Sé Michael oidhre James ach ní hé seo oidhre The Sopranos

Ba dheas filleadh ar dhomhan na Sopranos ach ábhar díomá é ‘The Many Saints of Newark’

Sé Michael oidhre James ach ní hé seo oidhre The Sopranos

Is cuma cad deir lucht leanta The Wire (2002-2008), nó go bhfóire Dia orainn, Breaking Bad (2008- 2013), ba é The Sopranos (1999 – 2007) an tsraith drámaíochta teilifíse is fearr a bhí riamh ann. Níl aon saothar eile acu in ann coinneal a choimeád leis. Carachtracht den scoth agus aisteoireacht chumasach ó Tony (James Gandolfini), Carmela (Edie Falco), Silvio (Steven Van Zandt), Paulie (Tony Sirico), Junior (Dominic Chianese), Livia (Nancy Marchand) agus a lán lán eile nach iad.

Bua sainiúil na sraithe ná go raibh an cumas céanna i gcarachtracht agus aisteoireacht na ngcarachtar tánaisteach is a bhí sna príomhcharachtair.

D’fhág an tsraith lorg ar an seánra agus ba é ba chionsiocair le ré órga na teilifíse a sheoladh chugainn. Bhíothas ag caint ar shaothar leantach de shaghas éigin ó tháinig an tsraith chun críche in 2007, ach faoi mar a dúirt Frank Vincent (a bhí i ról Philly Leotardo) is réamhshaothar a chaithfí a dhéanamh óir go raibh an oiread sin de na carachtair curtha de dhroim seoil. Thug David Chase an t-eiteach don mholadh ar feadh na mblianta agus bhásaigh James Gandolfini, fathach na sraithe, go hobann in 2013.

Ní fhéadfaí saothar leantach a dhéanamh ansin.

Thuigfeá do Chase; bheadh sé chomh maith agat a bheith ag iarraidh tine a adú ar loch ná bheith ag iarraidh go mbuailfeadh an tintreach faoi dhó i dtuaisceart New Jersey. Ar deireadh thiar chuaigh sé ar gor ar smaoineamh nua agus thoiligh sé filleadh.

Tugann an saothar seo sinn siar go deireadh na seascaidí agus isteach go lár na seachtóidí agus an Tony óg (Michael Gandolfini agus William Ludwig) ag teacht chun coinlíochta. Sé Dickie Moltisanti (Alessandor Nivola), athair Christopher na sraithe, atá mar cheann feadhna ar an saothar agus déantar cíoradh ar an ngaol a bhí aige le Tony mar aon leis an tionchar a bhí aige air.

Ar an mórgóir, agus in ainneoin maitheasaí áirithe a bheith sa saothar, ní éiríonn leis an bhfiontar. Ní mór duit The Sopranos a bheith feicthe agat leis na cúlraí agus conairí saoil éagsúla a thuiscint agus is cinnte go mbainfidh andúiligh na sraithe sásamh as na féiríní éagsúla a chaitear chugainn. Ar an drochuair is go liobarnach a caitheadh cuid acu seo isteach. Baintear casadh as croineolaíocht na sraithe ar shlí nach dtuigim agus nach raibh aon ghá leis. Rud beag a chuir as go mór dom ná nach raibh ach dhá bhliain idir Silvio agus Tony sa tsraith ach tá tuairim is deich mbliana eatarthu anseo. Agus bhí rian na geamaireachta ag baint leis an téama faoi ghruaig Silvio.

Bhí an greann dorcha agus an mífheilteachas lárnach sa tsraith ach tá sé go mór in easnamh anseo. Bhí formhór an ghrinn bainteach le carachtair a bheith ag caitheamh carúil uathu a bhain leis an tsraith; masla Junior le Tony maidir lena chumas a bheith ina “varsity athlete” mar shampla.

Go deimhin níor luigh an ráiteas sin le croineolaíocht na sraithe ach an oiread.

Rud amháin a bhí ag luí go trom ar Chase agus a chomhghuaillithe ná go raibh an oiread sin carachtar aige go raibh sé deacair iad ar fad a láimhseáil, b’fhéidir gurbh fhearr cuid acu a fhágaint amach. Ní bhfuaireas aon bhlas ar chuid de na carachtair nua, an dá charachtar a bhí ag Ray Liotta san áireamh. Ní bhfuaireas aon bhlas ach an oireadh ar an naimhdeas idir Dickie agus buíon coirpeach fé stiúir Harold (Leslie Odom Jr.). B’fhearr liom dá bhfanfaidís leis an bpolaitíocht agus eachtraí laistigh den teaghlach. Sé Junior an carachtar is ansa liom ón tsraith agus deineadh cac sleaidí de anseo agus ní raibh Corey Stoll oiriúnach don ról.

Ó thaobh na haisteoireachta de tá Michael Gandolfini tharr barr ar fad sa ról atá aige, ról nach bhfuil chomh mór sin. Címid an Tony críonna agus an t-athair nach maireann i ngothaí agus i bpearsantacht/taispeántais an fhir óig seo. Sé Michael an phríomhchúis gur cheart duit féachaint ar an saothar seo. Tugann Nivola taispeántas breá uaidh agus tá Vera Farmiga iontach chomh maith mar Livia, cé nach raibh an oiread sin ama aici ar scáileán.

Tá leithéidí Paulie agus Silvio chomh háiféiseach agus chomh sainiúil sin go mbeadh sé dodhéanta ag éinne seachas Sirico agus Van Zandt tabhairt fúthu.

Bheadh ar aon aisteoir dul i muinín na haithriseoireachta.

Ba dheas filleadh ar dhomhan na sraithe iontaí sin ach b’ábhar mór díomá an saothar seo.

Fág freagra ar 'Sé Michael oidhre James ach ní hé seo oidhre The Sopranos'