Scrúdú fóiréinseach á dhéanamh ar chos mná a aimsíodh ar thrá Ghaeltachta

Cuireadh deireadh tráthnóna inné leis an gcuardach a bhí ar bun ag na Gardaí agus ag an nGarda Cósta i ndiaidh aimsiú taisí daonna i nGaeltacht Dhún na nGall

Scrúdú fóiréinseach á dhéanamh ar chos mná a aimsíodh ar thrá Ghaeltachta

Pictiúr le hAilbhe Ó Monacháin, Nuacht TG4

Tá scrúdú fóiréinseach á dhéanamh ar chos mná ar thángthas uirthi ar thrá an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall inné.

Cuireadh deireadh tráthnóna inné leis an gcuardach a bhí ar bun ag na Gardaí agus ag an nGarda Cósta i ndiaidh do na taisí daonna a bheith aimsithe.

Dúirt an Cigire David Kelly gur scrúdú DNA ar an mball coirp a shocródh cén cúrsa a leanfadh an fiosrúchán.

Dúirt sé áfach go raibh gné ar leith den scéal á fhiosrú ag na Gardaí.

Dúirt na Gardaí ar maidin nach raibh aon ráiteas eile le déanamh acu faoin scéal faoi láthair.

Bhí cuardach ar siúl fán chósta inné i dtaca le haimsiú na dtaisí daonna agus cuireadh tús le fiosrúchán.

Tuairiscíodh go raibh héileacaptar de chuid Gharda Cósta na hÉireann ag cuidiú le cuardach duine atá ar iarraidh le roinnt seachtainí.

Físeán le hAilbhe Ó Monacháin, Nuacht TG4

Fág freagra ar 'Scrúdú fóiréinseach á dhéanamh ar chos mná a aimsíodh ar thrá Ghaeltachta'