Seán Kyne ceaptha ina Aire Stáit don Ghaeltacht

Tagann an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar i gcomharbacht ar Joe McHugh, a ceapadh inniu ina Aire Stáit don Diaspóra, mar Aire Stáit Gaeltachta

Seán Kyne
Seán Kyne

Tá Seán Kyne, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, ceaptha ina Aire Stáit don Ghaeltacht agus do acmhainní nádúrtha ag an Taoiseach.

D’fhógair Enda Kenny airí stáit an 32ú Dáil inniu agus ba ar an bpolaiteoir as Maigh Cuilinn a leag sé cúram na Gaeltachta.

Toghadh an tAire Stáit nua chun na Dála den chéad uair in 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochán i nGaillimh Thiar agus gan le spáráil aige ach 17 vóta.

Toghadh an athuair Kyne, atá 40 bliain d’aois, in olltoghchán na bliana seo nuair a fuair sé an tríú suíochán sa dáilcheantar.

Iarchomhairleoir feirmeoireachta é atá pósta leis an iriseoir Avril Horan.

Tagann Kyne i gcomharbacht ar Joe McHugh, a ceapadh inniu ina Aire Stáit don Diaspóra, mar Aire Stáit Gaeltachta.

Bhain conspóid le ceapachán McHugh ina Aire Stáit Gaeltachta in 2014 toisc nach raibh an Ghaeilge ar a thoil aige. D’fhógair Enda Kenny sa Dáil go raibh McHugh á chur ar ‘aistear foghlama teanga’ aige, cinneadh a chuir olc ar lucht na teanga.

Tá feabhas mór tagtha ar Ghaeilge Kyne féin ó chéadtoghadh ina Theachta Dála é in 2011.

Murab ionann is an uair sin, bíonn an Teachta Dála ó Mhaigh Cuilinn, ar éirigh leis an tríú suíochán a bhuachan i nGaillimh Thiar, go mór istigh leis féin anois agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Bhí Kyne patuar go maith nuair a ceistíodh é faoi dhintiúir cheannaireachta Enda Kenny i ndiaidh an toghcháin, ach ní raibh drandam as le tamall anuas.

Bhí baint ag an Aire Stáit nuacheaptha leis na cainteanna idir Fine Gael agus Fianna Fáil maidir le bunú rialtas nua agus bhíothas den tuairim le tamall anuas go raibh ardú céime i ndán dó.

Threisigh ar an tuairimíocht sin nuair nár cheap an Taoiseach Aire Sinsearach a bhfuil Gaeilge aige sa Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta.

Ní i gcónaí a bhí Kyne ar aon fhocal leis an rialtas deireanach maidir le ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta. Mar Theachta Dála Gaeltachta bhí sé faoi bhrú go minic maidir le polasaithe teanga a pháirtí agus an rialtais.

Dúirt sé, mar shampla, go raibh díomá air nach raibh maoiniú curtha ar fáil ag an Rialtas deireanach d’ábhair oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus cháin sé an t-iar-aire cumarsáide Paschal Donohoe as a sheasamh maidir le ceist stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair.

Bhí an tAire Stáit nuacheaptha i measc na dTeachtaí Dála a thug ráitis sa Dáil inné faoin nGaeilge agus bhí údar dóchais do lucht na teanga, b’fhéidir, i gcuid dá raibh le rá aige.

Dúirt Kyne go raibh sé “in am” feidhm a thabhairt don dréachtpholasaí oideachais nua don Ghaeltacht a foilsíodh anuraidh. Dúirt sé chomh maith go gcaithfí maoiniú breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus go raibh gá le “cuóta” nua a thabhairt isteach chun cur le líon na ndaoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Fág freagra ar 'Seán Kyne ceaptha ina Aire Stáit don Ghaeltacht'

  • Sona Sásta

    Aire Stáit nua
    AGUS caighdeán ath-athbhreithnithe ag teannadh go tréan linn
    AGUS beidh flúirse Gaeilge á labhairt ag Joe McHugh le lucht an diaspóra;
    Tá mo chupa ag cur thairis

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Iarchomhairleoir feirmeoireachta anois i mbun cúrsaí comhshaoil? Nach bhfuil an dá eagraíocht sin ag teacht salach ar a chéile?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tugtaí seans dhó é féin a chruthú. Ní fhéadfadh sé a bheith níos measa ná Dinny Mc Ginley ar aon chaoi.

  • Máire Ní Ghriofa

    Cá bhfuil vóta don Éireannach i gcéin ?

    nach bhfuil vóta ag pobal na h-Eorpa ag baile ? tiortha uilig na h Eorpa
    ach an Rialtas in Eírinn ag cuir leath suim in ár saorantacht ??