Seans ar bith go gcuirfidh fógraí teilifíse stop le barbarthacht gheiteonna an Tuaiscirt?

Fiche bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta tá líon na n-ionsaithe ar dhá thaobh na deighilte an-ard

Seans ar bith go gcuirfidh fógraí teilifíse stop le barbarthacht gheiteonna an Tuaiscirt?

“Tá an t-ionsaí ar fhear óg aréir cáinte ag A,B,C agus D. Tuairiscítear nach bhfuil an t-ógánach i mbaol báis ach go mairfidh rian a ghortuithe air ar feadh a shaoil.”

Ní mar sin go díreach a bhíonn na ceannlínte nuachta mar bíonn ainmneacha an lucht cáinte ann chomh maith le hainm na háite inar tharla an eachtra – geiteo náisiúnach nó dílseach i mBéal Feirste, Doire nó oirthear Aontroma go hiondúil.

Tuigeann pobal an tuaiscirt go maith cad a tharla agus ní bhíonn aon ghá le míniú breise. ’Séard is brí leis go ndearna paraimíleataigh ‘ionsaí pionóis’ ar an bhfear óg.

Póilíneacht nó riar na córa à la na tiarnaí áitiúla is ea an bharbarthacht seo, coiriúlacht a bhfuil méid éigin tacaíochta aici sa gcomharsanacht.

An tseachtain seo fuair Anna Burns, údar a rugadh agus a tógadh in Ard Eoin, duais an Man Booker as a húrscéal The Milkman a scrúdaíonn ansmacht na bparaimíleatach i bpobal beag. Comhtharlúint é gur seoladh feachtas poiblíochta an tseachtain chéanna in éadan ghné ar leith den tíorántacht atá faoi chaibidil ag Burns – na hionsaithe pionóis. ‘Ending the Harm: Paramilitaries Don’t Protect You, They Control You’ is teideal don bhfeachtas.

’Sí an Roinn Cirt i Stormont atá freagrach as an bhfeachtas agus tá tacaíocht aige ón PSNI. Tugann na fógraí teilifíse chun cuimhne cuid de na cinn a úsáidtear chun tathant ar dhaoine a bheith sábháilte ar na bóithre. Tá siad fíorscanrúil, máthair ag tabhairt a mic ag an gcoinne leis na paraimíleataigh atá ar tí é a lámhach sna glúine agus an eachtra sin trí shúile daoine eile. Is féidir breathnú ar na fógraí agus ar na póstaeir agus eolas eile anseo.

Fiche bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta tá líon na n-ionsaithe ar dhá thaobh na deighilte an-ard. Ionsaíodh suas le ceithre scór go leith (87) le bliain. Rinneadh ionsaithe lámhaigh ar 22 agus tugadh léasadh is batráil do 65 duine, dar leis an PSNI. Buíonta poblachtánacha a bhí ciontach as 21 de na heachtraí lámhaigh agus as 15 ionsaí eile.

Bhí dílseoirí freagrach as 50 greadadh agus as ionsaí lámhaigh amháin. Tá a nósanna chomh seanbhunaithe anois go nglacann an pobal leis gur ionsaí poblachtánach é más le gunna é agus gur dílseoirí a bhí taobh thiar de nuair is batráil a bhíonn i gceist, ach ar ndóigh bíonn eisceachtaí ann. Ionsaithe uafásacha iad go léir agus ionsaíodh 417 duine le cúig bliana anuas.

Sin 417 den aos óg abhus a mbeidh drochthionchar ag ionsaí ar a sláinte, idir chorp agus mheabhair, ar feadh a saoil. Nílim ag rá nach ndéanann na daoine óga seo aon cheo as bealach. Gan dabht tá cuid acu ciontach as iompar frithshóisialta, gadaíocht carranna agus tiomáint chontúirteach, úsáid drugaí, ólachán ar an tsráid agus an gleo agus liúraíl a ghabhann leis. Tá a thuilleadh ‘ciontach’ as drochmheas ar na paraimíleataigh (coir thromchúiseach) agus fuair fear i dtuaisceart Bhéal Feirste bás de dheasca a ‘phionóis’ ar an gcúis sin.

Ina theannta sin áirítear go mbaineann cuid de na hionsaithe le hiomaíocht i measc coirpeach, i dtaca le drugaí go háirithe.

Is iad an PSNI agus na cúirteanna ba cheart a bheith ag déileáil le coireanna agus ní hiad na paraimíleataigh. Cuireann na hionsaithe pionóis alltacht ar an gcuid is mó den phobal ach ní mór a rá go dtugann roinnt tacaíocht dóibh. Mhaígh an Roinn Cirt nuair a bhí an feachtas poiblíochta á sheoladh acu gur sheas 35% den phobal leis an gcleachtas seo.

I measc an 35% sin tá na daoine a dhéanann teagmháil le paraimíleataigh ina gcomharsanacht ag iarraidh orthu duine óg, a ainmníonn siad, a smachtú. Ar an taobh poblachtánach is daoine iad sin nach bhfuil muinín acu san PSNI. Seans maith, fearacht na n-easaontóirí poblachtánacha paraimíleata, nach raibh siad riamh toilteanach glacadh leis an tseirbhís phóilíneachta. Bhainfeadh sé croitheadh asat oiread daoine a chosnaíonn ‘an tseirbhís smachta’ seo ó pharaimíleataigh nó atá ar nós cuma liom faoi. Údar mór buartha is ea é go bhfuil daoine chomh scanraithe sin go ndéanann siad an duine óg a thionlacan go dtí a ionsaitheoir. Faitíos faoin íde a bheadh i ndan don teaghlach ar fad mura ndéanfaí rud ar na paraimíleataigh is siocair leis sin.

Cé chomh héifeachtach is a bheidh an feachtas fógraíochta in aghaidh na barbarthachta? Rinne mé suirbhé beag neamh-eolaíochtúil agus níorbh údar uchtaigh é an méid a chuala mé. Ní raibh aithne agam ar na daoine a cheistigh mé. Dúirt triúr go raibh na pictiúir chomh huafásach sin nach raibh siad in ann féachaint orthu. Dúirt beirt nach raibh tada ar eolas acu faoi. Dhiúltaigh ceathrar aon rud a rá. Mhaígh scata daoine óga go raibh a fhios sna geiteonna nach dtiocfadh an PSNI ina ngaobhar go dtí go mbeadh an dochar déanta. Nuair a dúras leo gur mheas an PSNI nach bhféadfadh siadsan déileáil leis ina n-aonar gan chabhair ón bpobal, rinne siad gáire searbh.

Fág freagra ar 'Seans ar bith go gcuirfidh fógraí teilifíse stop le barbarthacht gheiteonna an Tuaiscirt?'

  • Carraig

    Ní thagaim leis an droch-íde uafásach sin a thugtar ar ghaigí óga. Ach níl aon fhreagra dlíthiúil ann chun an bhligeardaíocht fhrithshóisialta agus chun reic drugaí i measc an aosa óig a chomhrac. Is fuirist easpa suime na bpóilíní a mhilleánú ach tá siad sin ar adhastar ag an dlí. “Ceard is féidir a dhéanamh chun coirpigh óga (13-17 d’aois) a smachtú?” deir siad. Teip sa chóras dlí agus tromfhaillí na dtuismitheoirí is cúis leis an ráig seo. Bláthaíonn fórsaí an oilc sa bhfolús.