Seán Purcell nó Pádraic Joyce? Is leor an bheirt a lua san abairt chéanna…

Bhí neart spóirt ar an teilifís ach ba é an Baile Dóite rogha ár gcolúnaí, go gcroithfeadh sé lámh agus go nglacfadh sé buíochas le fear séimh nach bhfeicfidh sé a leithéid arís sa ngeansaí marún…

Joyce Purcell

Thug Pádraic Joyce cúig bliana déag dá shaol peile ag imirt dá chontae, an aois chéanna a bhí aige féin nuair a d’imir sé d’fhoireann sinsear a chlub den chéad uair.

Dé Domhnaigh seo caite tharraing sé air geansaí dearg agus bán Chill Fhir Iarainn den uair dheireanach i gcluiche i Roinn 2 de Shraith Peile na Gaillimhe in aghaidh Mhaigh Cuilinn.

Ag siúl amach an geata ar an mBaile Dóite agus an imirt déanta, dúirt fear liom. “An bhfuil a fhios agat céard é fhéin, ach tá mise ag ceapadh go bhfuil sé fós chomh maith le haon tosach atá sa gcontae!”

Tá an Seoigheach 38 bliain d’aois, ribí liath fairsing go leor anois i gcúl a chinn agus gan oiread fonn sodair air agus a bhíodh. Ach fiú ar an mBaile Dóite, léirigh sé anois agus arís cuid den chlisteacht agus den éirim peile a fhágann gurb é an tosach ab fhearr a bhí ag Gaillimh le trí scór bliain.

Is beag is fiú a bheith ag argóint cé acu é fhéin nó Seán Purcell ab fhearr. Is leor an bheirt a lua san abairt chéanna.

Ar Dhomhnach i mí an Mhárta 1994 i dTuaim a chonaic mé Pádraic Joyce ag imirt den chéad uair – é ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Iarfhlatha a bhuaigh ar Scoil na mBráthar as an mbaile sin i gCluiche Ceannais Choláistí Chonnacht.

Bhí Tomás Meehan, Michael Donnellan agus John Divilly ar fhoireann Choláiste Iarfhlatha an lá sin freisin agus nuair a bhí a gcluiche féin thart, shuigh siad síos ag breathnú ar chluiche sa tSraith Náisiúnta idir Gaillimh agus Co. na Mí.

Bhí Martin McNamara, Gary Fahy, Tomás Mannion agus Niall Finnegan ar an bhfoireann Gaillimheach a chlis 1-10, 0-8 an lá sin agus déarfainn gur beag ceapadh a bhí ag an gceathrar leads óga a bhí ag féachaint amach orthu go mbeidís araon ag siúl trasna na Sionnaine agus Corn Sam Maguidhir ar iompar acu cosamar ceithre bliana ina dhiaidh.

Faoin am ar bhuaigh Coláiste Iarfhlatha Corn Uí Ógáin cúpla seachtain dar gcionn, ba léir go raibh peileadóir faoi leith tagtha ar an bhfód a raibh éirim peile ann nach bhfeictear go minic. Rud amháin ab ea a chumas scórála, tréith eile a bhí aige go raibh sé ar a shuaimhneas i gconaí, ach dheimhneodh aon pheileadóir a d’imir riamh leis nó ina choinne nach bhfaca siad a leithéid Pádraic Joyce le lámh chúnta a thabhairt dá chomrádaí a bheadh i dtrioblóid.

Uair ar bith a mheasadar siúd go raibh sé in am an liathróid a ligean chun siúil, bhíodh an Seoigheach ann lena glacadh.

I gCaisleán an Bharraigh in aghaidh Mhaigh Eo a d’imir sé a chéad chluiche craoibhe do Ghaillimh i 1998. Scóráil sé 0-4 as imirt ina mbua  1-13, 2-6. Scóráil sé 0-5 in aghaidh Liatrroma, 0-4 in aghaidh Ros Comáin i gCluichí Ceannais Chonnacht, 0-8 in aghaidh Dhoire i gCluiche Leathcheannais na hÉireann agus 1-2 in aghaidh Chill Dara sa gcluiche ceannais – lámh sa gcúl ag Ó Domhnalláin agus ag Ó Dubhghiolla a bhí lena ais ar Pháirc Naomh Iarfhlatha ceithre bliana roimhe.

Ar a thaispeántas in aghaidh na Mí i gCluiche Ceannais na hÉireann 2001 is mó a bheidh cuimhne ag daoine. Faoi bhealach chuig an gcluiche sin, bhí 3-34 scóráilte ag Joyce, ach sa gcéad leath ar an lá mór, chuir naoscaire na Gaillimhe trí sheans ar chúilíní amú agus rinne sé féin agus Derek Savage eatarthu praiseach de sheans ar chúl.

0-6 an taobh ag leath ama agus gan ag Pádraic ach aon chúilín gágach amháin as cic saor.

Peileadóir i mbarr a mhaitheasa ab ea an Seoigheach sa dara leath. Cúilín, nuair a bhí deis ar chúl aige, a chuir tús lena chuid scórála agus faoin am a raibh an tairne deireanach curtha i gcónra na Mí aige, bhí 10 gcinn ar fad thíos lena ainm.

Bhí Pádraic Joyce 31 bliain d’aois i 2008 nuair a bhuaigh sé Craobh Chonnacht den uair dheireanach ar fhoireann na Gaillimhe (go deimhin níl sé buaite ó shin acu) – Oisín i ndiaidh na Féinne agus gan fanta ach é de laochra ’98 agus 2001. Arís eile, ba é a bpríomhscórálaí (agus a gcaptaen) in aghaidh Mhaigh Eo i gCaisleán a Bharraigh.

Ba in aghaidh Aontroma sa dara babhta cáilithe i 2012 a d’imir sé don chontae den uair dheireanach.

Má thug Pádraic Joyce a chroí do pheil na Gaillimhe, thug sé sin chomh maith lena anam dá chumann Cill Fhir Iarainn. 

Tá cuimhne agam gur cheistigh sé mé oíche bronnta na All Stars i mBleá Cliath tráth faoin achar a thógfadh sé ar dhuine taisteal as cathair na Gaillimhe go Carna – bhí Cill Fhir Iarainn ag imirt ansiúd lá arna mháireach i gcluiche sraithe agus bhí sé ag iarradh a chinntiú go mbeadh sé ann in am.

Oíche Dé Sathairn seo caite bhí sé ar fhoireann bhainistíochta Joe Kernan nuair a bhuaigh Éirinn ar an Astráil i bPáirc an Chrócaigh. Dé Domhnaigh ba é an chéad duine ar an bpáirc é i Maigh Cuilinn.

Bhí neart spóirt ar an teilifís an lá sin, athimirt chluiche ceannais iomána na Gaillimhe ar siúl i bhfoisceacht cúpla mile dom agus cluiche ceannais peile chlubanna Chonnacht leath uair eile soir uaidh sin.

Ach, ba é an Baile Dóite mo roghasa, go gcroithfinn lámh agus go nglacfainn buíochas le fear, ciúin, séimh nach bhfeicfidh mise ar chuma ar bith a leithéid arís sa ngeansaí marún.

“Bhí fíorchaoin fáilte romhat agus bhain mé an-sásamh as ó thús deireadh” an freagra a fuair mé uaidh.

Nár laga Dia tú, a Phádraic Joyce.

Fág freagra ar 'Seán Purcell nó Pádraic Joyce? Is leor an bheirt a lua san abairt chéanna…'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Togha fear an Soigheach. Chonaic mé é féin agus Seamus Ó Muineacháin ag imirt le chéile do fhoireann buacach choláiste Teicneilaíochta Trá Lí I gcluiche cheannais Corn MhicSigiúr siar timpeall bhlian na mílíosa.

    An raibh beirt peileadóirí níos fear ná iad riamh ?