Seacht gcóta ó Zara le tú a chosaint ar fhuacht an gheimhridh

Tá rogha álainn le fáil faoi láthair ó Zara a bhfuil ocht gcinn de shiopaí acu in Éirinn agus seirbhís díolachán ar líne freisin acu

 

Tá briseadh lár téarma ag daltaí scoile agus aimsir an Oireachtais buailte linn agus gafa tharainn – dhá chomhartha chinnte go bhfuil séasúr an gheimhridh linn.

Tá sé tráthúil, mar sin, súil a chaitheamh ar chótaí deasa teolaí don tréimhse romhainn. Chuig siopa amháin a chuaigh mise – Zara – le rogha a dhéanamh ón réimse leathan atá acu faoi láthair agus is cinnte nach raibh díomá orm.

Ar ndóigh, tá Zara a bunaíodh 30 bliain ó shin i nGalicia na Spáinne, ar cheann de na comhlachtaí faisin is mó ar domhan anois. Tá siopaí acu in 88 tír ar fud na cruinne agus é mar pholasaí acu a bheith i lár an aonaigh a oiread agus is féidir leo.

Ar phríomhshráideanna na gcathracha móra a bhíonn siad lonnaithe, Fifth Avenue i Nua-Eabhrac, Sráid Oxford i Londain, Champs Élysées i bPáras. Os cionn 140,000 duine atá fostaithe ag Zara agus déanann siad brabach thart ar €2 bhilliúin in aghaidh na bliana.

Tríd is tríd, is aithris ar an dearadh is deireanaí ó sheónna faisin agus lucht deartha eile a bhíonn san éadach a dhíoltar i Zara agus maítear faoin gcomhlacht gur féidir leo ‘athdhearadh’ a dhéanamh ar tháirge agus é a bheith ar fáil ina gcuid siopaí laistigh de sheachtain amháin. Tá sé mar pholasaí buan ag an gcomhlacht gan aon airgead a chaitheamh ar fheachtais fógraíochta agus bíonn siad ag brath ar dhea-cháil a gcuid siopaí, ar scéal scéil agus ar phraghsanna ísle le daoine a mhealladh.

Seo a leanas mo rogha féin de chótaí geimhridh as Zara faoi láthair agus iad ar fad ar fáil idir €80 agus €100.

1. Cóta olla fada liath ar €79.95; dath deas dorcha más mian leat dubh a sheachaint. Tá an dath seo neodrach go leor le teacht le cuid mhór rudaí a bheadh sa ghnáthvardrús. Cóta simplí, te agus teolaí a bheidh sa bhfaisean ar feadh na mblianta.

2. Cóta ‘Parka’ le líneáil lomra ar €59.99; bíonn cótaí ‘parka’ sa bhfaisean i gcónaí agus is rogha chiallmhar iad don gheimhreadh. Tá siad le fáil i gcuid mhaith dathanna agus i bhfaid éagsúla freisin ach ceann réasúnta gearr mo rogha féin. Coinneoidh an ceann seo – le líneáil lomra – an fuacht uait go cinnte. An dath caicí (khaki) is fearr a thaitin liom agus is breá liom an fionnadh bréige atá air.

3. Cóta fada dubh lámhdhéanta ar €99.95; tá cuma beagán fearúil ar an rogha seo le cnaipe amháin agus liopaí beaga air ach is cóta neamhfhoirmiúil álainn é. An té a dhéanann infheistíocht i gcóta lámhdhéanta simplí mar seo agus fabraic mhaith ann, beidh sé acu agus fonn orthu é a chaitheamh ar feadh na mblianta. Mar mhalairt ar an dath dubh, tá se seo le fáil freisin le dath taifí (toffee) air.

4. Cóta ‘dúbailte’ ar €99.95; seo ceann a bhfuil cuma ‘dhifriúil’ air go cinnte – ní minic a fheiceann tú an dá dhath seo (uachtar agus liath éadrom) le chéile agus breathnaíonn siad go hálainn sa chóta seo. An rud is iontaí faoin gceann seo ná gur féidir leat é a iompú droim ar ais agus tá dhá chóta éagsúil ar fad agat. Tá cnaipí air lena gceangal, cé nach léir sin ón bpictiúr agus é breá mór, trom leis an teas a choinneáil istigh ionat.

5. Cóta trinse/fearthainne svaeid bréige ar €79.95; bíonn cótaí trinse/fearthainne sa bhfaisean gach geimhreadh agus tá gearradh clasaiceach ar an gceann seo. Úsáidtear svaeid bréige mar mhalairt ar an ngnáthábhar do chótaí trinse anseo, rud atá ag teacht go mór leis an dúil atá ag daoine faoi láthair sa svaeid. Dath dorcha caicí (khaki) atá roghnaithe agam agus bheadh sé oiriúnach le caitheamh ar chuid mhór ócáidí.

6. Clóca Geimhridh ar €89.95; más clóca deas é do roghasa don séasúr seo, is rogha bhreá é an ceann seo. Dath dubh agus gearradh simplí atá air, le ciumhais a bhfuil cuma leathair orthu. Tá meascán fabraic anseo ach tá 75% olann ann, rud a chinntíonn go bhfuil sé breá te.

7. Bástcóta nó veist fhíorfhada ar €59.95; mura bhfuil cóta traidisiúnta uait is féidir an ceann seo a chaitheamh le rogha éagsúil éadaigh faoina bhun agus beidh cuma ‘dhifriúil’ ort gach uair. Tá an ceann seo an-fhada agus scoilteanna ar na taobhanna aige le nach mbeidh do rogha éadaí i bhfolach. Cinntíonn an dath dubh nach mbeidh sé i gcoimhlint rómhór le dathanna eile a bheadh á gcaitheamh agat.

Tá ocht gcinn de shiopaí ag Zara in Éirinn anois – ceithre cinn acu sin i mBaile Átha Cliath agus ceann amháin i mBéal Feirste, Corcaigh, Luimneach agus Áth Luain. Is féidir a gcuid earraí a cheannacht freisin ar líne ag www.zara.com.

Fág freagra ar 'Seacht gcóta ó Zara le tú a chosaint ar fhuacht an gheimhridh'