“Sé an gnéas agus an chispheil a thugann creideamh i nDia dom,” a deir Jerry Buss (John C. Reilly) linn go seanblastúil, fealsúnach i dtosach na mionsraithe teilifíse Winning Time: The Rise of the Lakers (Sky Atlantic agus Now TV). Tá an saothar bunaithe ar leabhar Jeff Pearlman agus tá ceithre ghála den chnuasach deich gclár scaoilte chugainn go dtí seo. ‘Séard a chuireann an mhionsraith roimpi ná cuntas a thabhairt ar ghaiscí cispheile fhoireann Los Angeles sna hochtóidí agus an tslí gur sheol na himreoirí agus a lucht bainistíochta ré nua cispheile chugainn. Bhí an oiread sin spleodair san imirt agus an oiread sin mórthaibhseachta in ionad an Forum gur baisteadh Showtime ar an tréimhse rathúil sin de chuid na foirne.
Maítear gurb iad Lakers na tréimhse sin, agus an iomaíocht idir Johnson agus Larry Birdy, a shlánaigh an NBA.
Tá tosach na mionsraithe gafa le cúlra na tréimhse sin, áfach. Conas mar a cheannaigh Jerry Buss na Lakers, conas mar tháinig Magic Johnson (Quincy Isaiah) chun imeartha leo agus conas mar a tháinig Pat Riley (Adrien Brody), Jack McKinney (Tracy Letts) agus Paul Westhead (Jason Segel) chun cóitseála chucu?
Léirítear dúinn go raibh an NBA i ngalar na gcás faoi dheireadh na seachtóidí agus mórán ag maíomh go raibh sé ar an dé deiridh. I radharc liobarnach amháin taispeántar piardaí an NBA in Nua-Eabhrac ag útamáil timpeall na hoifige is ag iarraidh teacht ar bhonn le caitheamh ionas go bhféadfaí an chéad rogha sa roghnúchán a shocrú.
Maítear go neamhbhalbh ag pointe amháin go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca daoine dubha sa spórt agus gurb é sin ceann de na cúiseanna go bhfuil an lucht féachaint agus sluaite á tréigean. Is léir nach leasc leis an saothar tráchtaireacht a dhéanamh ar chiníochas na tréimhse, ná ar an ngnéasachas ach an oiread. Lena chois sin ní chuirtear fiacail sna radharcanna leathair ach an oiread.
Tá fuadar faoin scéalaíocht le heascainí agus carúil á gcaitheamh ar dalladh. Cnuasach de phearsantachtaí ar leith agus iad go minic ag labhairt díreach leis an gceamara. Sinn siar is aniar idir tréimhsí ama difriúla agus éachtaintí á dtabhairt ar chúlraí na gcarachtar difriúil. Níl sárú Reilly ann le tabhairt faoi ról an éin choirr ach ba dhuine cumasach cliste é Buss agus nílim cinnte an bhfuil na gnéithe sin dá charachtar á dtabhairt leis ag Reilly chomh maith sin. Johnson (Isaiah) lán de shaontacht agus den bhuaileam sciath. Ní fhágtar na mná in áit na leathphingine agus róil thoirtiúla ag iníon Buss, Jeanie (Hadley Robinson) agus Claire (Gabby Hoffmann), feidhmeannach de chuid na gnólachta.
Níl mórán aicsin feicthe againn ar an gcúirt chispheile go fóill agus beidh sé suimiúil féachaint an láimhseálfar sin chun ár sástachta.
Cuntas greannmhar siamsúil ar thréimhse eachtrúil i stair na cispheile.
Fág freagra ar '‘Sé an gnéas agus an chispheil a thugann creideamh i nDia dom’'