Seán Kyne ar dhuine de cheathrar Gaeilgeoirí i measc airí stáit nua-ainmnithe

Ceapadh Jim Daly ina aire stáit sa roinn sláinte, tá Brendan Griffin ceaptha ina aire stáit don turasóireacht agus spóirt agus tá Patrick O’Donovan ceaptha ina aire stáit sa roinn airgeadais

Seán Kyne ar dhuine de cheathrar Gaeilgeoirí i measc airí stáit nua-ainmnithe

Tá an Teachta Dála as Gaillimh Thiar Seán Kyne athcheaptha ina aire stáit agus é le bheith lonnaithe sa Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe. Beidh an t-iar-aire stáit Gaeltachta ag plé feasta le cúrsaí pobail, acmhainní nádúrtha agus leis an bhforbairt dhigiteach.

Tuairiscítear go raibh an-díomá ar Kyne gur baineadh cúram na Gaeltachta de an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair an Taoiseach a airí rialtais agus cuid dá airí stáit. Ceapadh Joe McHugh mar Phríomh-Aoire agus mar Aire Stáit Gaeltachta.

Rinneadh cáineadh ar cheapacháin Leo Varadkar toisc nach raibh ach triúr ban i measc an 19 duine a ceapadh mar airí stáit inniu.

Ní hé Seán Kyne an t-aon Ghaeilgeoir a ceapadh ina aire stáit inniu agus ceapadh triúr eile a bhfuil dóthain Gaeilge acu le hagallamh beo a dhéanamh leis an meáin chraolta Gaeilge.

Ceapadh Jim Daly, iar-phríomhoide i nGaelscoil Dr. Uí Shúilleabháin sa Sciobairín, ina aire stáit don mheabhairshláinte agus do dhaoine aosta.

I measc na ndaoine eile a fuair ardú céime inniu, tá duine de na Teachtaí Dála a dhéanann ionadaíocht ar Ghaeltacht Chiarraí, Brendan Griffin.

Is é Patrick O’Donovan an ceathrú duine a bhfuil Gaeilge aige agus é le bheith lonnaithe sa Roinn Airgeadais, mar a mbeidh sé ag plé leis an earcaíocht phoiblí agus le ríomhsheirbhísí rialtais.

Cuireadh ar John Paul Phelan an cúram sa Roinn Tithíochta a bhíodh ar Damien English ach beidh English ag fanacht sa roinn chéanna chomh maith. Is é Pat Breen atá tagtha i gcomharbacht ar Dhara Murphy sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Dúirt Murphy gur tugadh le fios dó go raibh ísliú céime á fháil aige toisc go gcaithfeadh an Taoiseach a lucht tacaíochta féin a chúiteamh.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Taoisigh gur ar bhonn tuillteanais amháin a ceapadh na hairí stáit ar fad.

Is iad a leanas na hAirí Stáit atá i rialtas Leo Varadkar:

Joe McHugh – an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht, agus do na hOileáin

Mary Mitchell-O’Connor – an tAire Stáit don Ardoideachas

Finian McGrath – an tAire Stáit don Mhíchumas

Paul Kehoe – an tAire Stáit don Chosaint

John Paul Phelan – an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus d’Athchóiriú Toghcháin

Damien English – an tAire Stáit don Tithíocht agus don Fhorbairt Uirbeach

Michael D’Arcy – an tAire Stáit do Sheirbhísí Airgeadais agus don Árachas

Helen McEntee – an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha

Andrew Doyle – an tAire Stáit don Bhia, don Fhoraoiseacht, agus don Ghairneoireacht

Patrick O’Donovan – an tAire Stáit don Soláthar Poiblí, don Rialtas Follasach, agus don ríomh-Rialtas.

Seán Kyne – an tAire Stáit don Phobal, d’Acmhainní Nádúrtha, agus don Fhorbairt Dhigiteach

Jim Daly – an tAire Stáit don Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Aosta

Pat Breen – an tAire Stáit don Trádáil, don Fhostaíocht, don Ghnó, do Chomh-mhargadh an AE, agus don Chosaint Sonraí

Catherine Byrne – an tAire Stáit don Straitéis Náisiúnta Drugaí agus do Chur Chun Cinn na Sláinte

Ciarán Cannon – an tAire Stáit don Diaspóra

David Staunton – an tAire Stáit don Chomhionannas, don Inimirce, agus don Imeascadh

John Halligan – an tAire Stáit don Oiliúint agus do Scileanna

Kevin Moran – an tAire Stáit don OPW agus d’Fhaoiseamh Tuilte

Brendan Griffin – an tAire Stáit don Turasóireacht agus don Spórt

Fág freagra ar 'Seán Kyne ar dhuine de cheathrar Gaeilgeoirí i measc airí stáit nua-ainmnithe'