Seanadóir Chonamara ainmnithe ag Sinn Féin

Tá Trevor Ó Clochartaigh roghnaithe mar iarrthóir Shinn Féin i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013

Roghnaíodh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh mar iarrthóir Shinn Féin le ritheacht ag an gcéad olltoghchán eile i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar ag coinbhinsiún a bhí ag an bpáirtí Dé Sathairn 31 Eanáir. Seolfar feachtas olltoghcháin an tSeanadóra ag ócáid phoiblí a bheas ag Sinn Féin i nGaillimh go gairid agus beidh fáilte ag na meáin agus muintir na Gaillimhe bheith i láthair dhó sin.