Seán Fitzpatick, iarchathaoirleach conspóideach Anglo Irish Bank, tar éis bháis

Bhí cáil ar Sheán Fitzpatrick as an mbaint a bhí aige le fás as cuimse Anglo Irish Bank agus lena theip i ndiaidh thobchliseadh an gheilleagair in 2008

Seán Fitzpatick, iarchathaoirleach conspóideach Anglo Irish Bank, tar éis bháis

Tá Seán FitzPatrick, iar-phríomhfheidhmeannach agus cathaoirleach Anglo Irish Bank, tar éis bháis. Bhí sé 73 bliain d’aois.

Bhí cáil ar Seán Fitzpatrick as an mbaint a bhí aige le fás as cuimse Anglo Irish Bank agus lena theip i ndiaidh thobchliseadh an gheilleagair in 2008.

Banc beag a bhí mBanc Chathair Bhaile Átha Cliath arbh fhiú €5 milliún é nuair a chuaigh Seán Fitzpatrick i bhfeighil air.

Rinneadh Anglo Irish Bank den bhanc beag ina dhiaidh sin agus faoi stiúir Fitzpatrick d’fhás an banc nó go raibh sé ar an tríú ceann is mó in Éirinn agus na billiúin ar na leabhair aige.

 

D’fhás Anglo tráth a raibh an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime agus chuir an banc go mór leis an margadh boilscithe réadmhaoine a raibh baint mhór aige le fás agus le bás an Tíogair.

 

Bunaithe ar iasachtaí a thabhairt d’fhorbróirí réadmhaoine anseo agus i dtíortha eile a bhí an rath a bhí ar Anglo agus nuair a thit an tóin as an margadh réadmhaoine thit an tóin as an mbanc leis.

Nuair a chlis ar an Anglo thóg an Stát ar láimh na fiacha breis is €30 billiún a bhí air, rud a chuir go mór leis an ngá le pacáiste tarrthála a fháil ón IMF agus an tAE le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Mac feirmeora as contae Chill Mhantáin ab ea Seán Fitzpatrick a rinne staidéar ar ghnó in UCD.

D’oibrigh sé mar chuntasóir d’Ernst  & Young ar feadh tamaill sula bhfuair sé post le comhlacht darbh ainm an Irish Bank of Commerce. Rinneadh an comhlacht sin a nascadh leis an City of Dublin Bank agus an Anglo Irish Bank Corporation, agus ceapadh Fitzpatrick ina phríomhfheidhmeannach ar an ngrúpa nua i 1986.

€634,880 a bhí ar an leabhar iasachtaí an uair sin ach faoin am ar ceapadh Fitzpatrick ina chathaoirleach ar Anglo in 2005 €34 billiún a bhí i gceist agus bhí brabach €685 milliún in aghaidh na bliana á dhéanamh ag an mbanc.

Trí bliana níos déanaí, in 2008, bhí níos mó ná a dhá oiread ar an leabhar iasachtaí – €72 billiún. Rinne Anglo brabach €1.2 billiún in 2007.

D’éirigh Fitzpatrick as an gcathaoirleacht in 2008 mar gheall ar fhiosrúchán faoi aistriú iasachtaí pearsanta arbh fhiú €87 milliún iad ó Anglo go dtí Irish Nationwide.

Ba in 2008 chomh maith a d’éirigh an Taoiseach Brian Cowen as. Bhain cuid den chonspóid a thug ar Cowen éirí as le babhta gailf a d’imir sé le Fitzpatrick roimh fhógra bharántas na mbanc. Tá ráite ag Cowen agus daoine eile nár pléadh beag nó mór cás Anglo Irish Bank an lá sin.

I ndiaidh bharántas na mbanc in 2008 bhí Fitzpatrick neamhleithscéalach go maith faoin ról a bhí ag Anglo i gcliseadh an gheilleagair. Géarchéim eacnamaíochta dhomhanda ba chúis leis an gcliseadh sin agus ní “iasachtaí místuama” na mbanc, a mhaígh sé.

In 2009 tháinig sé chun solais gur thug Anglo €450 milliún ar iasacht do ghrúpa deichniúir, ar tugadh an Maple 10 orthu. Tugadh an iasacht dóibh chun sciar 10% a cheannach de na scaireanna a bhí ag an bhfear gnó Seán Quinn sa bhanc de thoradh conarthaí difríochta.

Gabhadh Seán Fitzpatrick mí an Mhárta 2010, ceistíodh é agus scaoileadh saor é. Ag an am céanna chuir Anglo an dlí air agus iad ag iarraidh €70 milliún d’iasachtaí nár íocadh a fháil ar ais uaidh.

I mí Iúil na bliana céanna fógraíodh FitzPatrick ina fhéimheach agus fiacha €147 milliún air.

Nuair a chuaigh Anglo Irish Bank go tóin poill bhí Fitzpatrick sáinnithe i roinnt cásanna sna cúirteanna, ina measc cás faoin Maple 10 ina bhfuarthas neamhchiontach é.

In 2017 fuarthas Fitzpatrick neamhchiontach i ngach cúis ina thriail i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath.

Bhain triail Fitzpatrick le líomhaintí nár nocht sé iomlán an scéil faoi iasachtaí stiúrthóirí an bhainc le hiniúchóirí. Ba é an lá a bhfuarthas neamhchiontach é an 126ú lá den triail, rud a d’fhág gurbh í an triail choiriúil ab fhaide ó bunaíodh an stát.

Ag fágáil na cúirte dó, dúirt Fitzpatrick gur “lá iontach” a bhí ann dó féin agus dá mhuintir agus ghabh sé buíochas lena fhoireann dlí.

Tuairiscíodh go raibh laigí i gcur chuige lucht fiosraithe an cháis i measc na gcúiseanna leis an mbreith.

Maireann a bhean Caitríona agus a gclann David, Jonathan  agus Sara.

 

Fág freagra ar 'Seán Fitzpatick, iarchathaoirleach conspóideach Anglo Irish Bank, tar éis bháis'