Tá Seán Ó Coinn, Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge, molta ag Bord an Fhorais le teacht i gcomharbacht ar Ferdie Mac an Fhailigh mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.
Moladh Ó Coinn ag cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ar an 4 Samhain. Ba é Ó Coinn ba mhó a bhí á lua leis an bhfolúntas don phost is sinsearaí san eagraíocht teanga trasteorann ó fógraíodh go mbeadh Mac an Fhailigh ag éirí as níos luaithe i mbliana.
Dúirt Ó Coinn go bhfuil “bród as cuimse” air a bheith ainmnithe ag an mBord.
“Tá bród as cuimse orm as an mhuinín atá léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge ionam inniu. Is pribhléid mhór é a bheith ag teacht sna sála ar bheirt Phríomhfheidhmeannach a tháinig romham, Ferdie Mac an Fhailigh agus Seosamh Mac Donncha,” a dúirt sé.
Tá meas ar Ó Coinn, arb as an Mullach Bán, i gContae Ard Mhacha dó, laistigh den Fhoras féin agus thuill sé meas eagraíochtaí teanga deonacha le linn na hidirbheartaíochta suaite casta fadálach maidir le ‘cuíchóiriú’ earnáil na Gaeilge.
Bhíodh Ó Coinn ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha Gaelscolaíochta ó thuaidh. Ceapadh ina Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011.
Tá céim onórach aige sa Léann Ceilteach ó Ollscoil na Banríona agus dioplóma sa Bhainistíocht ó Ollscoil Uladh. Sular thosaigh ag obair leis an bhForas, d’oibrigh Ó Coinn mar mhúinteoir meánscoile agus mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh. Chaith sé tamall i mbun taighde in Ollscoil na Banríona ar logainmneacha Thuaisceart Éireann.
Bhí Ferdie Mac an Fhailigh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó mhí Dheireadh Fómhair 2006.
Conradh cúig bliana agus tuarastal nach mór €115,000 sa bhliain atá luaite leis post an Phríomh-Fheidhmeannaigh, a fógraíodh i mí Lúnasa.
I measc na dtréithe atá “riachtanach” don phost tá “ardinniúlacht sa Ghaeilge”, “tiomantas don teanga” agus taithí bhainistíochta agus cheannaireachta ag leibhéal sinsearach.
Harriet P.
Fear (Ultach) eile a bheas ann, an ea? Nach mbeadh sé go hiontach ar fad dá dtarlódh beagáinín beag athraithe, ó am go ham, i measc dóibh siúd atá i gceannas ar cheann de na heagraíochtaí teanga is tábhachtaí atá againn? An chéad uair eile, b’fhéidir.