Seachtain ón lá inniu foilseofar príomhthorthaí Dhaonáireamh 2016. Cad leis ba chóir dúinn a bheith ag súil?

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie, theastódh cúig mhíle níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge a bheith ann in 2016 ná mar a bhí cainteoirí seachtainiúla ann in 2011 le go mbeadh na torthaí ag teacht le sprioc na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Seachtain ón lá inniu foilseofar príomhthorthaí Dhaonáireamh 2016. Cad leis ba chóir dúinn a bheith ag súil?

Ba ghá go léireodh torthaí an daonáirimh, a eiseofar an tseachtain seo chugainn, go bhfuil 115,554 cainteoir laethúil Gaeilge ann le go mbeadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an gcúrsa ceart maidir lena sprioc 250,000 cainteoir laethúil a bhaint amach faoin mbliain 2030.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie, theastódh go mbeadh cúig mhíle breise cainteoirí laethúla Gaeilge ann in 2016 ná mar a bhí cainteoirí seachtainiúla ann in 2011 (110,642) le go mbeadh na torthaí ag teacht le sprioc na straitéise.

Seachtain ón lá inniu a eiseofar príomhthorthaí an daonáirimh i leith na Gaeilge.

Tugadh le fios sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2010 go raibh 83,000 cainteoir laethúil ann an bhliain sin agus is í an sprioc atá sa straitéis ná go mbeadh 250,000 duine i gceist faoin mbliain 2030, rud a fhágann go dteastódh fás incriminteach bliantúil ag ráta 5.67% leis an mórsprioc a bhaint amach.

Mheas an Príomh-Oifig Staidrimh in 2008 gur 80,014 cainteoir laethúil a bheadh ann sa bhliain 2016 (ó bhunlíne de 72,148 in 2006), dá leanfadh “na treochtaí reatha ar aghaidh gan aon chur isteach orthu”.

Mar sin, más ann i gcónaí don bhunphatrún fáis sin a d’aithin an CSO, beidh méadú áirithe le feiceáil arís i dtorthaí na seachtaine seo chugainn, beag beann ar an Straitéis 20 Bliain nó ar aon pholasaí eile. De réir na meastachán sin a rinne an CSO, 87,279 cainteoir laethúil Gaeilge a bheadh ann in 2028 beag beann ar pholasaithe nó easpa polasaithe an Stáit.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais, Catherine Connolly, le Tuairisc.ie aréir gur gá “breathnú arís ar an sprioc” 250,000 cainteoir laethúil a bhaint amach faoi cheann 2030.

“Ba mhaith liom a bheith dóchasach, ach ní dóigh liom go bhfuil muid in ann é sin a bhaint amach. Tá an Coiste i mbun oibre faoi láthair, táimid ag obair leis an ranna Rialtais le staid na Gaeilge sa chóras poiblí a mheas, agus beidh an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn le córas na scéimeanna teanga a phlé.

“Níl a fhios agam céard is fearr a dhéanamh maidir le líon na gcainteoirí laethúla. Ba cheart na fadhbanna atá ag an Straitéis a nochtadh ar dtús. Níl an cheist pléite againn ag leibhéal an rialtais fós,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Seachtain ón lá inniu foilseofar príomhthorthaí Dhaonáireamh 2016. Cad leis ba chóir dúinn a bheith ag súil?'

  • donncha Ó hÉallaithe

    Cúpla poinnte faoin alt thuas:

    1. Níl sé cruinn a rá gurb í an sprioc atá leagaithe síos sa Stráitéis 20 Bliain ‘250,000 cainteoir laethúil a bhaint amach faoin mbliain 2030’, mar a deirtear san alt. Bhí os cionn 600,000 ‘cainteoir laethúil’ sa stát i 2011, do réir torthaí Daonáireamh 2011. Cainteoirí laethiúla taobh amuigh den chóras oideachais atá i gceist. Tá difríocht mhór idir an dá thomhais.

    2. Cé gur tugadh le fios sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2010 go raibh 83,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais sa stát ag tús na staitéise, ní léir cé as a dtáinig an figiúr sin, nó cé air a raibh sé bunaithe. Sa stát ar fad bhí 77,185 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa bhliain 2011.

  • Jamie Ó Tuama

    Cá mhéad cainteoirí laethúla atá ann má chuirtear lucht na sé chontae agus na cainteoirí laethúla Gaeilge faoi cheithre bliana d’aois san áireamh? Gaeilge amháin a labhrann mo mhac is óige ach ní bheidh seisean san áireamh sna figiúirí nua de bharr nach bhfuil sé ach trí bliana d’aois!