Seans ag Maigh Cuilinn tús a chur le ré nua

Agus Cora Finne cloíte faoi dheireadh, beidh deis ag cumann eile Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe a thabhairt leo den chéad uair ó 2012

Seans ag Maigh Cuilinn tús a chur le ré nua

Dessie Conneely. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Maigh Cuilinn v An Creagán-Maigh Locha – Staid an Phiarsaigh, 4.00i.n.

Den chéad uair ó d’imir Carna-Caiseal sa chluiche ceannais in 2005, tá foireann Ghaeltachta ar ais i mórchluiche peile na Gaillimhe agus fir Mhaigh Cuilinn ag tabhairt aghaidh ar an gCreagán-Maigh Locha inniu i Staid an Phiarsaigh.

Tháinig deireadh le tréimhse cheannais Chora Finne seachtain ó shin nuair a fuair an Creagán-Maigh Locha an ceann is fearr ar sheaimpíní na hÉireann, a raibh seacht gcraobh as a chéile buaite acu i nGaillimh.

Fágann an toradh sin gurb iad an Creagán-Maigh Locha rogha na coitiantachta do chluiche ceannais an lae inniu ach ní bheidh imreoirí Mhaigh Cuilinn ina maidríní lathaí acu, ná baol air. Idir óg agus aosta atá ar fhoireann Chonamara. Cé go bhfuil Mark Lydon agus Gareth Bradshaw ina seanfhondúirí faoin tráth seo, tá glúin nua tagtha chun cinn i Maigh Cuilinn le blianta beaga anuas agus is peileadóirí cumasacha iad uile.

Tá geansaí na Gaillimhe caite ag Dessie Conneely, James McLaughlin, Daniel Cox agus ag na deartháireacha Kelly, Seán agus Paul, le cúpla bliain anuas agus gaiscí déanta acu d’fhoirne faoi aois nó don fhoireann shinsir.

Is é Conneely captaen na foirne i mbliana agus cé nach bhfuil sé ard, naoscaire ceart atá ann. Tá 4-29 aimsithe go dtí seo sa chraobh aige agus déanfaidh sé scrios má thugtar seans dó.

Fear eile a bhfuil neart scóranna faighte aige do Mhaigh Cuilinn le blianta beaga anuas, ach gan an clú céanna air, b’fhéidir, é Conor Bohan. Tá coisíocht iontach i Bohan agus is iomaí cúl cinniúnach atá faighte aige dá fhoireann.

Buaileadh buille ar Mhaigh Cuilinn ag tús na bliana nuair a chinn an t-imreoir contae Peter Cooke gan filleadh abhaile ó Nua-Eabhrac i mbliana.

Baineadh an ghoimh as an scéal sin mar gheall ar chomh maith is a d’imir an bheirt imreoirí nua a tháinig isteach sa chumann i mbliana, an t-imreoir lár páirce Thomas Clarke ó Mhaigh Eo agus an tosach ó chontae Aontroma Owen Gallagher.

Agus 15 cúl scóráilte acu sa chúig chluiche craoibhe go dtí seo, stíl oscailte, ionsaitheach atá ag foireann Mhaigh Cuilinn. Níl an cháil chéanna ar an gCreagán-Mhaigh Locha le blianta beaga anuas.

Agus iad dúghafa le bealach a fháil chun an ceann is fearr a fháil ar Chora Finne, plódaithe go maith le himreoirí a bhíodh paiste na gcosantóirí den pháirc ag an gCreagán-Maigh Locha. Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé sin athraithe i mbliana agus Val Daly tagtha isteach mar bhainisteoir arís.

Michael Daly (An Creagán-Maigh Locha) agus Dylan Wall (Cora Finne). Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Bhí Daly ina chaptaen an uair dheireanach gur éirigh leis an gcumann Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe a bhuachan i 1986, agus tá a mhac Michael ar dhuine de cheannairí na foirne i mbliana. Cailliúint ollmhór is ea mac eile leis, John, a gortaíodh roimh thús na craoibhe.

Tá Eoin Finnerty agus Patrick Kelly ag imirt ar fheabhas sa líne lántosach agus tá cosantóirí maithe acu feisin, Gary Sweeney agus Seán Moran sa líne lánchúil, go háirithe.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile níos luaithe sa chraobh, bhí áit bainte amach ag an bpéire acu sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin agus bhuaigh Maigh Cuilinn coimhlint gan téagar le farasbarr ceithre phointe dhéag.

Níl seans dá laghad go mbeidh cluiche an lae inniu chomh leamh sin, ach beidh siad ag súil leis an toradh céanna i gConamara.

Fág freagra ar 'Seans ag Maigh Cuilinn tús a chur le ré nua'