Seanchairde ‘Trainspotting’ linn arís, ach gan iad ar a seanléim ar fad

Cé nach bhfuil T2 Trainspotting inchurtha leis an gcéad scannán, is scannán téagartha go maith é

Seanchairde ‘Trainspotting’ linn arís, ach gan iad ar a seanléim ar fad

T2 Trainspotting

Stiúrthóir: Danny Boyle

Cliar: Ewan McGregor, Robert Carlyle, Ewen Bremner, Johnny Lee Miller

Sárshaothar faoi leith ba ea Trainspotting, rud ba léir don lucht féachana ar an bpointe fiche bliain ó shin nuair a bhain sé creathadh asainn. Frithlaochra an fhrithchultúir, foréigean, greann, stiúradh samhlaíoch agus fuaimrian spreagúil; thug sé leis meon na linne ar shlí atá deacair a mhíniú do dhaoine nach raibh suas lena linn.

Tá sé neadaithe i scioból samhlaíochta an phobail agus sa chultúr coiteann ó shin. Faoi mar a luas cheana ar an suíomh seo, bhí aisteoir as Conamara ar m’aithne a bhí in ann radharcanna iomlán den scannán seo a aithris aon uair go raibh cúpla pionta ar bord aige, agus is liosta le háireamh iad na radharcanna nótáilte a bhí sa saothar. An ruthag úd faoi ‘choose life’, an tumadh sa leithreas, Spud agus na héadaí leapan, an leanbh óg, foréigean Begbie agus racht Renton faoin gcéasadh a bhaineann le bheith id Albanach.

‘Some hate the English. I don’t. They’re just wankers. We, on the other hand, are colonized by wankers. Can’t even find a decent culture to be colonized by.’

Sách ráite ambaiste.

Conas a d’fhéadfá an méid sin a leanúint? Bheadh sé chomh maith agat a bheith ag taoscadh na farraige. An bhfuil scannáin áirithe ann atá chomh heisceachtúil sin nár cheart do mhaide a chur sa bhfeamainn arís? Bhí sé de chiall ag Danny Boyle, atá anois ar dhuine de na stiúrthóirí is cumasaí dá bhfuil ann, gan tabhairt faoin scannán leantach ar an bpointe. Tá sé deacair léamh ar cad ina thaobh gur fhill sé. Seans gur chabhraigh sé go raibh amhábhar eile le Irvine Walsh ag feitheamh leis, scéal inar chinn an mheitheal bhunaidh filleadh ar Edinburgh. (Dá ngéillfimis don tsoiniciúlacht, d’fhéadfaimis a mhaíomh gur fhill McGregor, Bremner, Lee Miller agus Carlyle mar go bhfuil an ghaoth imithe as na seolta acu mar aisteoirí.)

I ndeireadh an chéad scannáin, dhein Renton file caoch dá chomrádaithe agus theith sé le £16,000. Tosnaíonn an saothar seo le Renton (McGregor) agus é ag filleadh ar an bhfód dúchais, agus tá an feall sin 20 bliain ó shin mar mháithreacha leis an scannán.

Is maith a thuigeann an draoi Boyle, áfach, nach mbuailfidh an tintreach faoi dhó, agus dá bhrí sin ní dhéanann sé iarracht macasamhail táirge 1996 a sholáthar an athuair. Is táirge níos machnamhaí agus níos maoithní atá againn anseo. Níor shamhlaíos riamh go luafainn an dara mothúchán acu sin le Trainspotting ach tá an maoithneachas ann go rábach. An ceathrar, ag tréimhsí éagsúla i gcaitheamh an scannáin, agus iad ag iarraidh breith ar a n-aiféala. Déantar cíoradh stuama ar thábhacht na háite dúchais, ar an gcairdeas, ar an mbochtanas agus ar dheiseanna a ligtear le sruth. É sin ar fad agus radharc liobarnach i gclub dílseoirí agus tagairt aisteach d’amhrán de chuid na Rubberbandits.

Déantar tagairtí leanúnacha don scannán bunaidh agus taispeántar seatanna uaidh go rialta. Thug seo leanúnachas don scéal agus d’éirigh leis tógáil ar an gcaidreamh atá againn leis na carachtair. Ar an lámh eile, d’fhág an feacadh glúine seo ar fad go raibh an chéad scannán ina néal os a chionn seo ó thús go deireadh.

Bhí bua na samhlaíochta ag Boyle le feiscint ar fud na háite. Tharraing sé cultacha gaisce go leor chuige, rud a chinntigh go raibh fuadar agus atmaisféar ar leithligh ag an táirge agus bainfear súp as an bhfuaimrian tríd síos.

Ba mhinic, áfach, gur taibhsíodh dom nach rabhthas cinnte céard ba cheart a dhéanamh leis na carachtair agus nár caitheadh dóthain ama ag plé leis an athrú a bhí tagtha ar éinne acu. Spud bocht ina liúdramán ach féith an scríbhneora ann gan choinne, Renton fillte tar éis fiche bliain ach gan aon trácht rómhór ar a shaol ó shin.

Carachtair iontacha iad seo le haisteoirí a chuaigh go feirc iontu an chéad lá riamh. Cé gur mheasas go gcuaigh na canúintí ar bóiléagar ábhairín thugadar taispeántais thathagacha uathu arís.

Níl sé seo inchurtha leis an táirge bunaidh ach ní fhéadfaí a bheith ag súil leis sin. I ndeireadh na dála, áfach, b’fhiú é a dhéanamh agus is mór an ní an méid sin.

Fág freagra ar 'Seanchairde ‘Trainspotting’ linn arís, ach gan iad ar a seanléim ar fad'