Seán Kyne is mó atá neartaithe de bharr imeacht Walsh i nGaillimh

Ba mhór an buntáiste don Teachta Kyne cuid de na 5,500 vóta a fuair Brian Walsh ar an gcéad chomhaireamh in Olltoghchán na bliana 2011

Sean-Kyne2

 

Taobh amuigh de chúrsaí polaitíochta uilig, beidh chuile dhuine ag guí sláinte mhaith ar an Teachta Dála, Brian Walsh (Fine Gael), atá ag éirí as a shuíochán Dála i nGaillimh Thiar/Mhaigh Eo Theas.

Cé nach tinneas contúirteach é, tuigtear go bhfuil roinnt ruaigeanna faighte ag Brian Walsh agus nach bhfeileann an cineál saoil a bhíonn ag Teachta Dála dó.

Ach amuigh ar pháirc na himeartha sa bpolaitíocht, tá an folús atá fágtha ag imeacht Walsh ina ábhar spéise cheana féin – go háiríthe agus an tOlltoghchán chomh gar seo dúinn. Níl dabht ar bith ach gur ag an Teachta Dála, Seán Kyne, as Maigh Cuillin, atá an buntáiste is mó as an athrú seo.

Tá sé fógartha ag Fine Gael cheana féin nach mbeifear ag cur aon duine eile ar an ticéad in áit Bhrian Walsh. Ceaptar go bhféachfaidh Walsh lena chuid lucht tacaíochta a threorú chuig Seán Kyne. Ba mhór an buntáiste don Teachta Kyne cuid de na 5,500 vóta a fuair Brian Walsh ar an gcéad chomhaireamh in Olltoghchán na bliana 2011.

Ní raibh ach dornán vótaí le spáráil ag Seán Kyne tar éis athchomhaireamh fada i nGaillimh Thiar i 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochán ansin. In imeacht na mblianta ó shin, bhí air seasamh sa mbearna bhaoil agus cosaint a thabhairt d’Fhine Gael in aghaidh na stoirme a bhain le gearradh siar agus polasaithe eile nár thaitin leis an bpobal.

Thit níos mo den mheáchan sin air ná a thit ar ionadaí Oireachtais ar bith eile de chuid Fhine Gael i nGaillimh Thiar.

Níl aon údar mar sin ag an lucht tacaíochta is dílse ag Fine Gael gan seasamh le Seán Kyne anois.

Beidh an Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre sa toghcheantar, Derek Nolan, ag súil freisin go dtabharfaidh imeacht Bhrian Walsh buntáiste dósan – go háirithe agus Fine Gael agus an Lucht Oibre ag comhoibriú san Olltoghchán.

Chuile sheans freisin go bhfaighidh an Teachta Dála neamhspleách, Noel Grealish buntáiste; tá a fhios go bhfuil Walsh agus Noel Grealish cairdiúil ar bhonn pearsanta. Lena chois sin, tá go leor canbhasála déanta cheana féin ag Grealish sa gceantar thart ar an Rinn Mhór, Muirbheach agus tuaisceart chathair na Gaillimhe – bunáit láidir a bhí ag Brian Walsh.

Tá roinnt tuairimíochta ann cheana féin go bhféadfadh Sinn Féin a bheith ag smaoineamh in athuair ar iarrthóir eile a chur sa gcoimhlint thart ar chathair na Gaillimhe ach ní dóigh go dtarlóidh sé sin. Ach anois agus iarrthóir imithe as ceantar na cathrach, beidh buntáiste breise – más beagán féin é – ag leithéid Catherine Connolly (Neamhspleách), atá ina cónaí sa gcathair.

Ní bhfaighidh Fianna Fáil aon bhuntáiste as an athrú seo gur fiú trácht air; beidh siad taobh le suíochán amháin sa toghchán.

Ach cén chaoi a roinnfear na suíocháin eile th’éis imeacht Bhrian Walsh?

Beidh suíochán Fhianna Fáil ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív; beidh suíochán ag an Teachta Dála Noel Grealish (Neamhspleách) agus tá chuile chosúlacht ar an scéal anois go mbeidh suíochán ag an Teachta Seán Kyne do Fhine Gael.

An cheist ansin ná an bhfuil seans ag Fine Gael an dara suíochán a choinneáil (rud a raibh seans maith acu air dá mbeadh Brian Walsh fanta sa rása). Braitheann go leor ar an Teachta John O’Mahony atá tagtha isteach as Maigh Eo, ach an mbeidh dóthain aistriúchán aige, fiú agus má bhíonn an vóta maith go leor aige ar an gcéad chomhaireamh? Ní féidir é a chur as an gcomhaireamh.

Ceist eile ná cén borradh a chuirfidh an t-athrú seo faoi fheactas an Teachta Derek Nolan ó Pháirtí an Lucht Oibre agus an féidir leis a bhunáit a neartú arís.

Beidh Catherine Connolly buille níos láidre anois agus, gan amhras, beidh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Féin) san iomaíocht go láidir.

Ach mar atá feicthe againn ar maidin, is fada an t-achar seachtain – gan trácht ar cheithre mhí go dtí an toghchán – sa bpolaitíocht.

Fág freagra ar 'Seán Kyne is mó atá neartaithe de bharr imeacht Walsh i nGaillimh'

  • Treasa Ní Cheannabháin

    Tá iontas orm go bhfuil Máirtín Ó Cátháin ag déanamh dearmad ar an bhfeachtas mór frith rialtais atá ar siúl sa tír le ós cionn 2 bhliain, agus ní haon éisceacht í Gaillimh sa bhfeachtas seo! Cheapainn fhéin go mbeidh níos mó ná Brian Walsh imithe don pháirc imeartha poiltíochta taréis an chéad thoghchán eile! Tá fiú an lucht leanúna atá ag an Lucht Oibre i nGaillimg ag rá go bhfuil ‘s go mbeidh Páirtí An Lucht Oibre scríosta ar nós na PDs tráth! Mar sin an bhfuil seans ar bith ag Nolan??? Is cinnte gur ag Catherine Connolly NS a bheidhs an buntáiste is mó agus ní ag Kyne an babhta seo. Beidh Connolly níos cleachtaidh ar chleasanna salacha Fine Gael an babhta seo! Is cinnte go mbeidh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh níos aibí & níos oillte
    an babhta seo freisin!