Seachnaíodh airí nua na Gaeltachta na státseirbhísigh a deir nach féidir é

‘Executive capture’ a thugtar sa Bhéarla ar an tslí a n-éiríonn leis an státseirbhíseach an tsúil ribe a chur ar an aire

Seachnaíodh airí nua na Gaeltachta na státseirbhísigh a deir nach féidir é

Bíonn an státseirbhíseach níos fearr as uaireanta dearmad a dhéanamh ar chuid de na rudaí a deir polaiteoirí, nó ar a laghad ligean air féin nach cuimhin leis iad.

Go háirithe na rudaí atá ráite ag an bpolaiteoir a bhí tamall fada sa bhfreasúra ach atá anois neadaithe laistiar de dheasc an aire agus eolas faoina chúram nua á lorg aige ó státseirbhísigh ar mó go mór an t-eolas atá acu faoi na cúrsaí seo ná é féin.

B’fhéidir, mar shampla, gur cuimhin leis na státseirbhísigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta an méid a bhí le rá ag Aire Stáit nua na Gaeltachta Dara Calleary faoin mbille teanga ar chaitheadar uaireanta fada á dhréachtú anuraidh.

Dúirt Calleary, a bhí ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ag Fianna Fáil ag an am, go raibh an bille céanna ar chuma scéal chulaith nua an Impire.

Dúirt sé gurb amhlaidh a bhí toisc nach raibh aon “spriocamanna”, “brú” ná “pionóis” luaite ann. 

Más cuimhin leis na státseirbhísigh sna Forbacha an méid sin, ní chuirfidh sé isteach rómhór orthu, mar is maith a thuigeann an státseirbhíseach cluiche na polaitíochta.

Tuigeann sé go mbíonn an polaiteoir lá amháin ag caitheamh anuas ar an Impire as gan aon luid éadaigh air agus an chéad lá eile ag moladh áilleacht a chulaithe.

Sea, tuigeann an státseirbhíseach gur cluiche fada atá i gceist agus gurbh fhearr é a imirt go stuama.

Tuigeann sé gur tháinig airí agus gur imigh airí agus gur baineadh an gus as a bhformhór i bhfad roimh imeacht dóibh.

Cuireadh ar a súile dóibh go léir go raibh an saol mar atá mar atá agus gur cur amú ama atá ann a bheith ag iarraidh aon athrú rómhór a dhéanamh air.

‘Executive capture’ a thugtar sa Bhéarla ar an tslí a n-éiríonn leis an státseirbhíseach an tsúil ribe a chur ar an aire dá thaghdaí agus dá ghiodamaí é.

Bíonn rabhadh faighte ag an aire nua faoin ‘executive capture’ agus é diongbháilte de nach ndéanfar an fear maith air, is cuma cad a tharla don dream a chuaigh roimhe.

Ní dhéanfaidh sé an botún céanna. Fanfaidh sé ar an gconair chóir. Déanfaidh sé a aisling féin a fhíorú. Ar a réalta eolais féin amháin a thabharfaidh sé aird.

Uaireanta ní thógann sé ach cruinniú nó dhó an t-aire a dhúiseacht óna néal, ach uaireanta eile tógann sé ábhairín níos faide an forcamás a bhaint de.

Sa chás sin, is de réir a chéile a chuirtear ciall san aire, blúire eolais ar bhlúire eolais. In aghaidh gach cúis a thugtar dó go n-éireoidh lena phlean iontach, tugtar dhá chúis dó go dteipfidh air.

Is measa an scéal i gcás aireacht na Gaeltachta mar gheall ar an bpatuaire agus an dímheas i leith na teanga atá seanbhunaithe sa státchóras go léir.

Na státseirbhísigh ar suim leo cás na Gaeltachta agus na Gaeilge is fearr a thuigeann a fhréamhaithe sa chóras is atá an doicheall seo agus thuigfeá dóibh más le gáire fann a ghlacann siad tar éis tamaill lena bhfuil i ndán dóibh.

Is mó plean breá a bhí acu cheana ar chuir an roinn airgeadais nó an roinn oideachais nó an roinn caiteachais phoiblí deireadh leis le croitheadh láimhe toirtéiseach.

Ach is dual don státseirbhíseach féin a bheith coimeádach chomh maith.

Ní maith leis caint scaoilte, mar shampla.

Ní thaitneodh sé mar shampla leis an státseirbhíseach dá n-admhódh aire Gaeltachta go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

B’fhéidir go dtuigeann an státseirbhíseach ina chroí istigh go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, ach cén mhaith duit a bheith á rá? Ní dócha gur comhtharlúint é go raibh gach aon aire Gaeltachta a bhí againn le blianta fada ar aon intinn leis an státseirbhíseach faoin méid sin.

Tuigeann an státseirbhíseach go maith dá n-admhódh aire go bhfuil géarchéim ann gurb í an chéad cheist eile a chuirfí air ná cad atá i gceist aige a dhéanamh fúithi.

Conchúr Ó Giollagáin

Sea, ní maith an chaint scaoilte.

Féadfaidh tú talamh slán a dhéanamh de mar sin nach bhfuil tús áite tugtha d’anailís scoláirí amhail Chonchúir Uí Ghiollagáin sa mheamram eolais atá ullmhaithe ag státseirbhísigh na bhForbacha do na hairí nua.

Ach tá fadhb bheag sa chás áirithe seo ag na státseirbhísigh mar dúirt an tAire sinsearach nua Catherine Martin cúpla babhta sa Dáil agus í sa bhfreasúra go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt sí chomh maith gur “am an ghátair” a bhí ann don chainteoir dúchais agus go raibh “todhchaí na Gaeltachta i mbaol”. Mháigh sí go raibh géarghá le “plean éigeandála tarrthála gan a thuilleadh moille” agus gur chóir “tús áite” a thabhairt “do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an lámh in uachtar ag an teanga mar theanga an phobail”.

Ba ghá, a dúirt sí, bonn reachtúil láidir a chur faoi straitéisí teanga náisiúnta agus Gaeltachta agus cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga.

Bí ag caint ar chaint scaoilte!

Beidh ar na státseirbhísigh comhrá beag a bheith acu leis an Aire nua faoin ‘géarchéim’ agus ‘plean éigeandála’ seo, sin mura raibh a leithéid de chomhrá ann cheana.

Pé scéal é, bhí Catherine Martin fós ag caint Dé Máirt seo caite faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta.

Ach murab ionann agus na hóráidí a thug sí sa Dáil roimhe seo, is ag trácht ar ghéarchéim sna ceantair Ghaeltachta is laige a bhí sí ar 7Lá an tseachtain seo.

Ar ndóigh, tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar go bhfuil an Ghaeilge i mbaol mar theanga phobail fiú sna ceantair is láidre, agus beimid ag éisteacht go cúramach arís an chéad uair eile a gcuirtear ceist ar an aire nua faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta féachaint an bhfuil a port athraithe aici cheana féin.

Ní haon iontas dóchas a bheith ag lucht na teanga agus deireadh tagtha le ré na n-airí sinsearacha aonteangacha Gaeltachta ar bheag a suim in obair airí sóisearacha an bheagáin.

Rachaidh an dóchas sin i bhfaighid ana-thapaidh, áfach, má ligeann siad don státchóras an ceann is fearr a fháil orthu.

Más amhlaidh gur gá do na hairí féin dul i bhfeidhm ar na státseirbhísigh agus ábhairín dóchais a thabhairt dóibhsean seachas a mhalairt, déanaidís sin.

Mar má ghéilleann airí nua na Gaeltachta don mheon go bhfuil an saol mar atá mar atá agus nach fiú iarracht a dhéanamh é a athrú agus nach bhfuil cúrsaí chomh holc is a déarfaidh daoine áirithe leat pé scéal é agus nach fiú bheith ag éisteacht le lucht an éadóchais, beidh siad ar chuma fhormhór mór na n-airí a chuaigh rompu.

Má ghéilleann siad don mheon sin, ní bheidh ar bun acu ach iarracht cuma an mhisnigh a chur orthu féin agus a ndícheall a dhéanamh acu d’aird a bhaint de sceamhaíl na muice sa mhála atá acu á díol leat.

Agus má bhíonn siad an-mhaith ar fad ag a gcúram ní chloisfidh siad féin fiú tar éis tamaill í.

Fág freagra ar 'Seachnaíodh airí nua na Gaeltachta na státseirbhísigh a deir nach féidir é'