Tá an gearrliosta foilsithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post agus sé leabhar Gaeilge san iomaíocht ag Irish Book Awards na bliana seo. Seo an chéad uair riamh go mbeidh duais á bronnadh ar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards.
Fógraíodh an chatagóir nua ‘Gradam na Gaeilge’ i mí an Mheithimh agus í dírithe ar leabhair do dhaoine fásta.
Tá urraíocht á déanamh ar an gcatagóir nua Gaeilge ag ‘Love Leabhar Gaeilge’, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.
Is fiontar é Love Leabhar Gaeilge de chuid an chomhlachta margaíochta Gaeltachta Meas Media, atá lonnaithe i gConamara, agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge.
‘Gradam LoveLeabhar Gaeilge’ is ainm do duais nua a mbeidh seisear údar Gaeilge san iomaíocht di.
Is iad na leabhair atá ar an ngearrliosta do ‘Gradam LoveLeabhar Gaeilge’ , Fuascailt an Iriseora le Michelle Nic Pháidín (Cois Life), Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac) Táin Bó Cuailnge, le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac) Teach an Gheafta, le Cathal Ó Searcaigh (Leabhar Breac), Lámh, Lámh Eile, le Alan Titley (Cló-Iar Chonnachta) agus Ceannródaí: Luíse Ghábhannach Ní Dhufaigh, le Celia de Fréine (LeabharComhar).
Dúirt Alastair Giles, Príomhfheidhmeannach na Irish Book Awards gur cúis áthais dó an gradam nua a bheith bunaithe.
“Tá ríméad orainn go bhfuil catagóir speisialta againn do leabhair Ghaeilge i mbliana. Theastaigh uainn é seo a dhéanamh ar feadh tamaill anois ach ní raibh muid ábalta tabhairt faoi i gceart nó gur tháinig LoveLeabharGaeilge ar bord,” arsa Giles.
Fág freagra ar 'Sé leabhar Gaeilge ar ghearrliosta na Irish Book Awards agus gradam Gaeilge le bronnadh den chéad uair'