Seachtar ban Gaeltachta ainmnithe ar fhoirne na gcúigí do chomórtas idirchúige peile

Tá triúr as Conamara, triúr ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus imreoir amháin ó Chorca Dhuibhne ainmnithe ar na foirne a ghlacfaidh páirt sa chomórtas i bPort Láirge an deireadh seachtaine seo

Seachtar ban Gaeltachta ainmnithe ar fhoirne na gcúigí do chomórtas idirchúige peile

Beidh seachtar imreoirí a imríonn le foirne Gaeltachta ag glacadh páirt i gcomórtas idirchúige peile na mban i bPort Láirge an deireadh seachtaine seo.

As Gaillimh an triúr a bheidh ar fhoireann Chonnacht don chomórtas bliantúil seo – Áine McDonagh as Maigh Cuilinn, Sarah Ní Loinsigh as Naomh Anna, Leitir Móir, agus tosach Naomh Pádraig na Fairche, Mairéad Seoighe.

Tabharfaidh cúige Uladh agus cúige Mumhan aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta den chomórtas maidin Dé Sathairn agus ceathrar ó fhoirne Gaeltachta a bheidh san iomaíocht.

Tá áit bainte amach ag beirt atá ar fhoireann an Tearmann, Nicole McLuaghlin agus Emer Gallagher, ar fhoireann Uladh, agus tá áit ar an bhfoireann chomh maith Katy Herron, a bhuaigh Craobh Idirmheánach Dhún na nGall le Gleann Fhinne i mbliana.

Is í Louise Ní Mhuircheartaigh as cumann Chorca Dhuibhne i gCiarraí an t-aon imreoir Gaeltachta a bhfuil áit bainte amach aici ar fhoireann na Mumhan.

Tá laoch Chorcaí Briege Corkery ainmnithe ina captaen ar fhoireann na Mumhan. Níor imir Corkery peil do Chorcaigh ó 2016 ach beidh sí ag dul chun páirce sa gcampas spóirt in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge an deireadh seachtaine seo.

Tá beirt as Áth Cliath roghnaithe ar fhoireann Laighean; Carla Rowe a roghnaíodh mar laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann 2018, agus Lyndsey Davey, atá san iomaíocht do ghradam Imreoir na Bliana 2018. Beidh scata imreoirí a bhí ar fhoireann Chorcaí, a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann i mbliana, ag glacadh páirt sa chomórtas chomh maith.

Is iad cúige Uladh a bhuaigh an comórtas idirchúige anuraidh agus beidh siad sa tóir ar a seachtú craobh as a chéile an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Seachtar ban Gaeltachta ainmnithe ar fhoirne na gcúigí do chomórtas idirchúige peile'