Sé bliana príosúin do David Drumm as comhcheilg chun calaois a dhéanamh

Dúirt an Breitheamh Karen O’Connor inniu gur ‘iompar náireach amach is amach’ a bhí i gceist le hiompar Drumm

Sé bliana príosúin do David Drumm as comhcheilg chun calaois a dhéanamh

Sa Chúirt Choiriúil Chuarda i mBaile Átha Cliath inniu, gearradh sé bliana príosúin ar David Drumm, an t-iarPhríomhfheidhmeannach ar an mBanc Angla-Éireannach a ciontaíodh i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh agus i gcuntasaíocht bhréagach.

Cuirfear san áireamh sa phianbhreith sin an cúig mhí go leith a chaith Drumm  i ngéibheann in Massachusetts.

Dúirt an Breitheamh Karen O’Connor inniu gur “iompar náireach amach is amach” a bhí i gceist le hiompar Drumm. Dúirt an Breitheamh nár bhain an maíomh gur ar mhaithe leis an mbanc a choimeád oscailte a bhí sé leis an gcás agus nár leithscéal a bhí sa mhéid sin dá “chaimiléireacht ná dá mhímhacántacht”.

Dúirt an Breitheamh go  raibh post ag Drumm a d’fhág go gcuirfí “muinín” ann, tráth “ar cheadaigh”, agus “ar stiúraigh” sé “scéim chalaoiseach mhí-ionraic”.

“Cion é seo a bhí réamhbheartaithe agus pleanáilte agus, go deimhin, de réir na fianaise, rinneadh go leor pleanála ar an gcalaois seo,” a dúirt an Breitheamh.

Níos túisce an mhí seo fuair giúiré naonúr fear agus triúr ban ciontach David Drumm i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh.

Ar an 86ú lá den triail, a bhí ar cheann de na trialacha coiriúla ab fhaide riamh sa stát seo, tar éis deich n-uaire an chloig ag scrúdú na fianaise, tháinig an giúiré ar fhíorasc ciontachta d’aon ghuth in dhá chúis in aghaidh an bhaincéara.

Cúisíodh é i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh ar thaisceoirí agus infheisteoirí Bhanc Angla-Éireannach trína thabhairt le fios go mí-ionraic go raibh na taiscí sa mbanc in 2008 €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre. Cúisíodh é chomh maith i gcuntasaíocht bhréagach trí eolas a chur ar fáil don mhargadh airgeadais go raibh €7.2 níos mó i dtaisce sa bhanc ná mar a bhí.

Phléadáil Drumm, as na Sceirí i mBaile Átha Cliath, neamhchiontach sa dá chúis.

Dúirt a chuid dlíodóirí gur ghlac Drumm leis gur tharla na hidirbhearta sin, arbh fhiú na billiúin euro iad, idir Anglo agus Irish Life and Permanent in 2008, ach níor ghlac sé leis go raibh siad mí-ionraic ná gur caimiléireacht a bhí ar siúl.

Fuair an giúiré go raibh Drumm ciontach i gcomhcheilg le Willie McAteer, iarStiúrthóir Airgeadais Anglo agus le John Bowe, Ceannasaí na Margaí Caipitil agus le Denis Casey, a bhí ina Phríomhfheidhmeannach ar Irish Life and Permanent ag an am sin, chomh maith le daoine eile. Gearradh téarma príosúin ar an triúr fear sin in 2016 as comhcheilg chun calaois a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Sé bliana príosúin do David Drumm as comhcheilg chun calaois a dhéanamh'