Seans ag na Tiobraid Árannaigh a mianach a thástáil i gcoinne na foirne is fearr sa tír

I gcluichí leathcheannais na sraithe iomána, tabharfaidh Tiobraid Árann aghaidh ar Luimneach anocht agus beidh Cill Chainnigh á fhéachaint le Corcaigh amárach

Seans ag na Tiobraid Árannaigh a mianach a thástáil i gcoinne na foirne is fearr sa tír

ake Morris. Pictiúr: Ryan Byrne

Is dóigh go ndeachaigh cluichí an deireadh seachtaine seo caite mar a cheapamar a rachaidís. An deireadh seachtaine seo tá ceithre fhoireann fós san iomaíocht i Roinn 1 agus dhá chluiche leathcheannais le himirt .

Is dóigh liom go mbeidh na ceithre fhoireann sin ag dul chun páirce agus fonn buachana orthu agus an triúr bainisteoirí nua go háirithe ag iarraidh an corn seo a fháil ina gcéad séasúr. Beidh an seanfhondúir John Kiely ag iarraidh cur leis an gcarn mór corn atá buaite faoina stiúir. Tá fealsúnacht Brian Cody ag Kiely maidir leis an mbua – is maith leis gach comórtas a bhuachan.

Bheinn ag ceapadh, go dtí seo i mbliana, gurb iad Tiobraid Árann an contae is fearr i Roinn 1 na sraithe. Tá gearradh agus faobhar ag baint lena gcuid imeartha agus an-dúil acu sna cúil (14 atá scóráilte acu). Tá Luimneach mar fhreasúra anocht acu agus seans ag na Tiobraid Árannaigh a mianach a thomhas i gcoinne na foirne is fearr sa tír. Beidh sé suimiúil féachaint conas a chuireann siad chun páirce. Tá an chuid is mó de lucht anailíse na hiomána den tuairim go bhfuil cuid mhaith scáthdhornálaíochta ar siúl ag na foirne a d’imir Luimneach i mbliana agus nach bhfuil siad toilteanach na teaicticí craoibhe a nochtadh go dtí go dtagann uair na cinniúna. Cad a dhéanfaidh na Tiobraid Árannaigh anocht? Is dóigh go leanfaidh siad ar aghaidh leis na teaicticí céanna atá á n-úsáid ó thús na sraithe, teaicticí a bhfuil ag éirí go maith leo go dtí seo. Táimid ag druidim an-ghar don chraobhchomórtas agus tá bainisteoirí an-ghar do bheith ar an eolas faoi cén cúigear déag (nó ba cheart go mbeadh) a thosnóidh an chéad chluiche craoibhe sin i gceann míosa.

Tá gortuithe ag cur isteach ar chaon chontae agus bíonn i gcónaí, go háirithe agus na cluichí craoibhe ag teacht tiubh te i ndiaidh a chéile.

Ach, mar atá le tamall, is iad Luimneach atá chun tosaigh agus tá rudaí ag dul go maith dóibh don tréimhse seo bliana agus na piardaí móra go léir acu beagnach réidh. Chonaiceamar Diarmaid Byrnes agus Aaron Gillane ag filleadh agus Declan Hannon agus Mike Casey ag teacht ar ais ó ghortuithe. Ó nár bhreá le gach contae eile ceathrar mar sin a fheiceáil ag filleadh díreach in am don chraobh? Sea, cé go bhfuilimid ag scríobh faoi chúrsaí sraithe an deireadh seachtaine seo, beidh gach cor agus casadh as seo amach dírithe ar chraobh 2023.

Maidir leis an gcoimhlint seo idir Luimneach agus Tiobraid Árann bheinn ag ceapadh go mbeidh iomaíocht ghéar ann.

Tá stair fhada idir an dá chontae agus ní maith le ceachtar acu mórán a ghéilleadh dá chéile. Beidh sé amhlaidh arís anocht.

Sa chluiche leathcheannais eile tabharfaidh Corcaigh faoi Chill Chainnigh i Páirc Uí Nualláin amárach.

Ceapaim go bhfuil an dá chontae seo sásta go leor leis an dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo ach de bharr gortuithe agus rudaí eile ní dóigh liom go bhfuil na bainisteoirí cinnte faoina bhfoirne craoibhe fós. Maidir le Corcaigh is féidir a rá go mbeidh imreoirí ag tosú sa chraobh den chéad uair agus seans nó dhó eile fágtha ag cúpla imreoir a léiriú do Pat Ryan go bhfuil siad ullamh. Tá a lán daoine nua ag Corcaigh i mbliana ach bhí mórán leantóirí sásta Seamus Harnedy a fheiceáil ar ais ar an bhfoireann i gcoinne an Chláir seachtain ó shin.

Is dócha go bhfuil cúpla cinneadh fós le déanamh ag Derek Lyng faoi cé a bheidh ar fhoireann na craoibhe aige. Ach oiread le Pat Ryan is fearr an t-eolas a bheidh aige oíche amárach agus, dar ndóigh, beidh lá eile ag an mbuaiteoir. Is deacair a rá cé leis a bheidh an bua. Nílim róchinnte faoin dá chontae fós. Tá tús sásúil go leor déanta ag an dá fhoireann faoin mbainistíocht nua ach tá píosa le dul fós acu, déarfainn.

Fág freagra ar 'Seans ag na Tiobraid Árannaigh a mianach a thástáil i gcoinne na foirne is fearr sa tír'