Seaimpíní 2012 agus 2016 i mbaol agus pointí ag teastáil go géar uathu

Imreofar an babhta deireanach cluichí i nGrúpaí E agus F anocht agus cuid de na foirne is fearr san Eoraip i mbaol slán a fhágáil leis an gcomórtas

Seaimpíní 2012 agus 2016 i mbaol agus pointí ag teastáil go géar uathu

Luis Enrique. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An tSlóvaic v An Spáinn – 5pm

Ba í foireann na Spáinne rogha na coitiantachta chun críochnú sa chéad áit i nGrúpa E ach tá bua ag teastáil tráthnóna más leo dul níos faide sa chomórtas.

Cé go raibh na Spáinnigh i gceannas ar feadh tréimhsí fada sa dá chluiche a bhí acu go dtí seo, bíonn sé an-deacair acu cúil a aimsiú. Scóráil Alvaro Morata ceann in aghaidh na Polainne Dé hAoine seo caite ach cuireadh sin ó mhaith nuair a chuir sé deis iontach eile amú sa dara leath tar éis cic éirice Gerard Moreno a bheith sábháilte.

Tá Sergio Busquets ar fáil arís don Spáinn tar éis dó bheith ar iarraidh don chéad dhá chluiche ach ní leigheasfaidh seisean an fhadhb a bhí ag a fhoireann go dtí seo.

Má chríochnaíonn an cluiche tráthnóna ar comhscór, beidh an tSlóvaic sa chéad bhabhta eile den chomórtas den dara huair riamh. Údar díomá a bhí sa chliseadh in aghaidh na Sualainne an tseachtain seo caite tar éis dóibh an Pholainn a shárú sa chéad chluiche.

Robert Lewandowski

An tSualainn v An Pholainn – 5pm

Tabharfaidh taispeántas na Polainne sa chluiche comhscóir in aghaidh na Spáinne misneach don fhoireann roimh chluiche mór eile anocht. Tá a fhios ag na Polannaigh go gcaithfidh siad an tSualainn a bhualadh anocht nó beidh siad ag fágáil slán le mórchomórtas sacair eile i mbabhta na ngrúpaí.

Tá áit bainte amach ag an tSualainn sa chéad bhabhta eile cheana féin agus beidh na Polannaigh ag súil go mbeidh leathshúil acu ar an gcluiche sin seachas ceann na hoíche anocht i gCathair Pheadair.

Tá moladh faighte ag tosach óg na Sualainne, Alexander Isak, as a chuid imeartha go dtí seo sa chomórtas ach ní hé go bhfuil slám cúl faighte aige, ná go deimhin ag aon duine eile ar an bhfoireann. Níl ach cúl amháin scóráilte ag an tSualainn sa dá chluiche a bhí acu i nGrúpa E agus is ó chic éirice a tháinig an t-aon chúl sin.

 

Didier Deschamps. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Phortaingéil v An Fhrainc – 8pm

Ní bheidh Didier Deschamps sásta leis an toradh a bhí ar an gcluiche idir an Fhrainc agus an Ungáir Dé Sathairn, comhscór 1-1, ach mar sin féin tá na Francaigh slán sa chéad bhabhta eile de EURO 2020.

Feicfimid linn an nglacfaidh an bainisteoir leis an deis seo imreoirí nua a thabhairt isteach agus scíth a thabhairt dóibh siúd a bhí ag imirt go dtí seo ach fiú má ghlacann, fágann cumas na n-imreoirí atá ar fáil ag an bhFrainc nach mbeidh an fhoireann mórán níos laige.

Ó d’éirigh leis an nGearmáin an ceann is fearr a fháil ar an bPortaingéil ag an deireadh seachtaine, tá na Portaingéalaigh, seaimpíní EURO 2016, i mbaol a ndíbeartha ón gcomórtas. Fiú má chailleann siad anocht, d’fhéadfadh Cristiano Ronaldo agus a chéilí imeartha áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile go fóill ach teastaíonn pointe eile uathu chun é sin a chinntiú.

Cé gur chaill an Phortaingéil 4-2 in aghaidh na Gearmáine, léirigh Ronaldo a mhianach leis an gcúl a scóráíl sé, chun cur leis an bpéire a d’aimsigh sé sa chéad chluiche, agus chruthaigh sé cúl eile do Diogo Jota. Beidh gaisce eile ag teastáil anocht.

 

Joachim Löw. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Ghearmáin v An Ungáir – 8pm

Léirigh bainisteoir na Gearmáine Joachim Löw go raibh an ceart aige cloí lena chóras 3-4-3 nuair a rinne na Gearmánaigh scrios ar an bPortaingéil ag an deireadh seachtaine.

Ba é Robin Gosens laoch na himeartha tar éis dó cúl amháin a scóráil agus péire eile a chruthú agus lántairbhe á bhaint aige as an spás a thug na Portaingéalaigh dó. Bhí an cúlaí cliatháin eile, Joshua Kimmich, ar fheabhas sa chluiche freisin, rud a thabharfadh le fios go mb’fhéidir go raibh díth céille orthu siúd a cheistigh cur chuige Löw, fear nach fada ó bhuaigh sé Corn an Domhain.

Bhí sé tábhachtach go raibh Gosens agus Kimmich brúite níos faide chun tosaigh ná mar a bhíodar in aghaidh na Fraince sa chéad bhabhta, agus seans go dtabharfaidh an bainisteoir an treoir chéanna dóibh in aghaidh na hUngáire.

Beidh na hUngáraigh lán le muinín tar éis dóibh an comhscór leis an Fhrainc a bhaint Dé Sathairn. Cé go raibh an t-ádh orthu gur chuir na Francaigh roinnt mhaith deiseanna amú, b’údar suime go raibh an Ungáir sásta tabhairt faoina gcéilí comhraic seachas suí siar ag cosaint an t-am uile.

Tá bua ag teastáil más uathu an chéad bhabhta eile a bhaint amach, rud a fhágann go mbeidh orthu dul ar an ionsaí arís, ach d’fhéadfadh na Gearmánaigh leas a bhaint as na bearnaí a bheidh fágtha.

Fág freagra ar 'Seaimpíní 2012 agus 2016 i mbaol agus pointí ag teastáil go géar uathu'