‘Sean-aistritheoirí’ An Choimisiúin Eorpaigh ag súil go mór le ‘Aistritheoirí Óga’

Tá an comórtas ‘Aistritheoirí Óga’ á eagrú ag an Aontas Eorpach don seachtú bliain

‘Sean-aistritheoirí’ An Choimisiúin Eorpaigh ag súil go mór le ‘Aistritheoirí Óga’

Tá aistritheoirí óga á lorg ag an Aontas Eorpach agus comórtas aistriúcháin do dhaltaí iarbhunscoile seolta chun aird a tharraingt ar stádas na Gaeilge san aontas.

Seo an seachtú bliain den chomórtas ‘Aistritheoirí Óga’ agus labhair Aire Stáit na Gaeltachta faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in Éirinn agus san Aontas Eorpach do Ghaeilgeoirí.

An Coimisiún Eorpach agus Roinn na Gaeltachta a eagraíonn an comórtas agus cead cur isteach air ag aon dalta sa tír a bhí 15 bliana nó níos sine ar an 1 Meán Fómhair seo caite.

Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge nó ó cheann de rogha teangacha Eorpacha eile go Gaeilge a bhíonn i gceist.

Deir an Coimisiún Eorpach gur trí sprioc atá ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn i measc daltaí scoile; an t-ilteangachas a spreagadh; agus suim daoine óga a mhúscailt i ngairmeacha le Gaeilge.

Bronnfar duaiseanna do na haistriúcháin is fearr go Gaeilge agus don ‘aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann’.

Dúirt Aislínn McCrory, Ceann Gníomhach Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, go “n-osclaíonn teangacha doirse dúinn” sa saol.

Is “mór an phribhléid” é don Éireannach a bhfuil Gaeilge agus Béarla aige, go bhfuil “ar a laghad dhá theanga ar a thoil aige”.

Dúirt Aislínn McRory go raibh “sean-aistritheoirí” an Choimisiúin Eorpaigh ag súil go mór leis an gcomórtas mar gur is “ábhar misnigh” aistritheoirí óga na hÉireann dóibh.

Agus an comórtas á sheoladh aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, gur “deis iontach” a bhí sa chomórtas do dhaltaí “smaoineamh ar na deiseanna iontacha fostaíochta atá san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu”.  

“Tá an líon deiseanna dóibh siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu ag méadú in Éirinn chomh maith de bharr tionchar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus is ábhar dóchais é seo do dhaoine óga a bhfuil suim acu sa teanga,” arsa an tAire Stáit O’Donovan.

Fág freagra ar '‘Sean-aistritheoirí’ An Choimisiúin Eorpaigh ag súil go mór le ‘Aistritheoirí Óga’'