Seanadóir Inis Nídh i bpost na scannán ar na milliúin sa mbliain

Fógraíodh i Hollywood le gairid go bhfuil conradh nua oibre aontaithe idir an Motion Pictures Association of America agus an tIar-Sheanadóir, Christopher Dodd

Christopher_Dodd_official_portrait_2-cropped

Tá an fear a bhfuil aithne air go háitiúil i gConamara mar ‘Sheanadóir Inis Nídh’ curtha i gceannas aríst, as seo go dtí 2018, ar an eagraíocht is cumhachtaí i dtionscal na scannán i Meiriceá – ar phá atá idir $3m agus $4m sa mbliain. Fógraíodh i Hollywood le dhá lá anuas go bhfuil conradh nua oibre aontaithe idir an Motion Pictures Association of America agus an tIar-Sheanadóir, Christopher Dodd as Connecticut go dtí an bhliain 2018. Ceapadh Dodd sa bpost seo i 2011 th’éis dó éirí as an bpolaitíocht; bhí os cionn 30 bliain caite aige mar Fheisire Comhdhála agus mar Sheanadóir i Washington roimhe sin. Déanann an Motion Pictures Association of America ionadaiocht ar na comhlachtaí ollmhóra i réimse na scannán sna Státaí – 20th Century Fox, Paramount Pictures, Walt Disney Studios, NBCUniversal, Warner Bros. and Sony Pictures Entertainment.

Tá teach ag Christopher Dodd i gceantar Gaeltachta Inis Nídh gar do Chloch na Rón le scór blianta agus tá eolas maith air sa taobh sin tíre. Facthas i gCloch na Rón go deireanach é tuairim dhá mhí ó shin ach ní raibh sé ag déanamh aon mhoill an uair sin. Is iondúil go gcaitheann sé roinnt seachtainí sa gceantar thart ar mhí Lúnasa. Téann Dodd anonn agus anall i measc na ndaoine sa gceantar agus d’oscail sé Seó na gCaipilíní go hoifigiúil ansin beagán blianta ó shin.

Ach rinneadh obair thromchúiseach freisin i dteach Christopher Dodd in Inis Nídh. Tá a fhios go raibh leithide Gerry Adams, Séamus Mallon agus polaiteoirí eile as an Tuarisceart ina measc siúd a thug cuairteanna ar theach Dodd nuair a bhíothas ag iarraidh eadrascán a dhéanamh ó thuaidh. Bhí Dodd – iarchathaoirleach ar an bPáirtí Daonlathach – in ann breith ar an teileafón agus labhairt le hUachtarán Mheiriceá agus le leithéidí an tSeanadóra Ted Kennedy, cara mór pearsanta leis. Chuidigh na cómhráite in Inis Nídh leis an tsíocháin in Éirinn.

Ach, ait go leor, bhí scéala de chineál eile a bhain leis an teach in Inis Nídh ar cheann de na hábhair a rinne go leor dochair do Christopher Dodd – Gael-Mheiriceánach – ina shaol polaitiúil sa deireadh. Cheannaigh an Seanadóir Dodd an teach i gcomhar le fear as Kansas darbh ainm William Kessenger i 1994; thug Dodd €12,000 ar an tríú cuid den mhaoin, sin teach agus 10 n-acra talúna. Ba é Kessenger ba dhoimhne a chuaigh ina phóca. Mar a thárla sé, ba chairde iad Dodd agus Kessenger beirt le Edward P. Downe, Jnr., iarcheannasaí ar chomhlacht Bear Stearns, fear a bhí ciontaithe as cúbláil agus sárú rialacha airgeadas ar an Stoc Mhalartan ar scála an-mhór. Cheannaigh Dodd teach Inis Nídh amach uilig i 2001 agus d’íoc sé $127,000 le Kessinger. Ní raibh ach fíorbheagán brabaigh ag Kessenger as díol an tí ar an bpraghas sin. Ach chuaigh iriseoirí i Stát Connecticut ag cartadh roinnt blianta ina dhiaidh sin – cuid acu ag fiafraí an raibh an praghas seo ceart nó ar bronntanas a bhí sa teach.

Dúradh go raibh an praghas a d’íoc an Seanadóir Dodd i 2001 an-íseal i bhfianaise na n-arduithe a bhí tagtha ar luach tithe agus talún in Éirinn. Bhíodar ag rá go mba í tuairim Bhanc na hÉireann go raibh 400% d’ardú tagtha ar phraghas tithe sna blianta 1994 go dtí aimsir an Tiogair Cheiltigh. Bhí luach idir $100,000 agus $240,00 tugtha síos i gcuntais Dodd don teach agus talamh i 2007 agus lean an chonspóid ar aghaidh. I 2008 thug an Seanadóir Dodd síos go mb’fhiú €658,000 é an teach agus an talamh in Inis Nídh – léim mhór ón airgead a bhí luaite roimhe sin. Bhí conspóidí eile ag bruchtaíl freisin agus ina measc sin bhí scéala go bhfuair Dodd iasachtaí ar ráta íseal úis on gcomhlacht Countrywide Financials sna Státaí. Rinneadh fiosrúchán faoi sin ach b’é a dheireadh é nach raibh aon bhlas déanta as bealach ag Christopher Dodd sa gcás sin. Ba dheacair a rá cén chaoi a raibh an ghaoth ag séideadh faoin tráth seo ach shocraigh Dodd gan a dhul san iomaíocht i dtoghchán Seanaid na bliana 2010.

Feicfear Christopher Dodd ag spaisteoireacht thart in Inis Nídh níos deireanaí an samhradh seo; 71 atá sé anois agus mura n-aithneodh duine é, déarfá gur Meiriceánach é atá éirithe as rásaí an tsaoil. Ach is é a mhalairt uilig é. Tá Dodd i lár an aonaigh th’éis chorraíl an tsaoil pholaitiúil ach go ligean sé a scíth sa teach atá ar an gcúlráid aige i bhfad ó shoilse Hollywood. Go deimhin, tá scéalta le n-inseacht ag an teach sin a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar scannán lá níos faide anonn.

Fág freagra ar 'Seanadóir Inis Nídh i bpost na scannán ar na milliúin sa mbliain'