Seacht mbás eile fógartha inniu agus 15,000 cás nua deimhnithe le coicís anuas

Tá 319 duine ar fad san ospidéal ag an gcoróinvíreas agus 37 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in aonad dianchúraim

Seacht mbás eile fógartha inniu agus 15,000 cás nua deimhnithe le coicís anuas

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil seachtar eile a raibh an coróinvíreas orthu tar éis bháis agus 777 cás nua deimhnithe inniu.

Bhain 81 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 42 cás a bhí i gcontae na Mí agus 41 cás a bhí i gCorcaigh.

24 cás a bhí i Maigh Eo, 20 cás a bhí i nDún na nGall, 15 cás a bhí i gCiarraí agus 14 cás a bhí i bPort Láirge.

Bhain 182 den 777 cás nua le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair anois ag 306 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír.
Ráta 662 atá i gcontae na Mí, 373 atá i nGaillimh, 348 atá i gCorcaigh agus 312 atá i nDún na nGall.

255 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá i gCiarraí, 242 atá i Maigh Eo agus 177 atá i bPort Láirge.

Tá 319 duine ar fad san ospidéal ag an gcoróinvíreas agus 37 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gur deimhníodh go raibh Covid-19 ar 15,000 duine le coicís anuas. Dúirt sé go raibh sé riachtanach go bhfanfadh daoine a bhfuil an galar orthu glan ar dhaoine eile más leo cosaint a thabhairt dóibh.

“Ciallaíonn féinleithlisiú fan sa mbaile, fan i do sheomra oiread agus is féidir, fan amach ó dhaoine eile, na daoine eile sa teaghlach agat san áireamh.

“Má tá tú ag maireachtáil le duine a bhfuil Covid-19 nó má tá ráite leat gur gartheagmhálaí tú, ná gabh aon áit ar feadh 14 lá. Fan sa mbaile – ná téigh ag obair, ná téigh ar scoil.

“Impím ar chuile dhuine iad féin iompar amhail is gur gartheagmhálaí thú. Fan sa mbaile ach i gcás riachtanais. Anois a chaithfimid an teacht aniar atá ionainn a thaispeáint agus ár míle dícheall cloí leis an gcomhairle tsláinte phoiblí – fan amach ó dhaoine, nigh do lámha agus caith clúdach aghaidhe. Déan do chionsa chun slabhraí scaipthe an ghalair a bhriseadh, i measc teaghlach, comharsan agus an phobail.”

Dheimhnigh an Roinn Sláinte go raibh 1,252 cás nua den Covid-19 ó thuaidh den teorainn inniu agus bhásaigh cúigear eile dá bharr.

87,547 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 32,286 cás ó thuaidh den teorainn agus 55,261 cás ó dheas di.

2,517 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 639 duine ó thuaidh agus 1,878 ó dheas.

Ag a céad phreasócáid ó chaith sí coicís ag féinleithlisiú, dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go raibh súil aici go bhféadfaí na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair a mhaolú beagán ar an 13 Samhain ach nach bhféadfaí é sin a ghealladh mura mbeadh an víreas curtha faoi smacht faoin tráth sin.

Léiríonn staitisticí a chuir an Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí ar fáil go bhfuarthas cás den víreas i leath na scoileanna ó thuaidh.

Ó d’oscail na scoileanna mí Lúnasa, deimhníodh 2,030 cás ar fad sna scoileanna agus bhí an víreas ar mhúinteoir nó ar dhalta i 519 scoil.

Daltaí a tholg an galar i 70% de na cásanna, 390 dalta bunscoile, 803 dalta iarbhunscoile agus 25 dalta a bhíonn ag freastal ar scoil speisialta.

B’éigean do roinnt scoileanna an taobh seo den teorainn dúnadh inniu mar gheall gur baineadh an díghalrán lámh a bhí in úsáid acu den mhargadh.

D’eisigh an Roinn Talmhaíochta ráiteas aréir go raibh an díghalrán lámh Virapro á bhaint den mhargadh acu mar go raibh imní go ndéanfadh sé dochar don tsláinte phoiblí agus go raibh sé bainte de Chlár na dTáirgí Bithicíde.

Dúirt an Roinn go bhféadfadh an díghalrán Viapro cur as do dhaoine a bheadh á úsáid i bhfad. D’fhéadfadh sé a bheith siocrach le tinneas cinn agus deirmitíteas agus cur as don chóras riospráide agus do na súile.

Chinn cuid de na scoileanna a raibh an táirge sin in úsáid iontu dúnadh inniu le deis a thabhairt dóibh malairt táirge a sholáthar.

Dé Máirt a baineadh an ceadúnas do Viapro ach aréir a eisíodh an fógra. Teastaíonn ó urlabhraí talmhaíochta Shinn Féin, Matt Carthy, go dtiocfadh an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue os comhair na Dála lena mhíniú cén t-údar a bhí leis an moill trí lá sin.

Tá Ionad Altranais an Mhóta i gcontae na hIarmhí tar éis a fhógairt go bhfuil ráig den choróinvíreas ansin agus go raibh an galar tolgtha ag 11 den 47 duine a chónaíonn ann. Cuireadh duine amháin san ospidéal leis agus tá an galar tolgtha ag ceathrar foirne chomh maith.

D’fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte aréir go raibh cúnamh breise agus foireann curtha ar fáil acu don deireadh seachtaine seo in Ionad Altranais Nightingale in Áth Eascrach, ar fógraíodh inné drochráig den Covid-19 a bheith ann.

 

Fág freagra ar 'Seacht mbás eile fógartha inniu agus 15,000 cás nua deimhnithe le coicís anuas'