Seachtain oibre ceithre lá na hÍoslainne – leigheas míorúilteach ar théamh an domhain?

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Ní hionann agus cuid mhaith beartas a chaithfear a chur i bhfeidhm d’fhonn srian a choinneáil le téamh an domhain, bheadh seachtain oibre ceithre lá taitneamhach – agus i bhfad níos éasca le cur i bhfeidhm

Seachtain oibre ceithre lá na hÍoslainne – leigheas míorúilteach ar théamh an domhain?

Chuir an Saoithín Aeráide an-spéis i mblúirín nuachta ón Íoslainn an tseachtain seo caite: seachtain oibre ceithre lá – gan ciorruithe pá ná laghdú táirgiúlachta.

Ón mbliain 2014 i leith – a bhuíochas do scéimeanna trialacha de chuid chomhairle cathrach Reykjavík agus, ina dhiaidh sin, rialtas náisiúnta na hÍoslainne – d’éirigh le 86 faoin gcéad de lucht saothair na tíre sin a n-ualach oibre a laghdú ó 40 go 35 uair an chloig sa tseachtain. Níor cuireadh ciorruithe pá i bhfeidhm ar aon duine agus níor cuireadh as don táirgiúlacht; a mhalairt a tharla, is i bhfeabhas a chuaigh na rátaí táirgiúlachta in go leor cásanna toisc go raibh spionnadh níos fearr ar na hoibrithe go ginearálta.

De réir na tuarascála oifigiúla faoi na scéimeanna trialacha tá gach duine sona sásta. Níos lú struis, níos mó ama do ghaolta agus cairde, níos mó ama do chaithimh aimsire agus féinfhorbairt, níos mó ama chun do scíth a ligean, níos mó ama chun jabanna beaga a dhéanamh timpeall an tí. Liosta le háireamh iad na buntáistí ar fad a luaitear leis an tseachtain oibre ceithre lá.

Rith sé leis an Saoithín Aeráide go gcaithfidh sé go mbeadh buntáistí móra ag seachtain oibre níos giorra don timpeallacht agus do chúrsaí aeráide freisin, ach faraor ní dhearnadh scagadh ar an ngné sin den cheist.

Ar ndóigh, cás ar leith is ea cás na hÍoslainne, tír ina bhfuil cónaí ar dhá thrian den daonra beag bídeach (364,000 duine) san ardchathair Reykjavík nó i bhfoisceacht scread asail di. Ní bhíonn ar mhórán Íoslannach aistear fada truaillitheach sa charr a chur díobh idir áit chónaithe agus ionad oibre.

Ach samhlaigh an méid Co2 nach n-astófaí dá gcuirfí seachtain oibre ceithre lá i bhfeidhm i dtíortha ina mbíonn mórchuid daoine ag brath ar an gcarr chun turas fada chun na hoibre a chur díobh gach lá; tíortha nach bhfuil an córas iompair poiblí thar mholadh beirte iontu. Éire, mar shampla, nó na Stáit Aontaithe.

Samhlaigh an difear a dhéanfadh seachtain oibre ceithre lá anuas ar an ‘obair sa bhaile’ a d’éirigh faiseanta le linn na paindéime.

Ní hionann agus cuid mhaith beartas a chaithfear a chur i bhfeidhm amach anseo d’fhonn srian a choinneáil le téamh an domhain, bheadh seachtain oibre ceithre lá taitneamhach – agus i bhfad níos éasca le cur i bhfeidhm dá bharr sin.

Bheadh suim mhór ag an Saoithín Aeráide a fháil amach cén tionchar a bhí ag an tseachtain oibre ceithre lá ar úsáid carranna príobháideacha san Íoslainn agus ar úsáid breoslaí iontaise i gcoitinne, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil ní raibh fáil ar an eolas sin sa tuarascáil oifigiúil.

Níor léir ón tuarascáil ach oiread, faraor, cén leagan amach a bhí ag an tseachtain oibre ceithre lá: an é go mbíonn deireadh seachtaine fada ag mórchuid oibrithe agus iad saor ar an Aoine nó ar an Luan, nó an é gur i lár na seachtaine a bhíonn an tríú lá saor ag formhór na ndaoine?

Rith sé leis an Saoithín Aeráide go gcaithfí a sheachaint, dá mbeadh seachtain oibre ceithre lá le cur i bhfeidhm i dtíortha eile amach anseo agus dá mbeadh tionchar dearfach ar astuithe Co2 ar cheann de na cuspóirí, go mbeadh trí lá saor i ndiaidh a chéile ag daoine; gan dabht bheadh fás as cuimse ar an éileamh ar eitiltí go háiteanna ar nós Barcelona, Páras agus Amsterdam dá bharr.

Tá scéimeanna trialacha cosúil leis na cinn ar éirigh thar cionn leo san Íoslainn ar bun sa Spáinn agus san Fhionlainn faoi láthair agus tá súil ag an Saoithín Aeráide go mbreathnófar isteach i ngné na haeráide den scéal sna tíortha sin.

Fág freagra ar 'Seachtain oibre ceithre lá na hÍoslainne – leigheas míorúilteach ar théamh an domhain?'