Séamus Mac Géidigh, TK Whitaker agus Máire Ní Thuathail i measc na nGael is déanaí ar ainm.ie

Tá ocht gcuntas beathaisnéise nua curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, ainm.ie

Séamus Mac Géidigh, TK Whitaker agus Máire Ní Thuathail i measc na nGael is déanaí ar ainm.ie

Tá cuntas ar shaol agus ar shaothar seisear mórGhael a bhásaigh le cúpla bliain anuas curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.

Ar an seisear a bhfuil cuntas orthu foilsithe ar an suíomh, tá Pádraig Ó Fiannachta (1927–2016), an scoláire, file agus foilsitheoir ón nDaingean, Séamus Mac Géidigh (1961-2016) an craoltóir agus tráchtaire spóirt aitheanta as Gort an Choirce agus Thomas Kenneth Whitaker (1916–2017), an t-eacnamaí agus státseirbhíseach iomráiteach a roghnaigh lucht féachana RTÉ mar Éireannach an chéid seo caite.

Cuireadh chomh maith le ainm.ie le déanaí nótaí beathaisnéise faoi Mháire Ní Thuathail (1959–2016), an léiritheoir teilifíse cáiliúil as Tuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo agus an craoltóir as Camas i gConamara, Pádraig Ó Méalóid (1931–2016).

Ceannródaí i réimse na ríomheolaíochta, ab ea Marion Gunn (1947–2016) a bhfuil cuntas ar a saol ar fáil ar an mbunachar anois chomh maith.

Cuireadh cuntas ar bheirt eile leis an mbunachar le déanaí: Seán Ó Súilleabháin (1882–1957) a chabhraigh le pobal Gaelach beo bríomhar a chothú in Butte, Montana ag tús an fichiú céad, agus Conchúr Mac an Bháird (1889–1973) sagart, múinteoir agus léirmheastóir as contae Mhuineacháin.

Éilis Ní Anluain, Mártan Ó Ciardha, Seán Mac Labhraí agus Ciara Ryan a scríobh na cuntais nua.

Tá breis is 1,700 beathaisnéis ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, Cló Iar-Chonnacht agus Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.

Fág freagra ar 'Séamus Mac Géidigh, TK Whitaker agus Máire Ní Thuathail i measc na nGael is déanaí ar ainm.ie'

  • Dillon Ó Dúgáin

    Fear uilechumhachtach a bhí in Séamus Mac Géidigh. Sheas sé’n fód don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le bród. Fear pobail go smior a bhí ann Séamus, bhí sé páirteach in go leor eagraisí áitiúla ar fud cheantar Chloich Cheann Fhaola.
    D’oibir sé go láidir chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phost a bhí aige mar bhanisteoir reigiúnach in RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga.
    Tá sé go fóill fíor-dhoiligh a chreidbhéil go bhuil an laoch, Séamus Mac Géidigh imithe uainn go tobann.
    Ar Dheis Lámh Dé ar a Anam Uasal!!