Seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 28 cás nua den ghalar deimhnithe

2,206 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,670 duine ó dheas den teorainn agus 536 ó thuaidh di

Seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 28 cás nua den ghalar deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 28 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,206 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,670 duine ó dheas den teorainn agus 536 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

29,939 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,163 cás ó dheas den teorainn agus 4,776 cás ó thuaidh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd orthu básaithe agus deimhníodh trí chás nua.

De réir an eolas a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach inniu, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 536.

757 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 29 Bealtaine. 528 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna. De réir fhigiúirí NISRA thit líon na mbásanna sa Tuaisceart don séú seachtain i ndiaidh a chéile.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,135 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,312 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 410 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,046 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,118 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,527 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,419 cás, nó 6%
  • 481 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 472 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth ar fhógair an Rialtas go bhfuil dlús á chur leis an bplean d’athsocailt na tíre agus plean ceithre thréimhse déanta den phlean díchuibhrithe cúig thréimhse a fógraíodh an mhí seo caite.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeifear ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 2 den phlean Dé Luain seo chugainn ach go mbeadh níos mó srianta ná mar a bhí beartaithe á scaoileadh. 

‘Céim 2 Plus’ a thug sé ar an tréimhse trí seachtaine romhainn. Cuirfear tús le Céim 3 ar an 29 Meitheamh, tosóidh Céim 4 ar an 20 Iúil agus tá Céim 5 a bhí le tosú ar an 10 Lúnasa caite i dtraipisí.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeidh gá le cuid de na rialacha faoi ollchruinnithe go dtí mí Lúnasa.

In áit ‘Fan sa mBaile’ is í an chomhairle feasta ‘Fan sa Cheantar’ mar tá deireadh leis an teorainn 5 chiliméadar agus idir seo agu Lá’l Peadar is Pól, an 29 Meitheamh, féadfaidh tú dul aon áit i do chontae féin nó go dtí contae eile má tá sé i ngiorracht 20 ciliméadar de do bhaile.

Tugadh le fios chomh maith go mbeidh cead taisteal aon áit sa tír ar an 29 Meitheamh, saoirse nach raibh in ainm is a bheith ann go dtí an 20 Iúil. 

Dúirt an Taoiseach gurb é an lá inniu lá an dóchais.

“Tá cúrsaí ag gabháil sa treo ceart de réir na sonraí agus an uimhir R fanta faoina 1. Tá líon na gcásanna den víreas ag laghdú agus tá an Rialtas tar éis súil a choinneáil ar ar tharla i dtíortha eile.

“Le cúpla mí anuas bhí an eagla ár dtarraingt anuas ach féach go bhfuil an dóchas ár n-ardú anois arís. Le linn na hÉigeandála, d’fhulaing muid sa tír seo, fuair ár muintir gheanúil bás, agus d’athraíomar an chaoi a gcaitheann muid ár saol agus a ndéanaimid ár gcuid oibre.  Tá dul chun cinn á dhéanamh. Táimid ag dul sa treo ceart. Tá sé tuillte againn dóchas a bheith againn arís.”

 

Ón Luan ar aghaidh, féadfaidh suas le seisear cuairt ghearr thabhairt ar theaghlach eile ach fanacht dhá mhéadar amach uathu.

Daoine atá i gcontúirt mhór ón víreas de bharr aoise, cóir leighis nó éalang eile, féadfaidh líon beag daoine cuairt a thabhairt orthu ina dteach féin. Caithfidh na cuairteoirí sin miotóga agus mascanna a chaitheamh agus fanacht dhá mhéadar amach ón té a bhí cuibhrithe. 

Iarrfar ar na siopaí am ar leith a chur i leataobh go speisialta do na seandaoine agus aon duine eile atá goilliúnach agus miotóga a chur ar fáil. Ba cheart do chustaiméirí masc nó clúdach éadain a chaitheamh sa siopa. 

Féadfaidh siopaí a bhfuil doras amach ar an tsráid acu oscailt Dé Luain ach caithfear srian a choinneáil ar an líon daoine a bheidh istigh ag aon am. Beidh cead oscailte ag marglanna agus siopaí earraí tí freisin ach iad a bheith ábalta an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. Beidh cead na hionaid siopadóireachta a oscailt ar an 15 Meitheamh ach ní bheidh cead ag daoine bailiú le chéile aon áit iontu.

Déanfar ardú ar an líon daoine a cheadófar ag sochraidí i gCéim 2. 

Beidh cead ag 25 duine freastal feasta in áit an deichniúr a bhí ceadaithe ó tugadh isteach na srianta ach caithfear an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. 

Féadfaidh daoine páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt agus aclaíochta. 

Beidh foirne beaga in ann dul ag traenáil más féidir leo an scoitheadh sóisialta dhá mhéadar a chur i bhfeidhm ach ní bheidh cead cluichí a imirt. 

Beidh cead campaí samhraidh a eagrú ach gan níos mó na 15 duine a bheith in aon ghrúpa amháin. Osclófar páirceanna spraoi chomh maith Dé Luain ach caithfear maoirseacht agus glanadh a dhéanamh orthu. 

Leanfar le Scéim Shealadach an Fhóirdheontais Phá faoina n-íocann an Stát cuid de chostais phá an fhostóra go dtí deireadh Lúnasa. Beidh Liúntas Dífhostaíochta na Paindéime €350 le fáil ag fostaithe lán-aimseartha a chaill a bpost ach bainfear cuid den liúntas ar fhostaithe páirt-aimseartha a chaill a bpost.

An Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: RollingNews.ie

Beidh cead oscailte ag lucht na n-óstán ag deireadh na míosa agus is amhlaidh an cás ag tithe ósta a bhfuil ceadúnas bialainne acu. Ag an mbord amháin a dhéanfar freastal ar chustaiméirí agus caithfidh an scoitheadh sóisialta a bheith i réim.

I gcéim a 3, a thosóidh ar an 20 Iúil, a bheidh cead searmanais eaglasta a eagrú don phobal arís. An lá céanna a bheidh cead oscailte ag gruagairí.

Dúirt Leo Varadkar go raibh an cinneadh an plean díchuibhrithe a athrú ó bhonn bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. 

Bheadh scaoileadh na srianta ag brath ar an ngalar a bheith coinnithe faoi chois, a dúirt sé.

Chaithfí cloí i gcónaí, a dúirt sé, leis na beartais a raibh ár leas déanta acu go n-uige seo, an scoitheadh sóisialta, an níochán lámh agus an féinleithlisiú.

Feasta ní rialacha rialtais a bheidh i gceist leis an bhfeachtas i gcoinne an choróinvíris “ach athrú fadtéarmach ar an gcaoi a gcaithimid an saol”.

Dúirt sé chomh maith gur chóir do dhuine masc a chaitheamh agus é ar bhus, tram nó traein.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr  Tony Holohan nach raibh aon athrú sa mhéid a fógraíodh inniu ar an gcomhairle a chuir NPHET ar an Rialtas.

Dúirt an Dr Holohan chomh maith nach bhfuil aon fhianaise ann a léireodh gur cheart an 2 mhéadar scoitheadh sóisialta a laghdú. Bheifí ag brath níos mó ar an bpobal an rud ceart a dhéanamh iad féin amach anseo, ar sé.

“Tiocfaidh an t-am go mbeidh sé ar chumas daoine a gcinntí féin a dhéanamh. Is é iompar pearsanta an duine a choinneoidh an galar seo faoi chois amach anseo,” arsa Holohan.

Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar buíochas le muintir na hÉireann as a gcuid íobairtí ó thús na paindéime agus tharraing sé chuige féin ráiteas ó Lord of the Rings.

“An tráthnóna seo, lig dom críochnú le briathra dóchais, ‘Ar deireadh thiar, ní sheasfaidh an scamall ach tamall, an dorchadas féin glanfaidh sé. Tiocfaidh lá eile agus nuair a scalfaidh an ghrian, is gile a bheidh sí.’

“A bhuíochas don obair chrua agus na roghanna a rinne sibhse go buanseasmhach, tá an lá nua sin ag teacht.”

Fág freagra ar 'Seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 28 cás nua den ghalar deimhnithe'