Caithfidh deireadh teacht le turas buacach na gCat am éigin…

Cé gur deacair a chreidiúint gur féidir na Cait a bhualadh agus a bhfuil de thaithí acu, níl bua don Ghaillimh curtha as an áireamh ag ár gcolúnaí

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 9/8/2015 Kilkenny vs Waterford Kilkenny’s TJ Reid Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
TJ Reid. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé an-deacair orm a shamhlú nach ndéanfaidh Cill Chainnigh an bheart amárach.

Tá an breithiúnas sin bunaithe ar an méid atá feicthe agam des na Cait faoi stiúir Bhriain Cody agus an méid atá buaite acu le linn an ama sin. Agus a bhfuil d’fhianaise anois againn, ba dhóigh leat gur deacair a chreidiúint gur féidir le haon fhoireann an bua a fháil orthu.

Ar a shon sin, caithfimid iarracht a dhéanamh ar an gcluiche a mheá i bhfianaise an méid eolais atá againn ar an dá fhoireann i mbliana amháin agus an cheist a chur, conas atá na himreoirí a chuirfear chun páirce amárach ag imirt faoi láthair?

Dar ndóigh, tá dhá oiread níos mó cluichí craoibhe imeartha ag an nGaillimh i mbliana agus ceacht foghlamtha acu ins gach aon cheann díobhsan. I mbliana, níl na tosaithe ag brath go hiomlán ar imreoir amháin. Go dtí seo, ní fhacamar Joe Canning ag imirt chomh maith agus atá sé in ann ach tá a fhios againn go léir cad is féidir leis a dhéanamh mar sin féin.  

Tá an triúr ógánach, Mannion, Flynn agus Whelan breá cumasach, lán d’fhuinneamh, luas, agus scil, agus slám mór scóranna faighte acu i mbliana. Tá Jonathan Glynn agus Cyril Donnellan ar fheabhas san aer agus é sásta obair na gcapall a dhéanamh. Más féidir leis an nGaillimh na buanna go léir sin a noctadh, cuirfidh siad ar a dtriail ar chúlaithe na gCat.

Ach tá ceisteanna fós faoi aonad cosanta na Gaillimhe. An cheist is mó atá ann faoi láthair ná cé a bheidh ag imirt ag uimhir a trí. Tá meas agam ar Phádraig Mannion ach ní raibh sé in ann coinneáil le Séamus Callinan sa chluiche leathcheannais. Ach dá fheabhas é Callinan, tá TJ Reid agus Richie Hogan gach pioc chomh maith leis.

An fhadhb is mó atá le réiteach ag Anthony Cunningham ná an dtaobhóidh sé le córas cosantach i dtreo is nach mbeidh mórán spáis timpeall an ‘D’ nó an gcloífidh sé leis an gcóras tradisiúnta, áit a bhfuil cúigear déag ar chúigear déag?

Tá sé ionann is cinnte nach n-imreoidh Cill Chainnigh cosantóir breise. Ach an gcuirfidh Cunningham cúlaí an duine ar Hogan agus Reid? I mo thuairimse, caithfidh sé beirt an duine a chur orthu seo agus comhairle a chur ar na daoine sin iad a leanúint pé áit sa pháirc a dtéann siad. Rinne Port Láirge botún an iomad spáis ar fad a thabhairt do Hogan an lá deireanach. 

Scóráil Reid 3 – 25 ón imirt agus pocanna saora agus Hogan 1-15 ón imirt go dtí seo i mbliana. Mar sin, tá sé ríthábhachtach nach bhfaigheann ceachtar den beirt spás ná am ar an sliotar. Tá fhios agam freisin gur fusa sin a rá ná a dhéanamh.

Sa chluiche eatarthu i gCraobh Chúige Laighean, scóráil an Ghaillimh dhá chúl ach ghéilleadar 25 chúilín. Os a choinne sin, ghéill siad an-chuid cúl sa chluiche leathcheannais in aghaidh Thiobraid Árann an lá deireanach. Mar sin, agus gach rud a chur sa mheá, idir an méid atá imeartha acu agus gach a mbaineann leis, beidh go leor foghlamtha acu agus is maith ann an taithí sin.  

Deirtear go bhfuil ‘móiminteam’ freisin ag imreoirí na Gaillimhe i láthair na huaire agus cabhróidh sé sin leo. 

Rachaidh mé sa tseans agus déarfaidh mé más féidir leis an nGaillimh Reid agus Hogan a choimeád ar an ngannchuid tá gach seans acu. Caithfidh deireadh teacht le turas buacach na gCat am éigin agus b’fhéidir go dtarlóidh sé amárach.

Fág freagra ar 'Caithfidh deireadh teacht le turas buacach na gCat am éigin…'