Seán Creavan, iarbhall de Bhord Údarás na Gaeltachta agus fear uasal, ar shlí na fírinne

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar a chara Séan Creavan, an t-iarbhall de Bord Údarás na Gaeltachta a bhásaigh an tseachtain seo in aois a 91 bliain

Seán Creavan, iarbhall de Bhord Údarás na Gaeltachta agus fear uasal, ar shlí na fírinne

Tá fear Mhionlaigh, Seán Creavan, imithe uainn. Fuair sé saol fada. Bhí 91 bliain sroichte aige.

Chaith mé féin agus é féin dhá théarma ar Údarás na Gaeltachta. Leis an bPáirtí Daonlathach a bhí Seán. Sílim  go deimhin nach mbeadh sé sa bPáirtí Daonlathach ar chor ar bith murach a dhílseacht do Roibeárd Ó Maoildhia.

Leanfadh sé Ó Maoildhia sa snámh.

Ba bheag é mo mheas-sa ar an bPáirtí Daonlathach ach bhí an-ghean agam ar Sheán. Fear cairdiúil, suáilceach a bhí ann.

Cén bhrí ach an Ghaeilge a bhí aige. Róstfadh sí ar an tlú, mar a dúirt Tomás Laighléis faoin nGaeilge a bhí i Mionlach lena linn féin.

Bhí cleamhnas ag Seán le Tomás trí Nóra Creavan, an bhean a phós Tomás.

Nuair a bheadh Seanchas Thomáis Laighléis léite agat gheofá sásamh breise ar chomhrá Sheáin.

Dúirt Tomás Laighléis go dtugtaí ‘lachain Mhionlaigh’ mar leasainm ar mhuintir Mhionlaigh de bharr go labhraídís go sciobtha. Níor thug mé é sin faoi deara ariamh faoi Sheán: ba bhreá tomhaiste uaidh a scéal a chur i láthair.

Nuair a thagadh muid le chéile oíche roimh chruinniú Údaráis is againn a bhíodh an comhrá breá agus an Ghaeilge chraicneach. Bhíodh páirt mhór ag Seán Ó Neachtain sa gcomhrá—cainteoir cumasach eile.

Bhíodh cur síos ag Creavan ar rásaí capall go minic. Bhí capall rása i bpáirt aige féin agus ag cairde leis agus ní bhíodh cor ná car dá gcuireadh an capall sin di nach n-insíodh Seán dúinn.

Luath nó mall tharraingíodh sé anuas cás na n-eascann.

Bhí sé ag déanamh go maith ar iascach na n-eascann  ar an gCoirib tréimhse mhaith dá shaol ach shocraigh an rialtas ansin go raibh na heascanna ag éirí gann agus go gcaithfí iad a chaomhnú. Thug siad dlí isteach in aghaidh a bheith á n-iascach.

Thosaigh Seán feachtas fada ag iarraidh a chur ina luí ar rialtais an dlí a aisghairm.

Lá amháin bhí mé féin ag iarraidh rún faoi leith a chur trí Bhord an Údaráis. D’iarr mé tacaíocht ar Sheán.

Sa leithreas a rinneamar an socrú roimh an gcruinniú: go vótálfadh Seán ar son an rúin a bhí agamsa agus go labhróinnse le Éamon Ó Cuív faoi na heascanna.

“Nach bhfuil sé chomh réidh dhom,” a dúirt Seán. Leagan cainte eile as Mionlach a bhí ansin.

Bhí aithne mhaith ar Sheán in  Árainn agus i gConamara. Phós sé bean mhaith as Leitir Mealláin, Máirín.

Cuireadh eolas faoi leith air sa taobh seo den chontae nuair a bhí sé féin agus Pádraic Ó Biadha beagnach ar comhscór i dtoghchán Údaráis.

Thóg sé trí lá ag an gcomhaireamh ar an gCeathrú Rua iad a scaradh ó chéile.

Thug Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach eolaithe agus dlíodóirí isteach le súil ghéar a choinneáil ar an athchomhaireamh. Dá mheabhraí dá raibh siad ní hiad a réitigh an scéal ach fear as ceantar na n-oileán, Pádraic Ó Gríofa, nach raibh mórán cleachtaidh ar chúrsaí toghcháin aige beag ná mór  go dtí sin.

Thug seisean faoi deara nach raibh stampa ar cheithre cinn de na vótaí a caitheadh.

Ag Pádraic Ó Biadha a bhí an bua sa deireadh ach níor chuir sin stuaic ná múisiam  ar Sheán. Ghlac sé lena bhualadh go breá fearúil. Ba léiriú eile é ar an uaisleacht a bhí sa bhfear.

Céad slán leat, a chara. Níl le rá agam anois ach comhbhrón ó chroí a dhéanamh le do bhean Máirín, le do mhac Gary, agus le do cheathrar iníon, Orla, Niamh, Mary agus Sheena.

Fág freagra ar 'Seán Creavan, iarbhall de Bhord Údarás na Gaeltachta agus fear uasal, ar shlí na fírinne'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.