Seachtain an-ait ab ea í i measc lucht cainte agus cabaireachta CLG

Thosaigh an t-aiteas seachtain is an lá inniu leis an GPA ag cur na gcosa beaga fúthu mar gheall ar thástálacha drugaí

Seachtain an-ait ab ea í i measc lucht cainte agus cabaireachta CLG

Seachtain ana-ait ab ea an tseachtain seo a d’imigh tharainn. B’aite ná san fós é dá mbeadh an tseachtain caite agat ag léamh na bpáipéar is na leathanach spóirt.

Thosnaigh an t-aiteas seachtain is an lá inniu le Cumann na nImreoirí, an GPA, ag cur na gcosa beaga fúthu mar gheall ar thástálacha drugaí bheith á ndéanamh aige baile. É sin, nó a bheith ceal síntiúis ó Spórt Éireann. B’aisteach go deimhin bheith ag éisteacht le dream a bhí tamall beag siar i mbun suirbhéireachta féachaint an bhféadfaí cluiche gairmiúil a chothú ag leibhéal eadarchontae agus iad anois ag iarraidh ceann de bhunchlocha an amaitéarachais, príobháideacha agus cearta príobháideachais a úsáid mar chrann cosanta in aghaidh na dtástálacha éigeantacha aige baile.

An lá dar gcionn, agus iarimreoir Chiarraí, Bryan Sheehan, ag cáiseamh cur chuige Spórt Éireann, bhí a iarchomhghleacaithe ag lascáil an líon is mó pointí a d’aimsigh aon fhoireann ón gcontae riamh de dhroim an bhata i Staid an Ghearaltaigh. Stánáil gan choinne á tabhairt ag bromaigh na bliana seo agus na mblianta seo chugainn do chontae an Chláir.

Ó thuaidh i gCúige Uladh, bhí Fear Manach ag fáil an fear maith ar Mhuineachán chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chúige Uladh den gcéad uair le deich mbliana. Níorbh é sin an t-iontas ba mhó, áfach, ach ceannaire an DUP, Arlene Foster, ag seoladh giolca ag tréaslú leo agus ag moladh a ngaisce. Ní foláir nó gur gearr go mbeidh cuireadh oifigiúil chuig cluiche ceannais an chúige ag deireadh na míosa á fháil ag Arlene na háibhirseoireachta. Cruthúnas, aon bhabhta amháin eile, má bhí a leithéid ag teastáil, gur treise dúil an pholaiteora sa bhfeachtas ná sa bhfiach.

Tuairim is trí bliana ó shin dhein Arlene eile, an Dr Arlene Crampsie, léachtóir i Scoil na Tíreolaíochta i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, UCD, staidéar ar an dtíreolaíocht agus ar an ndaoneolaíocht a bhaineann le CLG agus le bris is bua. Bhí, agus tá fós, Fear Manach ar cheann den naoi gcontae nár bhuaigh craobh Uile-Éireann sa pheil ná san iománaíocht. Go deimhin féin, as na seacht gcontae is lú daonra –Liatroim, an Longfort, Ceatharlach, Muineachán, Fear Manach, Ros Comáin agus Sligeach – níl an chraobh buaite ach ag Ros Comáin. Tá sé ráite riamh gur ar éigean go bhféadfadh Fear Manach foireann cheart a roghnú toisc go bhfuil an contae breac le huisce ós na locha agus le Protastúnaigh ná imreodh caid go deo. Tá a gcuid obair bhaile déanta ag an mbeirt Arlene!

Fear eile a bhfuil obair bhaile déanta aige, is léir, ná bainisteoir Fhear Manach, Rory Gallagher. Ní túisce ceacht tugtha aige do Malachy O’Rourke ar an nDomhnach ná go raibh Jim McGuinness, a mháistir féin tráth,  á mholadh go cranna na spéire ina cholún seachtainiúil san Irish Times. Chífidh Jim a thuilleadh.

Más ag tógaint droichead nó ag cothú caidreamh a bhí McGuinness, bhí Peter Canavan á mbriseadh is á bpolladh ins an Irish Independent inné. Tá a fhios ag éinne a d’imir ina choinne go bhfuil clab mór cainte ag Seán Cavanagh, ach is cúis iontais i gcónaí é nuair a thréigeann imreoir chomh cumasach leis a thigh agus a threibh. Níor spáráil Dia beag na caide i gcontae Uí Néill inné é agus an ceart ar fad aige. Ní féidir a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine agus tá san á dhéanamh ag Cavanagh le tamall.

Is minic Joe Brolly ag cáiseamh chaighdeán na caide ina chontae féin ach ina cholún siúd an tseachtain seo, dhein sé tagairt uair amháin eile don ísle brí atá ar imreoirí Dhoire agus laincis an chórais dhocht, dholúbtha orthu. Níl aon taitneamh le baint as a leithéid de chóras, dar le Joe, ach bhí sé le rá ag Darragh Foley ó Cheatharlach (foireann atá tomhaiste go maith ina gcuid imeartha féin) nach raibh oiread taitnimh á bhaint aige siúd riamh as an gcluiche! Gach éinne de réir a acmhainne, ní foláir.

Nach ait é agus mé ag scríobh colúin fé cholúin caide, gur mó atá le léamh anois againn ó iarimreoirí ná raibh gíog ná míog astu nuair a bhíodar féin ag imirt. Cuireadh roinnt d’iarimreoirí Átha Cliath (Coman Goggins, Peadar Andrews, Shane Ryan agus Ray Cosgrove) fé bhráid na gceamaraí is na dtéipthaifeadán an tseachtain seo chun an táirge is déanaí ag AIB nó AIG – nílim siúráilte – a chur ar ár súile. Sa chaint dó, dúirt Cosgrove, ná raibh aon amhras air ná gur ar thóir na staire a bhí imreoirí Átha Cliath na linne seo, cé go mb’fhéidir gur leasc leo é sin a rá go poiblí.

Níl ceithre chraobh uile Éireann as a chéile buaite ag aon fhoireann caide ó chúige Laighean ó chuir Loch Garman barr maise ar ré dhiamhair céad bliain ó shin i 1918. Is deacair ag an bpointe seo dul thairis na Dubs ach, fé mar a dúirt Seán Ó Criomthain ina leabhar Lá Dár Saol, ‘tagann samhluithe roim rudaí atá le teacht, ach má thagann féin is beag an tsuim a cuirtear iontu nó go bhfeictear fíor iad’.

Thar n-ais go dtí’n staidéar úd ón Dr Arlene Crampsie mar chlabhsúr. Léirítear ann go raibh rian Bhord na Móna le feiscint lár-tíre, ní hamháin i bhfostaíocht ach in imirce a chosc agus go raibh baint aige seo ar fad leis an rath a bhí ar Uibh Fháilí sa chaid agus sna camáin.

Bhí bainisteoir nua caide Uíbh Fháilí, Paul Rouse, ag scríobh san Irish Examiner inné faoi chluichí Chumann na mBunscol a bhí á n-imirt i bPáirc a’ Chrócaigh i rith na seachtaine. Dúirt Rouse gurb iad na cluichí seo an chuid is fearr de Chumann Lúthchleas Gael agus go nochtar tréithe iontu atá le moladh agus le ceiliúradh. Thaibhseofaí dhuit agus tú á léamh go raibh Rouse ag cáiseamh a bhfuil de dhifríocht idir cluichí na hóige agus comórtais na ndaoine fásta. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm ach is dóigh liom, dála Turlough O’Brien i gCeatharlach, go dtuigeann an fear seo a thigh is a threibh.

Is fiú súil a choimeád tráthnóna orthu.

Fág freagra ar 'Seachtain an-ait ab ea í i measc lucht cainte agus cabaireachta CLG'