán, an brú ar an gcnámh droma. Airím uaim an boladh, b’fhéidir ach seans go ndéanfaidh Jo Malone coinneal chumhra de lá éigin amach anseo.

Anois ó chuimhním ar na laethanta sin, tá rudaí eile nach n-airím uaim agus ní thugaim faoi deara go bhfuil daoine ag cailleadh an bhloc dá n-uireasa, ag caoineadh na seanlaethanta.

Bhí an tír breac le málaí plaisteacha uair amháin. Bhíodar sáinnithe ar gach fál sreinge ar fud na tuaithe. Bhíodar i ndraenacha, ar an mbóthar, ar an trá agus ag milleadh gach radharc turasóireachta. Tá mé cinnte go raibh argóint ann go raibh siad ag teastáil ó sheandaoine. Dúradh nach gceannódh daoine na málaí fadsaoil. Bheadh na monarchana málaí plaisteach scriosta, a dúradh.

An airíonn muid uainn iad ón tírdhreach?

Má bhreathnaíonn tú ar sheanscannán a bhfuil tarracóir ann, tabharfaidh tú faoi deara nach bhfuil aon chosaint ar bharr an tarracóra (tugtar barraí rollála nó ‘roll bars’ orthu).

Bhí an oiread sin timpistí feirme ag tarlú agus feirmeoirí maraithe toisc go rabhadar sáinnithe faoin tarracóir, nó gur tugadh dlí isteach faoina gcaithfeadh a leithéid a bheith feistithe ar an tarracóir feasta.

Agus rinne an Teachta Dála Dara Calleary iarracht dlí a thabhairt isteach maidir le ‘quad-rothair.’ Ach bhí deacracht faoi bharraí den chineál sin a fheistiú ar na quadrothair toisc go gcaithfeadh an tiománaí crios sábhála a úsáid in éindí leis, nó bheadh an barra é féin contúirteach.

Crios sábhála, a deir tú. An dtugann sé sin ‘back’ tú? Is cuimhin liom go raibh argóint mhór fúthu sin nuair a bhí an dlí á thabhairt isteach. B’fhéidir go raibh daoine ag iarraidh na seancharranna gan chrios a choinneáil ag imeacht ‘ar son na seandaoine’ freisin.

Bíonn an seandream an-úsáideach sna hargóintí seo ar fad, tugaim faoi deara. Chuala mé ceoltóir ar an raidió an lá cheana ag caint faoi na laethanta nuair a bhíodh sé féin agus a chomhcheoltóirí plúchta agus iad ag casadh ceoil sna pubanna.

Tarraingíodh amach na seanleads an t-am sin, nuair a bhí an dlí faoi thobac á athrú. Rinneadh leithscéal mór faoi na créatúir bhochta nach raibh mórán sóláis fágtha acu sa saol ach an pionta agus an ‘fag’.

Bhí contúirt chomh mór ann an t-am sin go mbrisfeadh na seanleads agus coirpigh mhóra eile, imreoirí ‘25’ agus a leithéidí, an dlí nua, gur ceapadh slua mór cigirí chun muid a choinneáil faoi smacht. Bheadh an dlí le cur ar éinne a chaithfeadh gal taobh istigh agus ar aon tábhairneoir a thógfadh foirgneamh nó síneadh le síleáil do na tobac-choirpigh.

Céard a tharla, ach d’iompaigh muid ar fad ina gcigirí thar oíche. Ní raibh aon ghá leis na ‘géigéirí’ nua-aoiseacha toisc go raibh an pobal ag faire amach d’aon duine a chaithfeadh gal san áit mhícheart.

Is beag tír san Eoraip nár lean ár sampla san iarracht sin. Baineadh siar asam cúpla bliain ó shin nuair a shiúil mé isteach i mbialann san Ostair agus bhí boladh an tobac le fáil ar an bpointe. ‘Ó tá spás ar leith againn do dhaoine nach gcaitheann,’ a dúirt bainisteoir an tábhairne liom.

An cuimhin libh nuair a bhí ‘spás ar leith’ ann in eitleáin don dream a bhí ag iarraidh toitín a chaitheamh? Ag ligean orainn nár thaistil an deatach ar fud na háite, ar aon chuma. Is cuimhin liom féin blianta sular tháinig an ‘cosc’ isteach, nuair a d’iarr duine san oifig a raibh mé ag obair inti, go gcaithfeadh daoine a gcuid toitíní taobh amuigh den oifig? Nach aici a bhí an muineál, ag súil go ngabhfadh daoine amach as an gcompord agus go stopfadh siad den obair fhad is a bhí an ‘fag’ á chaitheamh acu? Bhí sé ina chlampar.

An dtabharfadh éinne na málaí plaisteacha ar ais? Ar mhaith libh na tarracóirí contúirteacha a fheiceáil ar fheirmeacha arís? An dtaitneodh an pub plúchta leat agus boladh na ‘Sweet Aftons’ ar do chuid éadaí go brách?

Deir na dochtúirí linn go bhfaigheann 1,300 duine bás in aghaidh na bliana in Éirinn de bharr truailliú aeir agus go bhfuil an mhóin ar an ábhar tine is nimhiúla ar fad ó thaobh gráinníní de.

Thóg polaiteoirí cinntí misniúla san am a caitheadh chun sláinte an pobail a chosaint – an bhfuil an misneach sin imithe anois?

Fág freagra ar 'Seans go ndéanfaidh Jo Malone coinneal chumhra le boladh na móna lá éigin'

  • Pól

    Seans ann go ndéanfaidh, ach idir an dá linn coinneoidh mé teas sa teach leis an tine mhóna go dtí go gcuirfear rud eicint eile ar fáil ar phraghas a bheidh mé in ann a íoc.
    Ní féidir dlí na mbarraí sábháilte a chur i gcomparáid leis an móin…

  • Bertie

    Alt iontach suimiúil, uaireanta is fiú seasamh siar chun an pictiúr mór a fheiceáil. Chaith mé féin laethanta m’óige ar an bportach gar go leor do Bealach an Doirín freisin agus go deimhin mo chuid déanta anseo agam i gCois Fharraige le blianta anois. Tá an saol ag athrú an t-am ar fad agus – ‘Ní fhanann trá le fear mall’!