Seacht lá i saol Cara Dillon

Ba bheag a shamhlaigh Cara agus í ag fás aníos i nDún Géibhinn i gCo. Dhoire go dtabharfadh a glór í a fhad leis an Chathair Thoirmiscthe nó go Wuhan

 

Cara 2014 (3) smaller

Gateshead i dtuaisceart Shasana, Béal Feirste, Doire, Shang-hai agus Béising.

Seacht lá i saol Cara Dillon.

Ba bheag a shamhlaigh Cara agus í ag fás aníos i nDún Géibhinn i gCo. Dhoire go dtabharfadh a glór í a fhad leis an Chathair Thoirmiscthe nó go Wuhan, an chathair is mó daoine i lár na Síne, ach is léir go bhfuil dúil chraosach ag mhuintir na Síne ina glór.

“Chuaigh muid amach ansin den chéad uair an Fómhar seo caite agus chuir sé iontas an domhain orainn go raibh muid ag ceol i hallaí a bhí plódaithe le 2,000 éigin duine. Ní thiocfadh linn é a chreidbheáil,” arsa Cara.

Bhí cúis shuimiúil leis an slua a bheith chomh mór sin.

“Bhí mé ag iarraidh a oibriú amach cad chuige a raibh an oiread sin daoine ann agus ansin fuair mé amach go raibh amhráin s’agamsa ar churaclam an Bhéarla. Is cosúil gur chinn ollamh éigin sa tSín go bhfoghlaimeodh mic léinn scoth an Bhéarla ó bheith ag éisteacht le halbaim s’againne. Dúradh linn go ndeachaigh na hamhráin s’againn an oiread sin i bhfeidhm ar dhaoine go raibh siad ar bís leis an Bhéarla a fhoghlaim!”

Is nuair a chuaigh sí ar an bhóthar, áfach, a thuig Cara i gceart an cháil a bhí bainte amach aici féin agus a banna sa tSín. “Bhí gach ball den lucht féachana faoi 25 bliain d’aois agus bhí siad uilig ag ceol na n-amhrán i mblas Chontae Dhoire, blas s’agamsa. ‘Craigie Hill’ agus ‘Black is the Colour’, bhí na hamhráin uilig de ghlanmheabhair acu agus ag an deireadh sheas an slua agus thug bualadh bos dúinn. Bhí sé dochreidte.”

Is cinnte go mbainfidh na Sínigh agus gach duine eile sult as na coirmeacha ceoil atá ar na bacáin. Beidh Cara ag ceol amhrán ón albam úr A Thousand Hearts, albam ar a bhfuil dhá amhrán Ghaeilge, ‘Táim im’ Chodladh’ agus ‘Éirigh Suas a Stóirín’.

Bhí ‘Jimmy Mo Mhíle Stór’ ar an albam Hill of Thieves roimhe seo. Ní foláir nó go bhfuil Cara compordach ag ceol i nGaeilge?

“Aisteach go leor, ar na léirmheasanna is fearr dá bhfuair muid don albam, na léirmheastóirí Sasanacha, phioc siadsan ‘Táimse im’ Chodladh’ amach mar bhuaicphointe.

“Ba é an t-amhrán gan tionlacan sin ba mhó a chuaigh i bhfeidhm go mór orthu. Fuair mé é ó Zoe Conway, ach níor shil mé go mbeinn chomh maith léi sin. Thug sí spreagadh dom dul ina cheann agus chuir muid ar an albam é.”

Sna seónna i mBéal Feirste agus i nDoire, beidh Cara ag ceol amhrán ón albam úr chomh maith leis na hamhráin is ansa lena lucht leanúna dílis.

Beidh an bhuíon iomlán léi, a fear céile Sam Lakeman san áireamh, ach deir sí gur coirmeacha ceoil speisialta a bheidh iontu mar gheall ar an aoi speisialta atá acu, Dan Tyminsky, a thuill clú idirnáisiúnta dó féin mar amhránaí ar fhuaimrian an scannáin, Oh Brother Where Art Thou agus atá ina bhall de Union Station le Alison Krauss. Bhuail Cara leis ar an seó Transatlantic Sessions, a raibh siad beirt páirteach ann.

Arsa Cara agus í ag tagairt d’fheabhas agus do bhríomhaireacht a chuid ceoil, “an cineál duine atá in Dan ná go dtig leis an slua a chur ina seasamh i lár ceolchoirme, gan trácht ar a deireadh.”

– Beidh Cara Dillon ag seinim an deireadh seachtaine seo sa Waterfront Hall (Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair) agus sa Millenium Forum ( Dé Domhnaigh an12 Deireadh Fómhair)