Seachtar ag Baile Átha Cliath ar fhoireann All Stars 2015

Naonúr ar fad ar fhoireann na bliana seo a fuair All Star den chéad uair i mbliana, ina measc an ceathrar ó Chiarraí ar bronnadh an gradam orthu

Bernard Brogan agus Jack McCaffrey ag ceiliúradh tar éis Chluiche Ceannais Peile na hÉireann 2015 ©INPHO/Cathal Noonan
Bernard Brogan agus Jack McCaffrey ag ceiliúradh tar éis Chluiche Ceannais Peile na hÉireann 2015. Bronnadh gradam orthu beirt anocht agus ainmníodh McCaffery mar Imreoir na Bliana chomh maith. ©INPHO/Cathal Noonan

Is ar bhuaiteoirí Chraobh Peile na hÉireann is mó a bronnadh Gradaim All-Star orthu anocht agus seachtar ó Áth Cliath ainmnithe ar fhoireann na bliana seo – Rory O’Carroll, Philly McMahon, Jack McCaffrey, Brian Fenton, Ciarán Kilkenny agus Bernard Brogan.

Ba é Jack McCaffrey a roghnaíodh mar Imreoir na Bliana agus ba é Diarmuid O’Connor ó Mhaigh Eo a fuair an gradam d’Imreoir Óg na Bliana.

Ní raibh oiread is duine amháin i measc an chúigear déag a fuair gradam anocht ar fhoireann na All-Stars anuraidh.

Ceathrar ó Chiarraí, a chaill cluiche ceannais na hÉireann, a fuair Gradam All Star anocht, agus ba é an chéad uair ag an gceathrar sin – Brendan Kealy, Shane Enright, Anthony Maher agus Donnchadh Walsh – All Star a bhuachtaint.

Naonúr ar fad ar fhoireann na bliana seo a fuair All Star den chéad uair i mbliana.

Ba é Conor McManus (Muineachán) an t-aon imreoir ar bronnadh gradam air nár shroich a chontae cluichí leathcheannais na hÉireann. Is ó na foirne eile a shroich na cluichí leathcheannais a tháinig an triúr eile a bhain áit amach ar fhoireann na bliana seo: Aiden O’Shea (Maigh Eo), Lee Keegan (Maigh Eo) agus Mattie Donnelly (Tír Eoghain).

Fógraíodh níos luaithe foireann All Stars na hiománaíochta agus seachtar roghnaithe ó Chill Chainnigh a bhuaigh craobh na hÉireann i mbliana.

Foireann All Stars na hiománaíochta 2015

1. Colm Callanan (Gaillimh)

2. Paul Murphy (Cill Chainnigh)

3. Joey Holden (Cill Chainnigh)

4. Noel Connors (Port Láirge)

5. Daithi Burke (Gaillimh)

6. Tadhg de Burca (Port Láirge)

7. Cillian Buckley (Cill Chainnigh)

8. Michael Fennelly (Cill Chainnigh)

9. David Burke (Gaillimh)

10. Cathal Mannion (Gaillimh)

11. Richie Hogan (Cill Chainnigh)

12. TJ Reid (Cill Chainnigh)

13. Ger Aylward (Cill Chainnigh)

14. Seamus Callanan (Tiobraid Árann)

15. Maurice Shanahan (Port Láirge)

Fág freagra ar 'Seachtar ag Baile Átha Cliath ar fhoireann All Stars 2015'