Seachtar a raibh Covid-19 orthu básaithe in ospidéal pobail sa Ghaeltacht

Deir an HSE go bhfuil tacaíocht bhreise curtha ar fáil d’fhoireann Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne sa Daingean

Seachtar a raibh Covid-19 orthu básaithe in ospidéal pobail sa Ghaeltacht

Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne

Dheimhnigh an HSE inniu gur bhásaigh seachtar a raibh Covid-19 orthu in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne sa Daingean le roinnt seachtainí anuas.

Tuigtear go raibh droch-ráig den ghalar san ospidéal Gaeltachta ó aimsir na Nollag.

Deir an HSE go bhfuil tacaíocht bhreise curtha ar fáil d’fhoireann “dhíograiseach” an ospidéil phobail chun dul i ngleic leis an ráig.

Bhí srianta dochta i bhfeidhm a dúradh chun scaipeadh an ghalair a chosc.

I ráiteas a cuireadh ar fáil don Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG inniu, dúirt an HSE go raibh an Covid-19 fós ar “líon suntasach” de lonnaitheoirí agus baill foirne an ospidéil phobail agus go raibh gach “tacaíocht ab fhéidir” á cur ar fáil dóibh.

Dúradh gur mhaith le lucht bainistíochta agus baill foirne an ospidéil an pobal a chur ar a suaimhneas go raibh cúram tuisceanach d’ardchaighdeán fós á fháil ag gach daoine atá ag maireachtáil san ospidéal.

“Tá gach rud is féidir a dhéanamh déanta agus á dhéanamh chun na lonnaitheoirí agus na baill foirne a choimeád slán,” a dúradh i ráiteas an HSE.

“Cuirimid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do mhuintir agus cairde na ndaoine a cailleadh san ospidéal.

“Is am an-chrua é seo do theaghlaigh, don phobal agus don fhoireann a bhfuil aire á tabhairt acu dóibh siúd atá ag cur fúthu in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne.”

Dúradh go raibh deis á tabhairt do dhaoine a bhfuil a ndaoine muinteartha ag saothrú an bháis de bharr Covid-19 nó eile seal a chaitheamh ina dteannta.

Ghabh foireann Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne a mbuíochas le muintir na háite as a gcuid tacaíochta le roinnt seachtainí.

Dúradh go raibh go leor othar a raibh Covid-19 orthu san ospidéal pobail ag teacht chucu féin go maith.

Tá an chéad dáileog den vacsaín in aghaidh an Covid-19 faighte ag gach duine san ospidéal a raibh an tsnáthaid uathu.

Fág freagra ar 'Seachtar a raibh Covid-19 orthu básaithe in ospidéal pobail sa Ghaeltacht'