Seachtain na Gaeilge le seoladh inniu i nGaillimh

Beidh an fhéile idirnáisiúnta teanga á seoladh le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge atá ar siúl i nGaillimh an deireadh seachtaine seo

Seachtain na Gaeilge le seoladh inniu i nGaillimh

Seolfar Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil i lár chathair na Gaillimhe inniu. Beidh an banna ceoil Seo Linn ag casadh ar Shráid na Siopaí ón 2pm ar aghaidh, agus beidh lá teaghlaigh ar siúl sa cheantar mar chuid den seoladh oifigiúil.

Is í seo an chéad uair a bheidh an fhéile idirnáisiúnta á seoladh i nGaillimh agus tá an seoladh á chur ar siúl mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, atá ar siúl i gCathair na dTreabh an deireadh seachtaine seo. Beidh siamsaíocht sráide agus péinteáil aghaidheanna do ghasúir ar siúl ar feadh dhá uair an chloig ar Shráid na Siopaí mar chuid den seoladh.

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1 Márta go dtí Lá Fhéile Phádraig agus tá clár cuimsitheach imeachtaí curtha le chéile ag eagraíochtaí agus daoine aonair ar fud na cruinne leis an teanga a cheiliúradh. Tá lucht eagraithe na féile ag súil go nglacfaidh suas le milliún duine páirt in imeachtaí na coicíse i 13 tír éagsúla.

Is iad Miriam O’Callaghan, ó RTÉ, Mícheál Ó Ciaraidh, ó TG4, agus Art Parkinson, ó Game of Thrones, atá ina n-ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Beidh an triúr ag freastal ar imeachtaí Gaeilge i gcaitheamh na féile agus ag iarraidh ar an bpobal triail a bhaint as a gcuid Gaeilge ar feadh na coicíse.

Beidh ‘Lá na Meán Sóisialta’ á reáchtáil i dtreo dheireadh na féile agus súil ag Ó Ciaraidh, a bhfuil cáil bainte amach aige mar ‘Buachaill Snapchat TG4’ go mbeidh go leor Gaeilge le feiceáil ar na hardáin éagsúla an lá sin.

Tá imeachtaí eagraithe ag grúpaí, cumainn, scoileanna, comhlachtaí agus eagraíochtaí eile ar fud na hÉireann agus níos faide I gcéin do Sheachtain na Gaeilge. Tá clár iomlán na n-imeachtaí sin le fáil ar PEIG.ie, suíomh eolais Chonradh na Gaeilge.

Tá forlíonadh, Sult, ar fáil saor in aisce san Irish Daily Mail inniu ina bhfuil ailt faoi Sheachtain na Gaeilge agus na himeachtaí atá beartaithe don choicís amach romhainn. Is foilseachán dátheangach atá i Sult. 

Is féidir imeachtaí na seachtaine a leanúint ar na meáin shóisialta tríd an haischlib #SnaG17.

Fág freagra ar 'Seachtain na Gaeilge le seoladh inniu i nGaillimh'