Seafóid é a rá nach bhfuil idé-eolaíocht taobh thiar de pholasaí tithíochta

Tá Fianna Fáil fós faoi dhraíocht ag forbróirí agus ag tógálaithe móra

Seafóid é a rá nach bhfuil idé-eolaíocht taobh thiar de pholasaí tithíochta

Rud amháin atá Covid-19 a phlúchadh is ea an ghéarchéim tithíochta atá sa tír. Murach an víreas a bheith á sábháil ar fhearg an phobail bheadh an rialtas ar aghaidh na bpiléar go leanúnach faoina laghad tithe atá á dtógáil. Mar a dúirt Eoin Ó Broin as Sinn Féin an lá faoi dheireadh bheadh léirsithe ar na sráideanna.

An lá faoi dheireadh freisin dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien an chaint seo:

“Tá mé tiomanta do phragmatachas seachas d’idé-eolaíocht agus do dhogmatachas le tithe a chur ar fáil.”

Is breá an bolgam cainte é ach is rísheafóideach an ráiteas é ina theannta sin. Idé-eolaíocht ar fad a bhí i bpolasaí tithíochta Fhianna Fáil le fada an lá.

Bhí siad faoi dhraíocht ag forbróirí agus ag tógálaithe móra.

Go deimhin d’fhéadfaí a rá gur chuidigh siad níos tréine ná Fine Gael fiú amháin le hamhantraithe agus le lucht brabúsaíochta..

B’fhéidir go ndéarfá gur stair anois an campa cáiliúil úd a bhíodh ag ráschúrsa na Gaillimhe. Ach arb ea? Tá Darragh O’Brien ag umhlú chomh híseal do na boic mhóra leis an gcuid ba chlaoine de na Fianna Fáiligh a chuaigh roimhe.

Tá cleas eile anois aige leis na forbróirí a choinneáil sásta. Scéim tithíochta ar phraghas réasúnta a thugann sé air. €75 milliún a chosnóidh sé.

Is é an bunús atá leis go dtógfaidh an Stát 30% de scair i dteach a cheannóidh duine den chéad uair. Lámh chúnta a thabhairt do dhaoine le teach a cheannacht an aidhm atá leis, a déarfadh an tAire. Féach mar sin féin gurbh iad lucht na tógála a spreag an rialtas leis an scéim a chur i bhfeidhm.

Meon amháin a bhí acusan: go líonfadh an stát an bhearna idir an méid a bheadh ceannaitheoir an tí in acmhainn a íoc agus praghas an mhargaidh.

Is fiú a thabhairt faoi deara gur mheabhraigh oifigigh an rialtais féin gur bheag ab fhiú an scéim do na ceannaitheoirí ach gur mhór ab fhiú an t-athrú do na tógálaithe.

Ardú eile ar phraghas na dtithe a thiocfadh as an méid a bhí á bheartú a dúirt siadsan.

Tháinig eolas amach le gairid a léiríonn go gléineach an phraiseach atá déanta den tithíocht sa tír seo.

Tá árasáin dhá sheomra ag dul idir €359,000 agus €521,000 i mBaile Átha Cliath anois. Is é an toradh atá air sin go dteastódh idir €92,000 agus €134,000 de theacht isteach a bheith ag lánúin le ceann acu a cheannacht.

Idir an dá linn tá tiarnaí talún agus creachchistí ag carnadh airgid ar chíos. Idir €2,200 agus €2,600 cíosa atá á éileamh ar árasán i lár Bhaile Átha Cliath faoi láthair.

An rud is measa faoin scéal ar fad gur in éineacht lena dtuismitheoirí atá formhór na ndaoine óga ag maireachtáil mar nach bhfuil aon dul as acu. Tá 54% díobh siúd atá idir 18 agus 34 bliain d’aois coinnithe sa mbaile ar an gcaoi sin.

Is é nádúr an éin an nead a fhágáil nuair a thagann an t-am agus is é a fhearacht sin ag an duine óg é. Déantar trácht go minic ar an tionchar atá ag an gcuibhriú de bharr an víris ar shláinte daoine ach nuair atá siad teanntaithe ar an dá bhealach is deacair dóibh fanacht sláintiúil.

Chuirfeadh an tAire Tithíochta Darragh Ó Brien idé-eolaíocht i leith Shinn Féin sna cúrsaí seo. Ach cén idé-eolaíocht atá ag Sinn Féin?

Dúirt Eoin Ó Broin le gairid nach bhfuil siad in aghaidh na dtiarnaí talún ná na bhforbróirí. Dúirt sé freisin nach bhfuil Sinn Féin ag éileamh gurb é an Stát a thógfadh formhór na dtithe.

Ní hiontas ar bith go dtugann an Irish Independent ardán d’Eoin go minic ar an aimsir seo. Seans maith go bhfuil siad “making him fit for Government”, mar a thabharfaidís air.

Mura dtuga Eoin agus Sinn Féin aire mhaith dóibh féin is é an áit a gcríochnóidh siad i gcampa eile ar ráschúrsa na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Seafóid é a rá nach bhfuil idé-eolaíocht taobh thiar de pholasaí tithíochta'