Seanchlochar á athchóiriú agus tithe á dtógáil ag coláiste samhraidh chun mná tí a mhealladh

Tá múnlaí éagsúla á dtriail ag Coláistí Chorca Dhuibhne le dul i ngleic leis an ghanntanas ban tí atá ag cur as go mór do na coláistí samhraidh Gaeltachta le tamall

Seanchlochar á athchóiriú agus tithe á dtógáil ag coláiste samhraidh chun mná tí a mhealladh

Tá seanchlochar á athchóiriú agus tithe á gceannach ag coláiste samhraidh Gaeltachta ar mhaithe lena gcur ar fáil do dhaoine a bheadh sásta a bheith ina mná tí agus scoláirí a choinneáil.

Tá athchóiriú an tseanchlochair agus tógáil na dtithe mar chuid de phlean atá ag Coláistí Chorca Dhuibhne le dul i ngleic leis an ghanntanas ban tí.

Tá múnlaí éagsúla á dtriail acu chun daoine a mhealladh chun scoláirí a choinneáil.

Tá plean eile ag lucht na gcoláistí ionad a thógáil a mbeadh spás ann lóistín a chur ar fáil do 140 scoláire.

Idir an dá linn, tá cead pleanála á lorg acu le trí theach a thógáil a chuirfí ar fáil ar chíos réasúnta do dhaoine a bheadh sásta scoláirí a choinneáil.

Dúirt Bainisteoir Choláistí Chorca Dhuibhne Paidí Ó Sé le Tuairisc go raibh iarratas ar chead pleanála curtha faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí leis na trí theach a thógáil i mBaile an Fheirtéaraigh.

Thógfaí na trí theach ar thalamh Chomharchumann Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh.

Dúirt Ó Sé gur cur chuige ‘nua’ don choláiste é a bheith ag tógáil tithe ach go bhfuil sé déanta cheana ag coláistí eile a raibh deacrachtaí acu mná tí a mhealladh.

“Bhí traidisiún an-simplí againn i gCorca Dhuibhne. Bhí mná tí ann ar leo na tithe ach anois tá muid ag tarraingt mná tí isteach, agus is múnla é atá in úsáid ag coláistí eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht a mbíonn deacracht acu mná tí a fháil,” a dúirt Ó Sé.

Mar chuid den iarracht atá ar siúl ag lucht Choláistí Chorca Dhuibhne tuilleadh lóistín a fháil do scoláirí, táthar chun athchóiriú a dhéanamh ar sheanchlochar taobh thiar de Bhaile an Fheirtéaraigh, ar leis an chomharchumann é, agus é a chur ar fáil do theaghlach Gaeltachta a bheadh sásta lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

“Ní féidir le daoine tigh a fháil sa cheantar, mar sin gheobhaidís tigh a bheadh nua-aimseartha, ar ardchaighdeán. Ní bheadh aon infheistíocht le déanamh acusan sa tigh. An t-aon choinníoll a bheadh ann ná go mbeadh orthu lóistín a chur ar fáil do chúig chúrsa le linn na bliana.”

Dúirt Ó Sé gur “deis” a bheadh ann do theaghlaigh Ghaeltachta nach bhfuil teach feiliúnach acu le scoláirí a choinneáil.

“An-chuid daoine anois, deir siad gur bhreá leo scoláirí a thógáil ach nach bhfuil an tigh atá acu mór go leor nó oiriúnach. Seo deis do dhaoine ar mhaith leo scoláirí a choimeád.  Gheobhaidís teacht isteach maith agus bheadh tigh breá ar chíos réasúnta acu.”

Tá plean eile ag Coláistí Chorca Dhuibhne ionad óige agus oideachais a thógáil ar láthair an champais, ionad a mbeadh spás ann lóistín a chur ar fáil do 140 scoláire.

Tháinig laghdú mór ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí Choláiste Chorca Dhuibhne anuraidh mar gheall nach raibh go leor ban tí ar fáil le scoláirí a choinneáil.

D’éirigh triúr déag ban tí as i gceantar Chorca Dhuibhne anuraidh, agus tá líon na mban tí laghdaithe 27% ó 2019.

Bhí 400 leaba ar fáil do chúrsaí Choláistí Chorca Dhuibhne an samhradh seo caite i gcomparáid le 525 leaba in 2019.

Dúirt Ó Sé go raibh géarghá le teacht ar “shlite cruthaitheacha” chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar líon na mban agus fear tí.

“Tá na rudaí seo á dtriail againn chun an brú ó thaobh lóistín de a laghdú agus chun a chinntiú go mairfidh an coláiste sa cheantar,” a dúirt Ó Sé.

Fág freagra ar 'Seanchlochar á athchóiriú agus tithe á dtógáil ag coláiste samhraidh chun mná tí a mhealladh'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níos fearr ionad Gaeilge le lóistín do 140 duine agus níos mó a fhorbairt. Bheadh daoine fásta ábalta freastal ar chúrsaí ag amannaí taobh amuigh de hamannaí na coláistí Gaeilge/samhraidh agus bheadh an t-ionad ag feidhmiú i rith na bliana. Déan dhá eiteog a fhorbairt – cosúil le brú óige – ceann do mhná agus ceann d’fhir. Achan rud san ionad déanta trí mheán na Gaeilge.

    Ní maith liom a téarma ‘mná tí’. Masla do mhná. B’fhearr liom ‘bainisteoir tí’.