Seachtain eachtrúil ón Eastend le Bobby Beale go dtí an Afraic le Rónán Mac Aodha Bhuí

Athrú poirt dúinn a bhí sa chlár taitneamhach ‘Rónán san Afraic’, a rinne an láithreoir a iompar lena phearsantacht mhealltach

Rónán San Afraic- TG4 cropped

Bhí seachtain eachtrúil go maith acu siúd a bhí caite os comhair an Gogglebox.

Bhí tríocha bliain ar an aer á cheiliúradh ag Eastenders (RTÉ agus BBC) an tseachtain seo caite ar fad agus thosnaíodar ag rith le brothall. Ar an Déardaoin, tríocha bliain go díreach ón lá a craoladh an chéad chlár, bhí iardhearcadh againn agus cuireadh bailchríoch ar mhisteir atá sa tsiúl ó mhí Aibreáin seo caite nuair a dúnmharaíodh Lucy Beale. Ba nuair a nochtaíodh gurbh é Bobby Beale a mharaigh í a thosaigh na meáin shóisialta ar rith leo féin. D’fhéach tarrac ar 12 milliún duine ar an gclár sa Ríocht Aontaithe agus mheall an clár céanna breis agus 400,000 duine do RTÉ. Deirimse fathach scóranna féachana leat.

Go deimhin b’éigean agallamh eisiach, agus annamh, Enda Kenny le Prime Time (RTÉ 1, Déardaoin) a chur siar ionas nach mbeadh sé á fhéachaint le craoladh an BBC den chlár. Cuireadh sméar mullaigh ar an gceiliúradh le craoladh iomlán beo ar an Aoine agus baineadh súp as an tsáinn ina raibh na haisteoirí nuair a chuaigh a línte sa bhfraoch orthu. Ina theannta sin ar fad bhí Gradam Ceoil TG4 ar an Domhnach agus Paul Murphy á chrá agus á chiapadh ar an Late Late (RTÉ 1, Dé Sathairn).

Léirigh an clár sin, arís eile, nach mbíonn Tubs os cionn a bhuille nuair a bhíonn cúrsaí reatha idir chamáin aige. Thug Painéal an Luain ar Chormac ag a Cúig a léiriú féin ar ílsliú stádais an chláir nuair a thug an ceathrar le fios nár fhéachadar air. B’éigean do Chormac bocht ábhar eile a tharraingt chuige féin. Is fada sin ó na laethanta gurbh í an chonspóid is déanaí ón Late Late a bhíodh mar ábhar cadrála ag an tobar uisce. 

Athrú poirt dom, mar sin, a bhí sa chlár taitneamhach Rónán san Afraic (TG4, Dé Máirt). Sa tsraith ceithre chlár seo, tá an craoltóir aitheanta le RnaG, Rónán Mac Aodha Bhuí, le lorg a athar, nach maireann, a leanúint agus taisteal chun na hAfraice. Ailtire ón Muileann gCearr a phós Corcaíoch agus a d’aistrigh go Dún na nGall be ea Fionntán agus fiche bliain ó shin, is é ar phinsean, thaistil sé chun na hAfraice lena scileanna a úsáid le cabhrú leo siúd a bhí i ngátar. Spreag an turas sin Fionntán leis an leabhar Créafóg Dhearg na hAfraice a scríobh, leabhar atá mar chos isteach ag Rónán i ndearcadh a athar, mar aon le bheith ina leabhar taistil de shaghas.

Sa chéad chlár, ardaíonn Rónán a sheolta leis go dtí an Tansáin. Buaileann sé le

seanchairde a athar, foghlaimíonn sé faoin bpolaiteoir Julius Nyerere agus cíonn sé foirgnimh ar oibrigh a athair orthu. Is treoraí taitneamhach é Rónán agus é ag cur de i nGaeilige mhilis Thír Chonaill.

Déanann an láithreoir an clár a iompar lena phearsantacht réchúiseach, mhealltach agus seoigh. Ar na saolta seo, tá raidhse cláracha taistil fad chnaipe ón lucht féachana agus caithfidh an clár seo a phaiste féin a aimsiú gan ligint do mhaoithneachas na hoilithreachta an ceann is fearr ar fháil ar fhéith grinn an láithreora chaithisigh.

Fág freagra ar 'Seachtain eachtrúil ón Eastend le Bobby Beale go dtí an Afraic le Rónán Mac Aodha Bhuí'