Seacht dtreabhsar don obair idir €20 agus €85

Na gúnaí samhraidh agus na sciortaí éadroma ar leataobh anois agus treabhsar mar rogha ag daoine ag filleadh ar an obair

Seacht dtreabhsar don obair idir €20 agus €85

Tá straitéis nua an Rialtais le cinntiú gur féidir linn maireachtáil agus Covid-19 fós linn ar eolas againn anois agus tá tuilleadh daoine ag filleadh ar an ionad oibre de réir a chéile. Tá an samhradh thart freisin, agus gan dóchas againn go mbeidh mórán gréine againn sa tír seo arís go dtí an chéad bhliain eile. Tá na gúnaí samhraidh agus na sciortaí éadroma curtha ar leataobh anois agus treabhsair a bheidh mar rogha ag go leor againn ag an obair go ceann sé mhí eile.

Treabhsar dubh a bhíonn mar chéadrogha agam féin i gcónaí ach an uair seo bheartaigh mé beagán beochta agus datha a bheith sna cinn a phiocfainn.

Seo mo rogha de sheacht bpéire a chosnaíonn idir €20 agus €85.

 

Treabhsar seicear gorm ó H&M ar €19.99

Seo margadh maith ar an gceann seo ó H&M. Is iontach an fhabraic atá ann agus is breá liom an patrún seo a chuireann brí i bhfeisteas simplí.

 

Bríste leathan liath ó Zara ar €29.95

Tá dhá rud suntasach is maith liom faoin rogha seo. Is breá liom an básta neamhshiméadrach chomh maith leis an ngearradh leathan sin atá an-fhaiseanta faoi láthair. Tá praghas an-réasúnta orthu chomh maith.

 

Treabhsar ‘Lennon Courtney’ ag Dunnes Stores ar €50

Seo péire dóibh siúd ar maith leo dathanna bríomhara. Tá beocht iontu ceart go leor ach níl siad scanrúil! Tá caighdeán an-ard oibre iontu seo, rud a chinnteoidh go mbeadh siad agat ar feadh blianta.

 

Treabhsar leathan olla ó COS ar €79

Má tá tú ag obair in áit ina mbíonn glacadh le héadach níos faiseanta nó níos neamhfhoirmeálta ná mar is gnáth, bheadh an rogha seo iontach. Tá na treabhsair dhúghorma seo déanta as olann ‘merino’ agus bheidís thar cionn le léine ghorm ollmhór agus sála arda.

 

Treabhsar ar a dtugtar ‘Italian Easy Pant’ ó Everlane ar €84

Tá an treabhsar seo daor go cinnte, ach is maith an rogha iad do dhaoine atá tiomanta d’earraí a cheannach ó brandaí inbhuanaithe. Bíonn praghas réasúnta ard ar a leithéid go minic. Is breá liom an dath agus an fhabraic 100% olla iontu seo.

 

Treabhsar atá tarraingthe isteach ag an gcoim ó Vero Moda ar €48.99

Is breá liom an básta ar an treabhsar seo chomh maith leis an mbeilt a chabhróidh le cruth iontach a chur ar dhuine. Bhreathnódh an treabhsar seo go hálainn le t-léine bhán agus bléasar dubh.

 

Treabhsar gorm ó Mango ar €39.99

Tá dath álainn gorm ar an gceann seo ó Mango ach tá an treabhsar seo ar fáil i ndath dearg nó dúghorm freisin. Tá praghas réasúnta go maith air agus fanfaidh an stíl shimplí seo sa bhfaisean go ceann fada go leor.

Fág freagra ar 'Seacht dtreabhsar don obair idir €20 agus €85'