Seán Ó Fearghaíl tofa ina Cheann Comhairle ar an 33ú Dáil

Gaeilgeoir líofa é an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil a bhí ina Cheann Comhairle ar an 32ú Dáil chomh maith

Seán Ó Fearghaíl tofa ina Cheann Comhairle ar an 33ú Dáil

Toghadh inniu Seán Ó Fearghaíl ina Cheann Comhairle ar an 33ú Dáil.

Tuairiscítear gur 130 vóta a fuair Ó Fearghaíl in aghaidh 28 vóta do Denis Naughten.

Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é Ó Fearghaíl a bhí ina Cheann Comhairle sa 32ú Dáil chomh maith.

Fágann toghadh Sheáin Uí Fhearghaíl go bhfuil 37 vóta sa Dáil nua ag Fianna Fáil, an líon céanna le Sinn Féin.

Ba é an Teachta Dála neamhspleách agus iar-aire cumarsáide Denis Naughten an t-aon duine eile a bhí ina iarrthóir don cheann comhairleacht.

Tá Seán Ó Fearghaíl ina Theachta Dála do Chill Dara Theas ó 2002 agus bhí sé ina Sheanadóir roimhe sin.

Gaeilgeoir líofa é a dúirt anuraidh nach féidir glacadh leis nach bhfuil an Stát in ann freastal go hiomlán ar an té a bheadh ag iarraidh a ghnó a dhéanamh leis trí Ghaeilge.

Tá an chéad suí den 33ú Dáil ar siúl inniu.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl sa Dáil níos luaithe go raibh an mhandáid chéanna ag gach duine den 160 Teachta Dála agus go léireodh sé an meas céanna ar mhandáid an uile dhuine acu.

Dúirt sé gur éirigh leis agus é ina Cheann Comhairle ar an 32ú Dáil cur chuige comhoibríoch a thabhairt isteach agus athruithe a chur i bhfeidhm ar chóras na Dála. Ba mhaith leis leanúint den obair sin agus d’fhreastalódh sé ar bhaill na Dála seachas a bheith ina sclábhaí ag “córas ar bith”, a dúirt sé.

Cuireadh tús le himeachtaí na Dála nua ag meán lae nuair a léigh Cléireach na Dála, Peter Finnegan, amach ainm gach duine den 160 Teachta Dála a toghadh in olltoghchán na míosa seo.

Toghadh i mballóid rúnda ina dhiaidh sin Seán Ó Fearghaíl agus cuirfear a ainm faoi bhráid an tí go luath.

Ionadaíocht chionmhar a úsáideadh agus vóta amháin inaistrithe ag gach Teachta Dála agus a rogha á déanamh acu.

An chéad chúram a bheidh ar an gCeann Comhairle nuathofa ainmniúcháin a lorg do phost an Taoisigh.

Ó tharla nach bhfuil móramh ag aon pháirtí, is é is dóichí go n-ainmneofar cúpla duine. D’fhéadfadh na páirtithe ar fad a gceannaire féin a mholadh.

Fág freagra ar 'Seán Ó Fearghaíl tofa ina Cheann Comhairle ar an 33ú Dáil'