Séamas ar ais ar a sheanléim ach n’fheadar an rud maith é sin…

Déantar míreanna aicsin den scoth a sholáthar in ‘Spectre’ agus is ceann feadhna iontach é Daniel Craig mar James Bond, ach is trua go bhfuil an tsraith imithe i muinín na háiféise arís

daniel-craig-in-spectre-1940x1293

Spectre

Stiúrthóir: Sam Mendes

Cliar: Daniel Craig, Léa Seydoux, Monica Bellucci, Christopher Waltz, Ralph Fiennes, Andrew Scott.

Ba chloch mhíle faoi leith don chnuasach Bond é Casino Royale i 2006. Go deimhin, b’éigean dó an chlochmhíle sin a shroichint toisc go raibh an dá tháirge leis an laoch beagfhoclach Jason Bourne i ndiaidh tírdhreach an aicsin a athrú ó bhonn. Bhí an ceithre ghála a tháinig roimh Casino sleamhnaithe i dtreo na háiféise ar fad agus cé go raibh maitheasaí ag baint le taispeántais fhear na hUaimhe, bhíothas ag monabhar ag an am go raibh buille Bond tugtha.

Chuir Casino Royale borradh nua faoin gcnuasach móreachtraíochta. Maolaíodh ar ról na gcarúlacha grinn, na suiríochta, na gcairteacha taibhseacha agus na gciútraimintí áiféiseacha. Bhí carachtar níos daonna, níos téagartha againn. Bhí an rud ar fad níos gairbhe. Ag an am céanna, méadaíodh ar réalachas an aicsin agus ba bhuaicphointe Royale é an tóraíocht parkour ag an tús.

Bhí múnla nua cruthaithe agus cloíodh leis, a bheag nó a mhór, sna scannáin a tháinig ina dhiaidh sin. Measaim go bhfuiltear tar éis cúlú ón múnla sin anseo agus go bhfuiltear imithe i muinín na háiféise arís: culaith dhinnéir bhán tarraingthe aniar as a phóca ag Séamas le dul ag suiríocht, an bithiúnach ag seanmóir agus ag rámhaillí faoi dhó, agus an iomarca castaí gan dealramh sa scéal. É sin ar fad agus an chríoch phatuar, sheanchaite. B’ábhar iontais agus díomá é seo dom, go moórmhór agus ceardaí American Beauty (1999) agus Road to Perdition (2002) ar an stiúir.

Sa ghála seo, beirtear ar shnáthanna a bhí ar foluain ón gcéad trí scannán agus déantar iad a cheangal dá chéile agus d’eagraíocht rúnda Bloefeld, Spectre. Ina theannta sin, déantar iarracht chiotach dul ag tochailt i bpearsantacht Bond.

Caitheadh dua, is léir, le macallaí a bhaint as an gcúig scannán is fiche atá imithe romhainn: seatanna do chat bán, Bloefeld lena cholm, bithiúnach gur oidhre Jaws agus Oddjob é, agus comhrac ar thraen lena é sin a chur abhaile orainn. Caithfidh mé a rá gur thosaigh rudaí ag imeacht chun leadráin ar uairibh.

Bhí cad é bús faoi Monica Bellucci, atá bliain le cois an leathchéid, a bheith roghnaithe mar chailín Bond ach níl aici i ndeireadh na dála ach ról neafaiseach i radharc gan dealramh. Ba í ‘M’, le Judi Dench, an carachtar baineann is fearr a bhí in aon scannán Bond, agus ar cheann de na carachtair bhaineanna thánaisteacha is fearr le blianta, ach cuireadh í siúd de dhroim seoil in Skyfall (2012). Lena cheart a thabhairt do Ralph Fiennes, déanann sé gaisce leis an ról beag atá aige mar an ‘M’ nua.

Faoi mar is dual do Bond, déantar míreanna aicsin den scoth a sholáthar agus bhí an radharc tosaigh i gcathair Mheicsiceo thar barr ar fad. Go deimhin, baineadh súp as na láithreacha cuidsiúlacha ar fad ó Mheicsiceo go dtí an Ostair agus ón Róimh go Tangiers.

Is ceann feadhna iontach é Craig. Tá fisiciúlacht agus teacht i láthair iontach aige, mar aon le cumas maith aisteoireachta. I bhfad na haimsire, is cinnte go ndéanfar a thaispeántais a áireamh mar na léirithe is fearr ar charachtar Fleming, gan ach Sean Connery in ann é a fhéachaint leis.

Tá Séamas ar ais ar a sheanléim ach n’fheadar an rud maith é sin.

Fág freagra ar 'Séamas ar ais ar a sheanléim ach n’fheadar an rud maith é sin…'