An lá cheana agus mé i mbun eagarthóireachta ar m’úrscéal, bhí luas agus bús ar leith fúm. Pá! Aidiacht eile bainte amach! Búm! Míniú eile nach raibh gá leis curtha go tóin poill!
Ag druidim le luí na gréine a bhí sé agus faoin am sin bhí mé ag obair le huaireanta fada an chloig anuas. Bhí tamall ann ó bhí greim le hithe, cupán caife nó fiú sos leithris féin agam, ach ní raibh dua ar bith ag baint leis an obair agus shíl mé go bhféadfainn coinneáil orm go deo. Bhí mé sa staid intinne úd ar a dtugann lucht an Bhéarla ‘flow’.
Stad mé ar an bpointe boise.
Blianta fada ó shin, tháinig mé ar an tuiscint nach bhfuil an staid intinne sin le trust.
Cuimhním i gcónaí ar eachtra ghreannmhar a tharla sa teach caife a bhíodh agam i gcathair na Gaillimhe i mblianta tosaigh an chéid seo. Ar an Satharn, bhíodh sé chomh gnóthach sin nach mbíodh an t-am againn féin, an fhoireann, lón a ithe nó sos a thógáil – fiú amháin dá mbeinn féin agus na hoibrithe is mó a raibh taithí acu i mbun an tí. (Bhí an spás chomh beag sin nach bhféadfaí ach ceathrar a chur ag obair ann ag am céanna; dá gcuirfeá an cúigiú duine ag obair bheadh chuile dhuine sa bhealach ar a chéile.)
Aisteach go leor, thaitníodh na Sathairn sin linn. Chasadh muid suas an ceol go hard agus bhaineadh muid bús as an dúshlán a bhain le latte i ndiaidh latte a thabhairt amach, ceapaire i ndiaidh ceapaire a chur i dtoll a chéile agus na gréithe sa doirteal a choinneáil nite – gach rud gan rithim an cheoil a chailleadh.
Ar chaoi ar bith, tráthnóna Sathairn amháin agus an teach lán go béal agus mé féin agus na hoibrithe eile sa staid intinne sin, an ‘flow’, d’iarr duine de na custaiméirí buidéal blastán sailéid ar Réjane, an freastalaí ba sciobtha agus ab oilte againn ar fad (beidh cuimhne ag léitheoirí a bhí beo an t-am sin agus a thaithíodh an caifé uirthi – bean óg fhuinniúil as an bhFrainc a spalpadh Gaeilge leis na custaiméirí i gcanúint a chum sí féin agus nár cloiseadh ar Shráid Dhoiminic ó phós sí fear as Meiriceá agus ó bhog sí go Denver.)
Pé scéal é, níor thúisce an blastán sailéad iarrtha ag an gcustaiméir sin ar Réjane nó isteach sa chistineach le Réjane. Amach léi arís leathshoicind ina dhiaidh sin agus buidéal den leacht níocháin ina glac. Leag sí síos ar bhord an chustaiméara é, scairt ‘Seo duittt!’ in ard a glóir agus bhí sí ar ais sa chistineach, gréithe á ní aici, faoin am ar thuig sí cén fáth go raibh chuile dhuine ag gáire.
Ó shin i leith táim den bharúil gur staid intinne a chuireann an dallamullóg ar an duine atá sa riocht ar a dtugtar ‘flow’ agus go bhfuil sí chomh contúirteach céanna ag deasc an scríbhneora agus atá sí i dteach caife gnóthach. Bíonn gach rud ag dul chomh maith agus chomh sciobtha sin go gceapann tú nach féidir tú a chloí – ach is ansin a bhaintear amach sleachta nár chóir a bhaint amach, a dhéantar athruithe nach bhfuil ciall leo agus a dhoirtear caife ar an méarchlár.
Tabhair duarcán orm, ach seo mo bharúil féin: mura mbíonn dua ag baint le hobair na scríbhneoireachta, mura mothaíonn tú go bhfuil tú ag snámh in aghaidh easa, tá rud éigin cearr.
Jay
Aontaím!