Seachain achrann gan chúis ar Facebook is Twitter agus comhairle eile d’iarrthóir óg sa toghchán áitiúil

Tá comhairle ag ár gcolúnaí don duine óg atá ag smaoineamh ar fhogha a thabhairt faoi thoghchán áitiúil

Seachain achrann gan chúis ar Facebook is Twitter agus comhairle eile d’iarrthóir óg sa toghchán áitiúil

A iarrthóir óig,

Maith dom é iarrthóir toghcháin a thabhairt ort ó tharla nár fhógair tú fós go mbeadh tú ag seasamh i dtoghchán áitiúil na bliana seo chugainn. Ach táthar ag caint ort.

Seo mar a tharla.

Tar éis chrannchur na dticéad iomána sa chlub oíche Dé Céadaoin, labhair mé le fear a choinníonn súil ar an saol polaitiúil sa cheantar seo. Dúirt sé go mbeifeá an-oiriúnach mar iarrthóir toghcháin. Mar a dúirt scata eile liom roimhe.

‘Féach chomh dea-eagraithe a bhí an crannchur i mbliana,” a dúirt sé linn, “gan aon chlamhsán ina dhiaidh ná cúlchaint faoin Rúnaí agus a chairde srl. Dá mbeadh bean chomh cumasach léi toilteanach seasamh do pháirtí ar bith, bheidís breá sásta í a ainmniú.’

(Focal faoi na ticéid, mura miste leat, ar fhaitíos nach mbeadh duine de bhuaiteoirí an chrannchuir ábalta dul go Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Bheinnse buíoch díot dá gcuimhneodh an coiste, agus ticéad á bhronnadh ar dhuine éigin eile, ar mo shaothar leanúnach i rith na bliana mar roghnóir leis an bhfoireann faoi 14.)

Mar is eol duit, níl ach naoi mí fágtha go mbeidh comhairle contae nua á toghadh. Mar sin ní foláir do gach iarrthóir atá dáiríre a bheith gnóthach go luath.

Murar iarr páirtí amháin ar a laghad ort seasamh faoin tráth seo, bhíomar go léir ar aon tuairim go dtiocfadh siad chun cainte leat sula fada. Ar ndóigh, b’fhéidir go mb’fhearr leat dul chun cinn mar neamhspleách. Cibé conair a roghnaíonn tú, tá súil ag gach duine lenar phléigh mé an scéal go n-éireoidh go geal leat.

Chuige sin, shíl cuid againn go mb’fhiú an ríomhphost seo a cur chugat, ar bhonn príobháideach. Leis an bhfírinne a dhéanamh, níl ann ach focal comhairle ó dhaoine a bhfuil ardmheas acu ort, agus a bhfuil taithí acu ar chúrsaí polaitíochta.

Más mian leat seasamh sa toghchán áitiúil an 24 Bealtaine 2019, molaimid:

Tost, uaireanta. Ar ndóigh, beidh ort iliomad ábhar a phlé as seo dtí an toghchán. Ach ní call duit freagra cuimsitheach soiléir a thabhairt ar gach ceist ar an bpointe. Go háirithe mura bhfuil freagra stuama ullamh agat.

Smaoinigh, mar sin. Ná bíodh leisce ort a rá le daoine go gcuireann ábhar a chuireann as dóibh imní ortsa freisin. Ach abair leo gur mian leat breis eolais a fháil ina thaobh, plé agus machnamh a dhéanamh sula ndeir tú níos mó. Oirfidh stuaim mar seo duit ar gach bealach.

An t-ábhar machnaimh is tábhachtaí agus cinneadh faoi sheasamh á mheá agat: cén fáth a sheasfá? Ní ar chuspóirí pearsanta atáimid ag caint – glacaimid leis go mb’fhéidir gur mhaith leat a bheith id’ Theachta Dála uair éigin.
Smaoinigh i dtosach ar cheist níos áitiúla, agus níos praiticiúla. Cén fáth ar mhaith leat a bheith id’ chomhairleoir contae? Agus cén feabhas nó cén t-athrú a dhéanfadh leas an cheantair seo a d’fhéadfá a chur i gcrích dá dtoghfaí thú?

Ar mhaith leat dáiríre a bheith id’ chomhairleoir contae ar feadh cúig bliana? Cuimhnigh ar na cruinnithe go léir, sa chomhairle agus lasmuigh di, a mbeadh ort freastal orthu. Cuimhnigh ar na litreacha a bheadh ort a scríobh agus a fhreagairt, agus ar na freagraí a bheadh ort a fhreagairt, arís agus arís eile. Cuimhnigh freisin ar na daoine is achrannaí agus is cantalaí sa cheantar seo nach mbeidh aon dul as agat ach déileáil leo?

Ná bí id’ iarrthóir mura bhfuil tú sásta go bhfuil seans réasúnta ann go dtoghfar tú, agus go bhfuil tú féin meáite dáiríre ar gach dícheall a dhéanamh ionas go dtoghfar thú. Ní shásódh stocaireacht ‘ar son na cúise’ thú. Má tá amhras faoi seo ort, iarr comhairle ar dhaoine atá ar an eolas. Sinne san áireamh, ar ndóigh.

Breithnigh cúrsaí airgeadais go cúramach sula ndéanfaidh tú cinneadh go seasfaidh tú. Fiafraigh díot féin, ‘cé mhéad atáim ábalta/toilteanach a chaitheamh ar fheachtas toghcháin?’ Bí cinnte go mbeidh cathú mór ort ar ball cur leis an gcaiteachas a bhí beartaithe i dtosach agat.

Ceannaigh fón don saol polaitiúil. Rachaidh do shaol príobháideach ó smacht gan mhoill mura ndéanann tú idirdhealú soiléir idir do shaol príobháideach agus do ghnó polaitiúil. Beidh dhá ghléas fóin, dhá sheoladh ríomhphoist, dhá chuntas Twitter agus a leithéid ag teastáil go géar uait as seo amach.

Mura bhfuil máistreacht agat ar na meáin shóisialta, faigh cabhair gan mhoill. Íoc as más féidir leat duine iontaofa a aimsiú. Níl bealach níos éifeachtaí ar fáil chun scéal nó tuairim nó faisnéis a scaipeadh nó a dhíriú ar aicmí agus ar cheantair áirithe.

Seachain achrann gan chúis, go háirithe ar leithéidí Facebook agus Twitter. Mar is eol duit, tá scata mór daoine craiceáilte, claonta agus gránna i ngach áit. Is breá leo argóint gan mhaith, agus baineann siad sásamh ar leith as rudaí nimhneacha a rá, le mná go háirithe. Ná cuir am amú á bhfreagairt. Cuir na Gardaí ar an eolas gan mhoill más gá.

Téigh chun cainte le gach cineál duine sa cheantar, gach deis a fhaigheann tú. Faigh amach uathu céard atá ag cur imní orthu, agus céard a chuireann áthas orthu, nó fearg, nó dóchas.

Tá súil againn go léir nach gcuireann a bhfuil scríofa thuas an iomarca amhrais ort. Is iontach an cheird í an pholaitíocht, ach ná déan neamhaird de na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann léi mar ghairm.

Gach rath ort, cibé rogha a dhéanann tú.

Do chara thíos ar chúl an tseomra.

Fág freagra ar 'Seachain achrann gan chúis ar Facebook is Twitter agus comhairle eile d’iarrthóir óg sa toghchán áitiúil'