Seachain a pholaiteoirí go ndéanfaí leithcheal ar ár bpáistí

Léiríonn na figiúirí go raibh líon na ndaoine a raibh ar a gcumas a dteach féin a cheannach tite ó 60% sna seascaidí go dtí 32% i ndeireadh na n-ochtóidí

Seachain a pholaiteoirí go ndéanfaí leithcheal ar ár bpáistí

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

An mhian is mó a bhíonn ag an uile thuismitheoir nuair a thugann siad páiste ar an saol ná a ndícheall a dhéanamh dóibh agus a chinntiú go mbeidh saol níos fearr ag a gclann ná mar a bhí acu féin.

Go minic is i dtéarmaí oideachais a dhéantar an tomhas ar an dul chun cinn.

‘Ba é/í an chéad duine den chlann a d’fhreastail ar ollscoil.’

Glúin roimhe sin arís: ‘Ní dhearna aon duine eile sa teach an Ardteist.’

Chuir fógra Dhonncha Uí Mháille i ndeireadh na seascaidí go mbeadh oideachais dara leibhéal ar fáil saor in aisce don uile dhuine tús le réabhlóid mhór shóisialta in Éirinn a d’fhág go bhfuair daoine nach mbeadh ina acmhainn go dtí sin caighdeán níos fearr oideachais agus dá réir caighdeán saoil níos fearr.

Faraor, faoi láthair, de réir fianaise a foilsíodh an tseachtain seo is ar gcúl atá cúrsaí ag dul  don chéad ghlúin eile.

Tugann an taighde ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) le fios go bhfuil an baol ann go mbeidh an chéad ghlúin eile níos measa as. Tá cúrsaí tuarastail ina lánstad mar thoradh ar na géarchéimeanna éagsúla le tamall de bhlianta, ón tubaiste eacnamaíochta i leith.

Roimhe sin féin, bhí athrú suntasach ar chumas daoine óga tithe dá gcuid féin a cheannach. Léiríonn na figiúirí go raibh líon na ndaoine a raibh ar a gcumas a dteach féin a cheannach tite ó 60% sna seascaidí go dtí 32% i ndeireadh na n-ochtóidí.

Tá le fiafraí cá bhfuil an figiúr sin anois.

Ag dul chun donachta atá an scéal i gcónaí. Tá an ghéarchéim tithíochta i lár an aonaigh ó thaobh na polaitíochta in athuair. Baineann cuid de sin le daoine a bheith ag díriú ar fhadhbanna seachas Covid-19 arís. Baineann an chuid eile le méid na géarchéime agus tuiscint i measc na bpolaiteoirí go bhfuil an fhearg ag méadú i measc an phobail.

Teastaíonn ón Éireannach a theach féin a bheith aige. Más ón nGorta Mór nó Cogadh na Talún a thagann an dúil in úinéireacht tí, ní féidir a shéanadh go bhfuil sí ann. Arís agus arís eile deirtear linn gur chóir dúinn géilleadh do mhúnla na hEorpa do theach a bheith ar cíos agat ar feadh blianta fada.

Tá daoine á dhéanamh anois dá mbuíochas mar nach bhfuil fáil acu ar thithe atá siad in acmhainn a cheannacht.

Glacann na polaiteoirí leis go bhfuil fadhb le soláthar agus tógáil tithe. An deacracht is déanaí go bhfuil na tithe a thógtar á ndíol le creachchistí. Tá seifteanna á lorg leis an scéal sin a leigheas. Níor mhór iad sin a aimsiú go beo.

Faoi cheann leathbhliana beidh fothoghchán sa tír a thabharfaidh léargas dúinn ar mheoin an phobail i leith na bpáirtithe polaitiúla.

An dteastaíonn ó Fhianna Fáil agus Fine Gael, gurb í an oidhreacht a bheidh acu gur fhág siad óige na tíre níos boichte ná a dtuismitheoirí?

Gan ar a gcumas teach a cheannach ná a thógáil? I ndeireadh an lae an buille is mó a bhuailfidh tú go brách ar aon tuismitheoir ná dochar (ar aon bhealach) a dhéanamh dá gclann.

Fág freagra ar 'Seachain a pholaiteoirí go ndéanfaí leithcheal ar ár bpáistí'