Seans ag Sasana an Ghearmáin a mharú le leadrán

Is é an cluiche idir Sasana agus an Ghearmáin ceann mór an lae inniu ach tabharfaidh an tSualainn agus an Úcráin aghaidh ar a chéile níos deireanaí freisin

Seans ag Sasana an Ghearmáin a mharú le leadrán

Bainisteoir Shasana, Gareth Southgate. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Sasana v An Ghearmáin – 5pm

Cluiche ceannais Chorn an Domhain 1966 an uair dheireanach a bhfuair Sasana an ceann is fearr ar an nGearmáin i mórchomórtas sacair. Chas na foirne ar a chéile i gcomórtais ceithre huaire ó shin agus tá gach ceann acu buaite ag an nGearmáin – 1970, 1990, 1996 agus 2010.

Bhí mí-ádh ar na Sasanaigh i gcuid acu, chaill siad ar chiceanna éirice sa dá chluiche sna nóchaidí agus sciobadh cúl ó Frank Lampard 11 bliain ó shin nuair nach bhfaca an réiteoir go raibh an liathróid imithe trasna na líne.

Seans gurb é cluiche an lae inniu an deis is fearr atá ag Sasana na sean-naimhde a bhualadh ón gcluiche sin i 1970 nuair ba iad curaidh an domhain.

Thuas seal, thíos seal a bhí na Gearmánaigh go dtí seo sa chomórtas. Bhíodar lag go maith in aghaidh na Fraince agus in aghaidh na hUngáire ach thug siad ceann de na taispeántais is fearr go dtí seo ag EURO 2020 nuair a bhuaigh siad 4-2 ar an bPortaingéil.

Bhí cúlaithe cliatháin na Gearmáine, Joshua Kimmich agus Robin Gosens, ar fheabhas sa chluiche sin ach an fhadhb atá ag Joachim Löw nach dtabharfaidh na Sasanaigh an spás céanna don bheirt sin is a thug na Portaingéalaigh.

D’imir an Phortaingéil le ceathrar cosantóirí sa chluiche sin, rud a thug deis do Kimmich agus Gosens brú suas an pháirc, rud a d’fhág go bhféadfá a rá go raibh cúigear tosaithe ag an nGearmáin uaireanta agus gan ach ceathrar Portaingéalach ann chun iad a mharcáil.

Ní bheidh an spás céanna ar na cliatháin don Ghearmáin anocht agus caint ann go mbeidh Gareth Southgate ag filleadh ar an gcóras 5-2-3. Más iad Luke Shaw agus Reece James a roghnaítear, bí cinnte go mbeidh treoir faighte acu súil ghéar a choinneáil ar Kimmich agus Gosens.

Meastar go dtabharfaidh Southgate deis eile do Bukayo Saka tráthnóna tar éis d’imreoir Arsenal an-taispeántas a thabhairt in aghaidh Phoblacht na Seice. Drochsheans nach bhfaighidh an bainisteoir áit do Raheem Sterling agus Harry Kane, rud nach bhfágfadh áit do Phil Foden, Jack Grealish ná Mason Mount i measc na n-ionadaithe.

Beidh Southgate ag iarraidh go dtiocfaidh Saka agus Sterling i dtír ar an gcoisíocht atá acu agus iad i gcoinne chosantóirí na Gearmáine atá sách mall. Má bhíonn na cúlaithe cliatháin ag dul ar an ionsaí, fágfar bearnaí taobh thiar díobh.

Ní raibh na Sasanaigh thar mholadh beirte go dtí seo sa chomórtas ach an oiread, cé gur bhuaigh siad péire dá gcuid cluichí agus chríochnaigh ceann eile ar comhscór. Níor scóráil siad ach dhá chúl sna trí chluiche sin agus níor aimsigh siad an sprioc ach le cúig iarracht san iomlán, níos lú ná beagnach gach foireann eile ag EURO 2020.

D’fhéadfadh gur chun a leasa a rachaidh stíl choimeádach Southgate sa chuid seo den chomórtas agus deis acu na Gearmánaigh a mharú le leadrán.

An tSualainn v An Úcráin – 8pm

Ní i gcónaí a choinnítear an fíon is fearr go dtí an deireadh agus taobh amuigh dá ndílseoirí sa tSualainn agus san Úcráin, is beag suim a chuirfear sa chluiche seo le hais ceann Shasana in aghaidh na Gearmáine. Mar sin féin tar éis cúpla cluiche iontach na hoíche aréir, beidh leisce ar dhaoine dul sa seans agus b’fhéidir cluiche maith eile a chailleadh anocht.

Tháinig an tSualainn aniar aduaidh ar go leor daoine go dtí seo sa chomórtas. Chríochnaigh siad sa chéad háit i ngrúpa deacair go leor. Comhscór a bhí acu in aghaidh na Spáinne sa chéad bhabhta agus bhuadar ansin ar an tSlóvaic agus ar an bPolainn.

Foireann chosantach go maith iad agus ní raibh aon fhoireann eile sa chomórtas a raibh níos lú seilbhe acu ar an liathróid (29.6% in aghaidh an chluiche ar an meán) ná a rinne níos lú pasanna (591) ná na Sualannaigh.

Den chéad uair riamh tháinig an Úcráin slán ó bhabhta na ngrúpaí ag mórchomórtas. Is a bhuíochas do bhua na Sualainne ar an bPolainn a fuair siad áit sa chluiche seo, mar a tharla sé.

Tá sé deacair léamh a fháil ar an bhfoireann go dtí seo. Bhí siad go hainnis ar feadh cuid mhaith den chluiche in aghaidh na hÍsiltíre ach bhí mí-ádh orthu ansin gan comhscór a fháil. Bhí an Úcráin cumasach in aghaidh na Macadóine ach is beag nár thug siad seans dá gcéilí comhraic teacht ar ais sa chluiche agus bhí siad go dona arís in aghaidh na hOstaire.

Beidh brú ar Andriy Yarmolenko agus Roman Yaremchuk aon seans a fhaigheann na hÚcránaigh anocht a thapú ach is beag spás a thabharfaidh na Sualannaigh dóibh.

Fág freagra ar 'Seans ag Sasana an Ghearmáin a mharú le leadrán'

  • Fearn

    Cinnlíne ar dóigh, a dheartháir!

  • Ciarán

    Ceannlíne iontach. Tá tuilleadh leadráin in ann dúinn, is cosúil….

  • Ciarán

    Ceannlíne iontach. Tá tuilleadh leadráin i ndán dúinn, is cosúil…