Seans go mbeidh rás chúige Mumhan rite i ndiaidh a gcuairt ar Racing

Rachaidh na cúigí go léir chun páirce i mBabhta 5 de Chorn na gCuradh inniu agus amárach

Seans go mbeidh rás chúige Mumhan rite i ndiaidh a gcuairt ar Racing

Chuir an bua iontach a bhí ag Cúige Laighean agus ag Cúige Uladh sa Pro 14 an deireadh seachtaine seo caite deireadh leis an tsraith cluichí idirchúige don gheábh seo. Sraith í nach raibh ró-iontach do na Muimhnigh, foireann a chaill péire de na trí chluiche ná do na Connachtaigh a chaill na trí cinn acu.  

Anois caithfidh na ceithre chúige na cluichí sin a chur as a gcloigeann agus a n-aird ar fad a dhíriú ar an dá bhabhta de Chorn na gCuradh a bheas á n-imirt le linn na coicíse seo atá amach romhainn.

Rachaidh na hUltaigh agus na Connachtaigh chun páirce i mBabhta 5 an Satharn seo, agus cé gur i gcoinne Toulouse, iarchuraidh an chomórtais, a bheidh fir na Gaillimhe ag imirt, is ar an mBóthar Beag a bheas an cluiche sin rud a thugann leathsheans d’fhoireann Andy Friend.  

Mar sin féin is mór an dúshlán atá roimh fhoireann na Gaillimhe, foireann nár bhuaigh ach dhá chluiche as ceithre chluiche sa gcomórtas go dtí seo, i gcomparáid leis na ceithre bhua as ceithre chluiche atá cláraithe ag foireann na Fraince. Deich bpointe atá idir na foirne seo i nGrúpa a 5 agus más leis na Connachtaigh aon seans a thabhairt dóibh féin agus iad ag taisteal go Montpellier faoi cheann seachtaine, caithfidh siad rud éigin fónta a fháil as cluiche an lae inniu.

Seans gur rómhór an dúshlán sin dóibh, go háirithe agus an liosta fada imreoirí gortaithe atá acu faoi láthair. Cé nach féidir sprid agus crógacht na gConnachtach a chur as an áireamh, beidh an t-ádh leo murar greadadh eile atá i ndán dóibh inniu.

Beidh sprid agus crógacht de dhíth ar na hUltaigh freisin agus iadsan ag imirt in Clermont na Fraince agus foireann ina gcoinne nach bhfuil ach pointe amháin taobh thiar díobh i nGrúpa 3.

Is cinnte gur ábhar mór dóchais do na hUltaigh an bua iontach (38–7) a bhí acu ar Chúige Mumhan seachtain ó shin, ach is i mBéal Feirste a imríodh an cluiche sin. Scéal eile a bheas againn inniu, ach má fheictear ó na hUltaigh an tsar-imirt a chonaic muid uathu le cúpla seachtain agus sa gcomórtas seo – cuimhnigh nár chaill siad ceann ar bith de na ceithre chluiche atá imeartha acu – is cinnte go bhfuil seans acu.

Beidh gá le tuilleadh den imirt iontach a chonaic muid ó Cooney agus Stockdale más leo an lá a thabhairt leo.

Amárach a bheas an dá chúige eile, Mumhain agus Laighin ag dul chun páirce. Caithfidh na Muimhnigh dul go Páras le himirt i gcoinne Racing 92, ceann de na foirne atá ina rogha na coitiantachta sa gcomórtas seo. Ón imirt a chonaic muid ó na Muimhnigh le cúpla seachtain anuas, is cinnte go mbeidh siad faoi bhrú damanta pointe amháin féin a thabhairt slán abhaile leo. Seans go mbeidh gá le níos mó ná sin más le foireann Luimnigh seans a bith a thabhairt dóibh féin na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Is deacair a fheiceáil go mbeidh na Muimhnigh in ann na deacrachtaí a tháinig chun solais le cúpla seachtain a shárú amárach. Faraor, cé gur dona liom é a rá, d’uireasa Joey Carbery is maith an seans go mbeidh rás na Muimhneach sa gcomórtas Eorpach rite an deireadh seachtaine seo, fiú agus go bhfuil cluiche eile le himirt acu faoi cheann seachtaine.

Ní hionann an cás ag na Laighnigh agus iad ag cur fáilte chuig an RDS roimh Lyon na Fraince, foireann a bhuail siad (13-6) sa bhFrainc i mBabhta 2. Tá foireann Leo Cullen cinnte dá n-áit sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin agus is deacair bua a thuar do na cuairteoirí, foireann atá as an gcomórtas ag an tráth seo.

Sea, bua éasca eile sa mbaile d’fhoireann Átha Cliath, foireann nár chaill cluiche ar bith ó thús an tséasúir. Níl d’eolas uainn anois ach cén bhearna scóir a bheas ann agus cé mhéad úd a aimseoidh Cúige Laighean.

Fág freagra ar 'Seans go mbeidh rás chúige Mumhan rite i ndiaidh a gcuairt ar Racing'