Seachtain eile den bhrothall amach romhainn, a deir Met Éireann

Ba é Meitheamh na bliana seo an ceann ba thirime ó 1941 agus thit níos lú ná 4mm báistí i bPáirc an Fhionnuisce i rith na míosa go léir

Seachtain eile den bhrothall amach romhainn, a deir Met Éireann

Seachtain eile den aimsir bhreá atá amach romhainn, a deir Met Éireann agus an t-ardbhrú fós i réim.

Bhí rabhadh eisithe ag Met Éireann ar maidin go mbeadh an teocht go hard sna fichidí i gceithre chontae dhéag inniu agus an fhainic sin i bhfeidhm idir 2pm agus 7pm.  Is iad na contaetha atá i gceist ná Gaillimh, Ros Comáin, An Clár, An Mhí, An Longfort, Liatroim, Laois, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Luimneach, Uíbh Fhailí agus An Iarmhí.

D’fhéadfadh leoithne bhog aniar aneas an teocht sin a mhaolú beagáinín cois cósta.

Tá rabhadh tugtha chomh maith faoin triomach agus seasfaidh an rabhadh sin go dtí Dé hAoine an 6 Iúil. Ba é Meitheamh na bliana seo an ceann ba thirime ó 1941 agus thit níos lú ná 4mm báistí i bPáirc an Fhionnuisce i rith na míosa go léir.

Ag cruinniú den Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí ar maidin pléadh cosc ar úsáid píobáin uisce a thabhairt isteach ar fud na tíre, cosc atá i bhfeidhm i mórcheantar Bhaile Átha Cliath ón Luan. Tá easpa sa soláthar uisce ag cur as do 40 scéim uisce sa tír agus cuid mhaith eile i mbaol.

Féadfar fíneáil €125 a chur ar aon duine i mBaile Átha Cliath a úsáideann píobán le huisce a chur ar an ngairdín nó chun an carr a níochán.

Seasfaidh an foláireamh ‘Stádas Dearg’ maidir le loscadh sléibhe atá eisithe ag an Roinn Talmhaíochta go dtí meán lae Dé hAoine. Tá foláireamh tugtha ag an Roinn go bhféadfadh tine tosú aon áit ar fud na tíre mar gheall ar an talamh agus an fásra a bheith spallta dóite. Iarrtar ar dhaoine gan tinte a lasadh taobh amuigh, go háirithe in aice le foraoiseacha ná talamh féaraigh agus a bheith fíorchúramach agus fulachtaí á lasadh taobh amuigh.

Tá an-imní ar fheirmeoirí toisc gan féar, grán ná barraí eile a bheith ag fás, rud a fhágfaidh go bhféadfadh ganntanas beatha d’ainmhithe a bheith ann an geimhreadh seo chugainn.

Beidh an oíche anocht scamallach agus ceo in áiteanna agus d’fhéadfadh ceobhrán éadrom a bheith i gcorráit. Beidh an teocht idir 11 agus 13 céim Celsius agus gaoth bhog aniar aduaidh ann.

Beidh sé níos scamallaí amárach Déardaoin agus d’fhéadfadh brádán báistí nó ceobhrán a bheith ann ar maidin. Beidh an lá níos fionnuaire san iarthuaisceart agus an teocht idir 16 agus 18 céim Celsius, ach beidh sé ceithre nó cúig chéim níos teo lár tíre.

Fág freagra ar 'Seachtain eile den bhrothall amach romhainn, a deir Met Éireann'