Seanbhíobla Gaeilge agus achainí Roger Casement ar son daltaí scoile Chonamara ar díol

Beagnach €4,000 atá luaite le cóip de ‘Leabhar na hUrnaí Coitinne’ a d’aistrigh John Richardson i 1712

Seanbhíobla Gaeilge agus achainí Roger Casement ar son daltaí scoile Chonamara ar díol

Tá seanbhíobla Gaeilge ón ochtú haois déag agus achainí a rinne Roger Casement i 1914 ar son daltaí scoile i gConamara i measc na saothar i nGaeilge atá ar díol i gcatalóg nua an chomhlachta De Búrca Rare Books.

Cóip den chéad eagrán de  ‘Leabhar na hUrnaí Coitinne’ atá ar díol, leabhar a d’aistrigh John Richardson, ministir de chuid Eaglais na hÉireann, go Gaeilge sa bhliain 1712.

Cóip “an-slachtmhar” é an t-eagrán áirithe seo de Leabhar na hUrnaí Coitinne, dar leis na nótaí i gcatalóg De Búrca Rare Books agus é ar díol ar phraghas €3,750.

Tá Bíobla Richardson bunaithe cuid mhór ar an chéad leagan Gaeilge den mhórbhíobla Anglacánach a d’aistrigh Ardeaspag Thuama Uilliam Ó Domhnaill i 1608.

Ba as Ard Mhacha do John Richardson agus fuair sé a chuid oideachais in Ollscoil na Tríonóide sular oirníodh ina mhinistir é.

Mar reachtaire ar an Eanach, paróiste i gcontae an Chabháin, a chaith sé an chéad chuid dá shaol agus bhain sé cáil amach as a chuid soiscéalaíochta trí Ghaeilge.

Chreid sé go mór go bhféadfaí Caitlicigh na hÉireann a thiontú ina bProtastúnaigh ach Bíobla Gaeilge a chur ar fáil agus seanmóireacht a dhéanamh ina dteanga dhúchais.

Bhí Richardson ar son ministrí le Gaeilge a oirniú agus scoileanna eaglaise Gaeilge a chur ar bun.

Chaith Richardson, a bhí ina Dhéan ar Chill Mhic Dhuach, a shaol ag plé le haistriúchán agus ag foilsiú ábhar i nGaeilge.

I measc na nithe eile atá ar díol sa chatalóg nua, tá athchló de litir a scríobh Roger Casement ag éileamh go gcuirfí béilí ar fáil do dhaltaí scoile i gConamara.

Deirtear san achainí, a foilsíodh i mBéarla i nuachtán an Irish Independent, an 18 Aibreán, 1914:

“B’údar mór misnigh mo thuras, go háirithe i gcás Scoil na Ceathrún Rua. Tá cúrsaí athraithe go hiomlán ó tugadh béile sa lá isteach mí Mheán Fómhair seo caite. Bíonn an mháistreás iontach (Mrs Tubridy) i bhfeighil chuile am lóin ar cheann de na scoileanna is sásta in Éirinn.

“Bíonn na gasúir gealgháireach, gealghnúiseach, glinnsúileach, loinnir ina leicne agus meangadh gáire ar a n-éadan. Chuaigh an t-atmaisféar i scoil na Ceathrún Rua go mór i bhfeidhm ar mo thriúr compánach agus is pianmhar an chomparáid idir na gasúir sin agus na gasúir atá sna scoileanna eile – an Tuairín (ar an mórthír sa gCeathrú Rua), an Trá Bháin, an Droim (Garmna) agus Leitir Mealláin.”

€950 atá luaite le hachainí Casement, atá “i ndea-chaoi”, dar leis an chomhlacht De Búrca Rare Books.

Fág freagra ar 'Seanbhíobla Gaeilge agus achainí Roger Casement ar son daltaí scoile Chonamara ar díol'