Seanfhondúirí na Gaillimhe in aghaidh ógánaigh Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann

Beidh cúigear ar fhoireann Chorcaí ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair, i gcomparáid le duine amháin ar fhoireann na Gaillimhe

Seanfhondúirí na Gaillimhe in aghaidh ógánaigh Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann

Gaillimh v Corcaigh
Páirc an Chrócaigh, 4.15pm (Beo ar RTÉ)

D’fhág cluichí leathcheannais na míosa seo caite gur cheart go mbeadh Corcaigh agus Gaillimh breá ullamh do chluiche crua tráthnóna. Tháinig an dá fhoireann slán ó chluichí crua agus beidh an dá dhream ag súil gur chun a leasa a rachaidh sin agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a thabhairt leo inniu.

Tá Corcaigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó bhí 2018 ann tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní na hÉireann, Cill Chainnigh. Cúilín ó Linda Collins ag fíordheireadh an chluiche a rinne na foirne a scaradh óna chéile.

Farasbarr ceithre phointe a bhí ag Gaillimh ar Thiobraid Árann sa chluiche leathcheannais eile ach bhí an t-ádh le Gaillimh agus le hOrlaith McGrath cúl a scóráil i dtreo dheireadh na himeartha, scór a chinntigh go gcáileoidís don chluiche ceannais. Tugadh dúshlán ceart do na Gaillmhigh roimhe sin agus is maith a thuigeann Cathal Murray go mbeidh taispeántas níos fearr ag teastáil má tá a fhoireann chun an chraobh a chailleadar anuraidh a thabhairt leo arís.

Cúrsaí smachta a bhí ag cur as don dá fhoireann i rith na seachtaine. Bhí dea-scéala ann do Ghaillimh agus cead tugtha do Dervla Higgins imirt. Cuireadh Higgins den pháirc in aghaidh Thiobraid Árann sa chluiche leathcheannais ach níor cuireadh ar fionraí í agus é cruthaithe nach raibh aon bhaint aici leis an eachtra a tharla i dtreo dheireadh an chluiche. Emma Helebert na Gaillimhe a tharraing buille ar dhuine d’imreoirí Thiobraid Árann san eachtra chéanna ach beidh cead aici imirt sa chluiche ceannais mar sin féin mar de réir rialacha na camógaíochta ní féidir imreoir a chur ar fionraí nuair nach bhfuil an eachtra luaite i dtuairisc an réiteora.

Bhí dea-scéala ann do Chorcaigh aréir freisin agus éirithe le hachomharc Orla Cronin i gcoinne an chárta dheirg a fuair sí sa chluiche in aghaidh Chill Chainnigh.

Tá an-chuid taithí ag foireann na Gaillimhe agus is í Higgins an t-aon duine atá ainmnithe ar fhoireann an lae inniu nár imir i gcluiche ceannais 2020 ná i gceann 2019. Tá Carrie Dolan agus Heather Cooney, a bhí ar iarraidh ó thús na craoibhe de bharr gortuithe, ainmnithe i measc na n-ionadaithe ag Gaillimh.

Tá foireann níos óige ag Corcaigh agus deis tugtha ag Paudie Murray d’imreoirí nua le cúpla bliain anuas. Bhí air sin a dhéanamh agus dornán den fhoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2018 – leithéidí Aoife Murray, Gemma O’Connor, Orla Cotter, Julia White agus Briege Corkery – éirithe as an imirt.

Tá an deis tapaithe le fonn ag Amy Lee, Laura Hayes, Saoirse McCarthy, Fiona Keating agus Ciara O’Sullivan áit a bhaint amach ar an bhfoireann. Go deimhin, léiriú é ar chomh maith is a d’éirigh leo go dtí seo go gceaptar nach mbeidh mórán idir na foirne i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Beidh na Gaillimhigh ag súil go seasfaidh an taithí bhreise sin dóibh ach beidh taispeántas níos fearr ná mar a thugadar in aghaidh Thiobraid Árann ag teastáil más leo an beart a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Seanfhondúirí na Gaillimhe in aghaidh ógánaigh Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann'