Seachtain shuaithinseach i saol CLG…

Ní fheadar an bhfuil CLG ag bogadh ar aghaidh róthapa?

Seachtain shuaithinseach i saol CLG…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tharla mórán i saol Chumann Lúthchleas Gael le seachtain anuas maidir leis an gCovid-19 agus srianta a bheith á scaoileadh.

Dé hAoine Meitheamh 19: Chualamar an Taoiseach Leo Varadkar ag rá go raibh sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael cheana féin go bhfuil rún acu tús a chur le cluichí clubanna ón 31 Iúil. Bhí a fhios againn é sin go neamhoifigiúil le cúpla lá. Ansin níos déanaí an lá céanna bhí ráflaí eile go bhféadfadh go dtosófaí ar thraenáil ina mbíonn teagmháil ag imreoirí lena chéile níos túisce ná mar a bhí socraithe.

Dé Sathairn, an 20 Meitheamh: Tháinig ráiteas ó choiste comhairleach Covid-19 CLG inar dúradh go mbeadh cead ag clubanna na tíre a bpáirceanna imeartha a oscailt ar an gCéadaoin an 24 Meitheamh do thraenáil ‘gan teagmháil’ d’imreoirí fásta. Agus go mbeadh cead ag imreoirí mionúir agus imreoirí níos óige filleadh Dé Sathairn seo chugainn. Fógraíodh freisin go mbeadh traenáil le teagmháil ceadaithe an Luan beag seo agus go mbeidh cead cluichí a thosnú ar an Aoine an 17 d’Iúil. Freisin dúradh gur 200 an líon is mó daoine a d’fhéadfadh freastal ar chluiche.

Fógraíodh freisin go bhfanfadh na cluichí idirchontae mar a bhí beartaithe, an traenáil ag tosnú ar an 17 Meán Fómhair agus na comórtais ag tosú ar an 17 Deireadh Fómhair.

Dé Domhnaigh an 21 Meitheamh: Bhí an réiteoir idirchontae aitheanta David Coldrick ag caint ar an clár Sunday Sport ar RTE1 agus dúirt seisean gur údar imní do mhórán réiteoirí ar fud na tíre go raibh sé beartaithe ag CLG dul ar ais ag imirt níos luaithe ná mar a bhí fógartha tamall ó shin.

Dé Luain an 22 Meitheamh: Ráiteas ó Chumann Imreoirí Gael, an GPA, agus imreoirí idirchontae ag éileamh seisiúin traenála roimh an 17 Meán Fómhair a bheadh clúdaithe ag scéim árachais CLG. Tá siad ag iarraidh freisin go gcríochnófaí gach comórtas roimh dheireadh na bliana agus go mbeadh séasúr cinnte teoranta ann ina dhiaidh sin. Mar fhocal scoir, dúradar go bhfuil seans ann nach mbeadh suas le 17% de na himreoirí sásta imirt in aon chor i mbliana.

Dé Máirt an 23 Meitheamh: Imní léirithe ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go bhfuil daoine óga imithe ar ais “ar an saol sóisialta a bhíodh acu roimh Covid-19”.

As an 202 cás den ghalar a deimhníodh sa choicís roimh an Domhnach, an 21 Meitheamh, bhain 70 ceann acu le daoine idir 15-35.

An mhaidin chéanna, léamar alt faoi chathaoirleach Thiobraid Árann John Devane inar dúirt sé go bhfuil na pleananna atá fógartha ag CLG go dtí seo míphraiticiúil agus go bhfulaingeodh imreoirí idirchontae dá bharr.

Dé hAoine an 26 Meitheamh: Ráiteas ó CCCC an CLG faoi mháistirliosta na gcluichí idirchontae.

Cúpla smaoineamh fánach.

  1. Ní fheadar an bhfuil CLG ag bogadh ar aghaidh róthapa? De réir na ráiteas is déanaí ón Eagraíochta Dhomhanda Sláinte (WHO), tá an Covid-19 ag scaipeadh arís i gcuid mhaith tíortha a raibh an víreas beagnach faoi chois acu agus tá srianta á gcur i bhfeidhm arís acu dá bharr.
  2. Is bliain eisceachtúil í 2020. Agus séasúr CLG ag tosnú mall, nach bhféadfaí tarraingt oscailte a dhéanamh sna comórtais idirchontae sa pheil agus san iomáint agus gan bacadh leis na comórtais chúige?
  3. De réir tuairiscí áirithe tá traenáil idirchontae iomlán tosnaithe cheana féin ag cúpla contae.

Coinnígí súil air seo.

Fág freagra ar 'Seachtain shuaithinseach i saol CLG…'